An bhfuil seans ar bith ag muintir na hÓmaí ar an bhfírinne?

Is uafásach an ní é a bheith ag fanacht naoi mbliana déag ar an gceart, ach faraor ní eisceacht iad muintir na hÓmaí

An bhfuil seans ar bith ag muintir na hÓmaí ar an bhfírinne?

Maraíodh 29, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc agus gortaíodh 22 duine i mbuamáil na hÓmaí naoi mbliana déag agus an t-am seo. An Fíor-IRA a bhí freagrach as an ionsaí ach níor ciontaíodh éinne. Anois tá gaolta le cuid de na mairbh chun an dlí a chur ar Phríomh-Chonstábla an PSNI faoi easnaimh san fhiosrú faoin uafás.

Ba í an eachtra ba mheasa riamh í i dTuaisceart Éireann agus méadaíodh ar an suaitheadh mar go raibh ‘na trioblóidí’ in ainm is a bheith thart. Iarracht ab ea é chun an tsíocháin a scrios ceithre mhí i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Theip ar an gcuspóir sin ach scanraigh sé an t-anam as daoine i gcéin agus i gcóngar. Bhí ógánaigh ón Spáinn, ó Shasana agus as Inis Eoghain i measc na n-íobartach comh maith le daoine as gach ceard de Chontae Thír Eoghain, iad ar fad bailithe ar an Ómaigh Lá Fhéile Muire sa bhfómhar, lá breá samhraidh i 1998.

Liosta le háireamh iad na fiosruithe, na tuarascálacha agus na cásanna cúirte a nocht na fabhtanna ar phóilíneacht i dtaca le faisnéis roimh an ionsaí agus sa bhfiosrú ina dhiaidh. Rinne Nuala O’Loan Ombudsman na bPóilíní scrúdú ar an gcás agus d’fhoilsigh sí a tuarascáil in 2001. Fuair sí amach gur tugadh faisnéis do Bhrainse Speisialta an RUC ar an 4 Lúnasa go raibh ionsaí ar phóilíní ar an Ómaigh beartaithe ar an 15ú lá. Sa gcomhad a chonaic an tOmbudsman bhí nóta faoin rabhadh ag rá “ní bhaineann leis an Ómaigh”. Thairis sin níor insíodh don RUC san Ómaigh faoin bhfoláireamh. Anuas air sin chinn sí nár roinneadh faisnéis leis na bleachtairí a bhí ag fiosrú an ionsaithe ina dhiaidh.

D’aithin athbhreithniú de chuid na bpóilíní iad féin in 2000 go raibh an fiosrú easnamhach agus go raibh gá le breis acmhainní ach níor deineadh tada faoi go ceann deich mí eile. In 2003 gearradh príosúnacht ar Michael McKevitt as stiúir sceimhlitheoireachta – coir nua a tugadh isteach de bharr uafás na hÓmaí. Ó thuaidh frítheadh Sean Hoey neamhchiontach as an mbuamáil in 2007 agus thit cás in aghaidh Seamus Daly as a chéile anuraidh. D’éirigh le cás sibhialta a thóg cuid de na teaghlaigh in aghaidh Michael McKevitt, Liam Campbell Colm Murphy agus Seamus Daly; céim as an gcoitiantacht ab ea an cás ach níor réitigh sé an t-éileamh ar an gceart.

Déanann an t-eascaire in aghaidh an Phríomh-Chonstábla, George Hamilton tagairt d’fhiosrú O’Loan agus ceann an RUC in 2000 chomh maith le tuairisc eile in 2014 inar nocht an tOmbudsman reatha, an Dochtúir Michael Maguire, go raibh sé dothuigthe nár gabhadh amhrastaigh sna laethanta tar éis na buamála. Tá na cásanna cúirte ar theip orthu san áireamh freisin, go háirithe na lochtanna a fuair an Breitheamh Weir ar fhianaise fhóiréinseach agus iompar na bpóilíní i gcás Sean Hoey.

Ní hí seo an chéad iarracht chun faisnéis a shracadh as na húdaráis sa chúirt. In 2002 thóg Laurence Rush ar maraíodh a bhean Elizabeth (Libby) san eachtra cás in aghaidh an Phríomh-Chonstábla agus an Státrúnaí faoi na heasnaimh ar láimhseáil faisnéise roimh an ionsaí agus an chaoi ar chlis an fiosrú ar na híobartaigh. Mhaígh sé gur ligeadh don uafás tarlú agus nár fiosraíodh é mar ba chóir. Tugadh an t-eiteachas dá iarratas i dtosach ach ceadaíodh é ar achomharc. Fuair Laurence Rush bás gan toradh ar a shaothar ach tá an teaghlach ag dul ar aghaidh lena chás.

Cá bhfios cé mar a éireoidh le ceachtar cás. Is uafásach an ní é a bheith ag fanacht naoi mbliana déag ar an gceart, ach faraor ní eisceacht iad muintir na hÓmaí. Níl mí nach mbím ag scríobh anseo faoi íobartaiagh atá sa tóir ar eolas nó ar chúisimh ach nach dtugtar blas airde orthu. I bhfianaise na siléige oifigiúla maidir le córas chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dtrioblóidí ní hiontas daoine a bheith ag dul i muinín athbhreithnithe breithimh agus ionchoisní, ach níl an rogha sin ag gach éinne. Níl faic eile á dhéanamh chun cabhrú le híobartaigh. Maítear anois nach féidir gníomhú ‘cheal feidhmeannas i Stormont’.

Raiméis.

Ní fhacamar fianaise ar bith go raibh Stormont toilteanach ná ábalta a dhul i ngleic leis an scéal. Go deimhin is cosúil gurb í an pholaitíocht an fhadhb – gan malairt cur chuige is baolach nach bhfuil faoiseamh ar bith i ndán d’íobartaigh. Is fiú cuimhneamh air sin cothrom an lae ar tharla sléacht na hÓmaí.

Fág freagra ar 'An bhfuil seans ar bith ag muintir na hÓmaí ar an bhfírinne?'