An bhfuil na vótóirí Latino á gcur ó dhoras ag Donald Trump?

TOGHCHÁN SAM: Níor thaitin jócanna ciníocha a rinneadh ag slógadh de chuid Donald Trump le gairid leis an bpobal fairsing Latino sna Stáit Aontaithe – ach ní hionann sin agus a rá go dtacóidh an pobal Latino, a bhfuil tábhacht ar leith lena vóta, le Kamala Harris

An bhfuil na vótóirí Latino á gcur ó dhoras ag Donald Trump?

‘Chuala mé go bhfuil oileán iomlán déanta as dramhaíl ar foluain i lár an aigéin dáiríre,’ a dúirt an fear grinn iomráiteach Tony Hinchcliffe oíche Dhomhnaigh seo a chuaigh thart.

‘Pórtó Ríce an t-ainm atá air, dar liom!’

Drochjóc, ach ar an drochuair do Donald Trump bhí an drochjóc sin á dhéanamh ag slógadh dá chuid siúd i Madison Square Garden, i gcathair Nua-Eabhrac. I jóc conspóideach eile, dúirt Hinchcliffe gur dream iad an pobal Latino ‘a dtaitníonn sé leo go leor leanaí a chur ar an saol’.

Bhí spraoi agus spleodar, mar dhea, á gcur san imeacht ag Hinchcliffe sula dtiocfadh Trump féin i láthair. Thaitin a chuid jócanna leis an slua. Ach gan dabht níor thaitin siad leis an bpobal Latino ar chor ar bith, agus bhí deifir ar fheachtas Trump ráiteas a chur amach ‘nach ionann an jóc sin agus tuairim Donald Trump ná a fheachtais’.

 

Bhí deifir leis sin toisc gur fhógair Bad Bunny, réalta mhór rapcheoil agus tionchaire tábhachtach de bhunadh Phórtó Ríce, gur fhógair sé siúd díreach tar éis do Hinchcliffe a chuid jócanna a dhéanamh gur le Kamala Harris a bheadh sé féin ag tacú.

De réir dhaonáireamh 2020, tá cónaí ar 65.3 milliún duine de bhunadh Latino sna Stáit Aontaithe, nó 19.5 faoin gcéad den daonra*, agus tá áiteanna ann – an traein ar a bhfuilim faoi láthair mar shampla, i gcroílár stát Florida – a gcloisfeá níos mó Spáinnise nó go deimhin Criól Háítí ann ná Béarla.

D’fhéadfadh sé go mbeadh vóta cinniúnach ag an bpobal Latino i gcoitinne i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo, rás ina bhfuil na hiarrthóirí, Donald Trump agus Kamala Harris, gob ar ghob agus ina bhféadfadh cúpla scór míle vótaí an difear a dhéanamh.

Tarlaíonn sé go bhfuil pobal Latino an-mhór i gceann de na seacht Swing States, nó stáit idir eatarthu, Nevada.

Dé Domhnaigh, an lá céanna a ndearnadh na drochjócanna sin ag slógadh Trump, thug Harris cuairt ar bhialann Phórtó-Ríceach in, iontas na n-iontas, Pennsylvania – an Swing State is tábhachtaí de na seacht stát chinniúnacha sin ar fad.

Ach cén fáth a bhfuil tábhacht chomh mór sin le vóta an phobail Latino sa toghchán uachtaránachta seo? Is é an chaoi go bhfuil an pobal Latino ar cheann d’fhíorbheagán dreamanna sna Stáit Aontaithe nach bhfuil a n-intinn déanta suas go hiomlán acu go fóill faoin vóta a chaithfidh siad ar an 5 Samhain.

I bhfocail eile, b’fhiú go mór an iarracht a dhéanamh a gcuid vótaí a mhealladh.

Is cinnte nach dtaitníonn caint fhrithinimirceach Donald Trump leis an bpobal Latino – ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de ach oiread go gcaithfidh siad vóta don iarrthóir Daonlathach Kamala Harris dá bharr sin.

Dream cráifeach, sách coimeádach iad cuid mhór den phobal Latino, agus lena chois sin, úinéirí siopaí nó gnóthaí beaga cuid mhór acu. Go traidisiúnta, dá bharr sin, bheadh bá acu leis an bPáirtí Poblachtánach.

B’fhéidir go bhféadfaí a rá, mar sin, nach ann ar chor ar bith do ‘an’ vóta Latino, ach gur daoine iad na vótóirí Latino a dhéanfaidh a gcinneadh ina nduine is ina nduine, bunaithe ar a dtuiscintí agus a dtuairimí pearsanta féin – go díreach mar a mbeifeá ag súil leis ó vótóirí, dáiríre.

* Aisteach go leor, cé gur ‘dúiche’ (territory) de chuid na Stát Aontaithe Pórtó Ríce féin, níl cead ag an 3 mhilliún duine a bhfuil cónaí orthu ar an oileán sin vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Stát Aontaithe – an toghchán seo san áireamh. Ach tá cónaí ar 6 mhilliún de bhunadh Phórtó Ríce sna Stáit féin, agus tá cead acusan vótáil.

Fág freagra ar 'An bhfuil na vótóirí Latino á gcur ó dhoras ag Donald Trump?'