An bhfuil lucht an airgeadais ag tabhairt droim láimhe leis an mbaincéireacht trasteorann?

Buille trom do bhailte tuaithe, d’oibrithe agus do chustaiméirí é cinneadh Bhanc na hÉireann 103 brainse a dhúnadh 

An bhfuil lucht an airgeadais ag tabhairt droim láimhe leis an mbaincéireacht trasteorann?

Buille trom do bhailte tuaithe, d’oibrithe, do chustaiméirí agus don gheilleagar is ea plean Bhanc na hÉireann 103 brainse a dhruidim thuaidh agus theas. Sa Tuaisceart tá breis agus leath na mbrainsí le dúnadh agus an brú glacadh le baincéireacht dhigiteach ag treisiú beag beann ar cheantair a bheith gan seirbhísí leathanbhanda nó aois na dtomhaltóirí.

Ag teacht sna sála ar chinneadh Nat West go n-aistarraingeofaí Banc Uladh as an bPoblacht cothaíonn an cinneadh amhras go bhfuil lucht an airgeadais ag tabhairt droim láimhe leis an mbaincéireacht trasteorann a bhí seanbhunaithe. Bhí imní le tamall go n-aistarraingeodh Banc na hÉireann as an Tuaisceart mar go mbeadh eacnamaíocht an deiscirt agus an tuaiscirt ag scaradh óna chéile de bharr an Bhreatimeachta. Faoiseamh é nach bhfuil an plean chomh holc sin ach is creimeadh mór ar sheirbhísí é. 

Tá dílseoirí ag casaoid le bliain go leith go bhfuil eacnamaíocht uile-Éireann á brú orthu in aghaidh a dtola ag margadh Boris Johnson leis an Aontas Eorpach. Tharlódh gur faoiseamh dóibh an cúlú ó bhaincéireacht trasteorann. Tá líon na mbancanna atá i mbun gnóthaí thuaidh theas laghdaithe go péire – Banc na hÉireann agus Banc Aontas Éireann, cé go bhfuil an feachtas in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta ag déanamh neamhshuim de. Ní bhaineann an Prótacal le seirbhísí airgeadais.

Ocht mbliana ó shin bhí os cionn dhá scór brainse ag Banc na hÉireann i dTuaisceart Éireann. Thit sé sin go 28. ‘Sé an plean anois 15 as an 28 sin a dhruidim, 54% den iomlán. Deir an Banc nach raibh custaiméirí ag triall ar na brainsí le cúpla bliain anuas. Caithfear a rá go raibh sé ionann is dodhéanta le linn na paindéime. Thairis sin chuir an banc brú ar chustaiméirí a ngnóthaí a dhéanamh ar líne; chothaigh na bancanna an t-athrú cultúir.

Tá sé furasta ag ár bhformhór ár ngnó a dhéanamh ar líne ach ní fheileann sé do gach duine. Is iad na seandaoine, an dream is leochailí, is mó a bheidh thíos leis an réimeas nua, go háirithe daoine nach bhfuil in ann ag an mbaincéireacht ar líne. Níl se éasca ag gach duine bealach taistil go dtí an baile is gaire dó a fháil. Mairg don té a bheadh ag súil go ndéanfadh bainc cúram de riachtanais shóisialta ach ní hiad sin amháin atá i gceist.

Céard faoi na siopaí beaga – a athosclófar go luath, tá súil againn? Céard a dhéanfaidh siad leis an airgead tirim ag deireadh an lae nó deireadh na seachtaine nuair nach bhfuil banc i bhfoisceacht deich mile nó níos mó díobh? Cad iad na himpleachtaí slándála a bhaineann le hairgead tirim, dá laghad é, a choinneáil sa teach? 

Buille eile d’oibrithe is ea fógra Bhanc na hÉireann. Maítear gur thart ar 120 fostaí atá i gceist sna 15 brainse atá le druidim. Bhí líon na n-oibrithe i mbrainsí laghdaithe le roinnt blianta anuas agus córas uathoibríoch in úsáid. Idir an 120 sin agus na céadta oibrí i mBanc Uladh abhus a bhí fostaithe mar chúltaca don Bhanc sa Phoblacht beidh líon mór daoine i mbaol dífhostaíochta. Cén seans a bheas acu ar fhostaíocht san earnáil chéanna? Nó obair ar bith a fháil agus an eacnamaíocht ina praiseach i ndiaidh na paindéime? 

Is maith atá a fhios go mbeidh geilleagar an tuaiscirt faoi bhrú ollmhór. Beifear ag faire go géar ar bhuiséad Rishi Sunak, Seansailéir an Státchiste inniu agus Stormont ag tabhairt foláirimh go mbeidh géarchéim ann mura dtagann Whitehall i gcabhair orthu. 

Fág freagra ar 'An bhfuil lucht an airgeadais ag tabhairt droim láimhe leis an mbaincéireacht trasteorann?'