An bhfuil Fianna Fáil ar an mbealach ar ais chun cumhachta?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí le straitéis Fhianna Fáil i leith an Rialtais agus i leith Shinn Féin

An bhfuil Fianna Fáil ar an mbealach ar ais chun cumhachta?

Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá borradh faoi Fhianna Fáil anois agus iad ag barr na bpobalbhreitheanna arís.  Agus tá an páirtí ag éirí níos muiníní ná riamh go bhfuil siad ar an mbealach ar ais.

Bunaithe ar na figiúirí is déanaí bheadh Fianna Fáil chun tosaigh cinnte ar Fhine Gael, ach fós ní bheidís in ann rialtas a chur le chéile gan tacaíocht óna n-iarnaimhde.

Mar sin féin, creideann an páirtí go bhfuil ag éirí go maith lena straitéis. Is é an cur chuige atá acu ná seasamh leis an rialtas agus, ag an am céanna, labhairt amach i gcoinne rudaí nach dtaitníonn leis an bpobal agus labhairt ar son aon rud a thaitníonn leo.

Tá tacaíocht an pháirtí ag dul i méid le tamall, agus is léir gur mó an buntáiste dóibh ná d’Fhine Gael an socrú rialtais atá ann faoi láthair.

Ba léir sna pobalbhreitheanna le tamall anuas go raibh deacrachtaí ag an bpáirtí dul chun cinn a dhéanamh sa phríomhchathair agus i measc daoine óga.

I mí Dheireadh Fómhair, mar shampla, bhí tacaíocht 14% ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath (17% a bhí ag Sinn Féin), ach sa phobalbhreith is deireanaí ón Irish Times bhí Fianna Fáil chun tosaigh ar Shinn Féin sa chathair, 22% in aghaidh 13%.

Más féidir le Fianna Fáil an tacaíocht seo a chinntiú tiocfaidh feabhas mór ar chúrsaí dóibh sa chéad olltoghchán eile agus caillfidh Sinn Féin suíochán nó dhó.

Ar ndóigh sin cuid den straitéis atá ag Fianna Fáil: ionsaithe leanúnacha a dhéanamh ar Shinn Féin (agus ar Gerry Adams mar uachtarán ar an bpáirtí sin), le hamhras a mhúscailt i measc lucht na meánaicme faoi dhintiúirí Shinn Féin agus le tacaíocht a mhealladh ar ais i measc lucht oibre na gcathracha.

Tá sé deacair a shamhlú go nglacann aon duine leis na gearáin atá á ndéanamh faoi Austin Stack is eile, ach cén míniú eile atá ar an scéal?

Cinnte, tá Sinn Féin i ndiaidh easpa cinnteachta a chothú i measc a lucht tacaíochta atá naimhdeach don Aontas Eorpach, ach tá Fianna Fáil seacht n-uaire níos measa i dtaobh na ceiste sin. Fiú má tá tacaíocht Shinn Féin ag laghdú mar gheall ar a gcur chuige i leith na hEorpa, is cinnte nach bunaithe ar a gcur chuige siúd i leith na ceiste céanna atá tacaíocht Fhianna Fáil ag dul i méid.

Go dtí seo bhí sé éasca a cheapadh go raibh tacaíocht na meánaicme ag Fianna Fáil athuair mar gheall ar laigí an rialtais agus pleidhcíocht leithéidí Shane Ross, ach go háirithe.

Ach is cosúil anois go bhfuil cuid thábhachtach den aicme oibre sásta faillí Fhianna Fáil a ligean i ndearmad agus muinín a chur arís sa bpáirtí le muid a stiúradh as tubaiste na géarchéime.

Mar sin, cé go dteastaíonn uathu Fine Gael a choinneáil faoi bhrú, aithníonn siad i gcónaí gurb iad Sinn Féin an namhaid is tábhachtaí. Ní bheidh aon mhaolú mar sin ar na hionsaithe ar Shinn Féin, is cuma cén ‘praghas’ a bheidh le híoc i dtaobh ‘phróiseas na síochána’.

Is fiú a lua nach bhfuil aon mholtaí ag Fianna Fáil maidir leis na polasaithe ba chóir a bheith á gcur chun cinn sna Sé Chontae.  Níl á dhéanamh acu ach Sinn Féin a ionsaí agus amhras a chaitheamh ar an gcomhrialtas leis an DUP.

Cinnte, b’fhearr le Fianna Fáil an SDLP a fheiceáil i mbarr a réime arís i measc an phobail náisiúnaigh, ach ní tharlóidh sé sin. Is é aidhm na n-ionsaithe ná Sinn Féin a laghdú ó dheas.

Glacfaidh an mheánaicme leis seo go fonnmhar, ach céard faoin gclaonadh i leith an Phoblachtánachais taobh istigh d’Fhianna Fáil féin?

Bheadh cúis mhaith ag Bertie Ahern, mar shampla, tabhairt faoi Mhicheál Martin, ach tá Ahern ag brath ar mheon an phoblachtánachais sa pháirtí le comhbhá a chothú dó.

Ní féidir an clú a bhain sé amach mar gheall ar a ról sa phróiseas síochána a bhaint de.  Mar sin féin, nuair a dúirt Ahern gur thuig sé cén fáth nach bhféadfadh Adams ainmneacha daoine san IRA a thabhairt maidir le cás Stack, bhí údarás ag baint lena chuid cainte.

Tá Ahern ar an imeall, ámh, agus fiú na daoine a bhfuil comhbhá pearsanta acu leis, cuireann siad fáilte mar sin féin roimh ionsaithe ar Shinn Féin a fhágann rian ar sheasamh Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna.

Ar ndóigh, níl a ndóthain déanta ag Fianna Fáil go fóill le go mbeadh siad in ann an cineál rialtais a theastaíonn uathu a chur ar bun.

Ach tá siad ar an mbealach, agus is ábhar machnaimh é sin d’Fhine Gael is don eite chlé araon.

Fág freagra ar 'An bhfuil Fianna Fáil ar an mbealach ar ais chun cumhachta?'