‘An Bhandáil’ á tionól i gCathair na dTreabh anocht

Beidh ceathrar cainteoirí mná ar an bpainéal ag an ‘mBandáil’ in Amharclann Árus na nGael i gcathair na Gaillimhe anocht le ‘cumhachtaí agus laigí na mban’ a phlé

‘An Bhandáil’ á tionól i gCathair na dTreabh anocht

Reáchtálfar ‘An Bhandáil’ mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan in Amharclann Áras na nGael ar Shráid Doiminic i nGaillimh anocht.

Beidh Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir de chuid TG4, Barbara Nic Dhonnacha, láithreoir de chuid 4fm agus Raidió na dTreabh, Linda Bhreathnach, aisteoir agus stiúrthóir scannán, agus Ursula Ní Shabhaois, blagálaí, ag labhairt ag an ócáid a gcuirfear tús léi ag 19.30 anocht.

‘Cumhachtaí agus Laigeachtaí na mBan’ an téama a bheidh faoi chaibidil ag na cainteoirí agus súil ag eagraí na hócáide, Emma Ní Chearúil ó Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe, go mbeidh plé “sách dearfach” ann cé go bhfuil ceisteanna eile atá “tromchúiseach” le plé.

“Ní bhíonn idirdhealú soiléir idir cumhachtaí agus laigeachtaí na mban i gcónaí. Is minic a deirtear, mar shampla, go bhfuil mná lag toisc iad a bheith goilliúnach nó lán mothúchán.

“Ach bíonn caidreamh speisialta, cumhachtach idir mná agus comhráite spreagúla tábhachtacha eatarthu de bharr na dtréithe céanna sin, agus ar an gcaoi sin, is bua é. Táimid ag iarraidh ardán a chothú do na comhráite sin agus iad a bheith oscailte do chuile dhuine,” a dúirt sí.

Tá súil ag Ní Chearúil ócáid rialta a dhéanamh den Bhandáil agus ceisteanna eile, atá “níos tromchúisí”, a phlé – cearta na mban, cuótaí inscne agus ceisteanna eile.

“Ach anocht, tá muid ag iarraidh an chéad chéim a thabhairt, agus ag iarraidh go bhfágfaidh daoine an tÁrus agus spreagadh faighte acu leis an gcomhrá a choinneáil beo agus comhráite eile a thosú,” a dúirt sí.

Bhí imeachtaí ar siúl san ionad ó mhaidin le comhcheiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge, atá faoi lánseol. Taispeánfar an scannán He Named Me Malala i ndiaidh na Bandála anocht agus beidh ceardlanna ealaíne agus eile ar siúl i gcaitheamh na hoíche, á reáchtáil ag ealaíontóirí mná na Gaillimhe. Beidh an Bhandáil á sruthú beo ar leathanach Facebook Árus na nGael. Beidh costas €5 ar an doras agus is chuig an gcarthanacht, COPE na Gaillimhe a rachaidh an brabach.

Fág freagra ar '‘An Bhandáil’ á tionól i gCathair na dTreabh anocht'