Caitear le daoine faoi mhíchumas ar bhealach atá míchothrom, míchóir, agus mícheart

Is drochtheist ar ár bpoblacht go gcuirtear laincisí ar dhaoine faoi mhíchumas sa tslí is nach bhfuil bheith istigh acu sa tsochaí agus scéal é seo a chaithfear dul i ngleic leis sa Bhuiséad, a deir Martin Naughton

13/1/2015 The Health Service Executive (HSE) launched the National Guidelines on Accessible Health and Social Care Services today in the Atrium of the Mater Hospital in Dublin. Pictured speaking at the launch is Martin Naughton, advocate for people with disabilities. The HSE guidelines give practical guidance to all health and social care staff on how they can provide accessible services to patients and clients with a disability. Photo Mark Stedman/Photocall Ireland
Martin Naughton. Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá 600,000 ag maireachtáil in Éirinn a bhfuil míchumas nó tinneas ainsealach orthu. Is ionnan é sin agus 13% de dhaonra na tíre seo.  Ar bhonn náisiúnta, tá míchumas ar dhuine as gach ochtar. Is ceist don phobal ar fad í seo a ghoilleann ar dhaoine de gach aois, a muintir agus a gcairde. Cuir san áireamh gur mac, iníon, deartháir, deirfiúr, máthair nó athar gach duine acusan atá faoi mhíchumas agus is léir fadhb í an easpa tacaíochta a thugtar dóibh a bhaineann le céatadán níos mó fós den phobal.

Botún coitianta é a cheapadh go mbaineann ceist an mhíchumais le haon ghrúpa daoine amháin. Is í fírinne an scéil ná gur cúis imní dúinn ar fad an cheist seo.

Ceist thábhachtach do phobal na hÉireann í a mbíonn ar bheagnach cách ionramháil a dhéanamh uirthi luath nó mall, go háirithe mar gur mó go mór an seans go mbeidh duine faoi mhíchumas de réir mar a théann sé in aois. Má thugtar aghaidh dáiríre ar na bearnaí tromchúiseacha atá ann sna seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas, déanfaidh sé leas an phobail ar fad.

Ba bhuille tubaisteach don tír seo an ghéarchéim eacnamíochta agus chuaigh na fadhbanna a bhain léi i bhfeidhm go mór chomh maith ar dhaoine atá faoi mhíchumas. Ón mbliain 2008, tá creimeadh mór déanta ar na seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil don té atá faoi mhí chumas. Mar thoradh sin, is túisce go mbíonn an té atá faoi mhíchumas ag maireachtáil go beo bocht.

Léiríonn an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála is déanaí gur beo bocht agus gan aon teacht as acu a bhí 53% de dhaoine nach raibh ar a gcumas dul ag obair toisc iad a bheith faoi mhíchumas nó tinneas a bheith orthu. Údar imní is ea an méid sin d’on duine ar spéis leis sochaí bunaithe ar chothrom na féinne.

Agus sinn ar thairseach thréimhse chinniúnach maidir leis an dtéarnamh eacnamaíochta, is den riachtanas é nach bhfágtar ar an dtrá fholamh daoine atá faoi mhíchumas agus a muintir.  Agus an geilleagar ag teacht chuige féin, ní foláir cothrom na féinne a thabhairt do chách agus beartais ar leith a chur i gcrích chun teacht i gcabhair orthu siúd ar fágadh i leataobh iad le linn na géarchéime.

Dheimhnigh an tAire Airgeadais Michael Noonan le déanaí go mbeadh €1.5 billiún ar fáil dó ar mhaithe le ciorrú a dhéanamh ar chánacha agus ardú a dhéanamh ar chaiteachas. Agus an maoiniú sin ar fáil, caithfear é a chaitheamh orthu siúd is mó a bhfuil gá acu leis. Tá géarghá lena chinntiú go gcuirtear tacaíocht ar fáil do dhaoine agus go mbíonn teacht go héasca acu ar an gcabhair leighis atá uathu ionas gur féidir le daoine faoi mhíchumas neamhspleáchas a bheith acu amhail a muintir agus a gcomharsana.

Is é lomchlár na fírinne gur iomaí laincis a chuirtear ar dhaoine faoi mhíchumas a bheith iomlán rannpháirteach i sochaí na Poblachta seo, údar bróin ann féin. Tá sé seo míchothrom, míchóir, agus mícheart agus caithfear dul i ngleic leis más fúinn náisiún níos cothromaí a bheith againn. An-deis é Buiséad 2016 don Rialtas an méid sin a dhéanamh.

Ní chuirtí dóthain maoiniú ar fáil le haghaidh seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas sa tír seo san am a caitheadh, rud a d’fhág gur mheasa go mór an scéal a rinneadh ciorrú ar na seirbhísí céanna le le linn an chúlaithe eacnamaíochta agus buille uafásach tugtha do lucht a n-úsáidte.  Níl dóthain teacht, ná baol air, ag daoine ar sheirbhísí mar fhisiteiripe, teiripe urlabhra agus teanga, cúntóirí pearsanta agus acmhainní eile tacaíochta a bhfuil géarghá leo.  Ní hamháin sin ach níl daoine faoi mhíchumas i dteideal cur isteach ar chláracha fostaíochta agus gníomhachtáin, rud a fhágann níos scoite fós iad ón margadh saothair sa chaoi is gur deacair dóibh postanna a fháil.

Tá méid áirithe bunghníomhartha á n-éileamh ag Cónaidhm na hÉireann um Míchumas ar Rialtas na hÉireann mar chuid dá aighneacht buiséid, mar atá:

1. Íocaíochtaí míchumais a mheadú le €20 sa tseachtain san am i láthair, sa chaoi is go laghdófar costais mhíchumais.

2. €325 sa bhliain a chur leis an deontas cúram faoisimh  suas sa chaoi is go mbeidh sé ag an leibhéal céanna is a bhí sé roimh aimsir na déine.

3. An Deonas Athchóirithe Tí a mhéadú le €30 milliún chun tacú le daoine faoi mhíchumais atá ina gcónaí i bpobail i láthair na huaire.

4. Liostaí feithimh le haghaidh príomhsheirbhísí sláinte a ghearradh ina leath faoin mbliain 2017. 

5. An buiséad le haghaidh sláinte mhíchumais a mhéadú le €50 milliún gach bliain as seo go ceann trí bliana.

Agus lucht na Dála seo á bprapáil féin i gcomhair an bhuiséid dheiridh roimh an Olltoghchán, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na páirtithe agus na polaiteoirí go léir a gcuid machnaimh ar an gceist seo a leanas: Cén oidhreacht a fhágfaidh an Rialtas seo ina ndiaidh i dtaca le ceist an Mhíchumais de?

Is iomaí gealltanas tugadh do dhaoine faoi mhíchumas agus dá ngaolta san am a caitheadh. Is gá go ndéanfadh lucht déanta an ghealltanais sin beart de réir a mbriathair anois. Is gá dúinn cloisteáil faoi phleananna lánmhaoinithe an Rialtais sa Bhuiséad seo agus na pleananna sin a fheiceáil. Is gá freisin go mbainfeadh gach duine sa tír leas as torthaí na bpleananna sin.

Ní féidir aon téarnamh a bheith ann dár n-uireasana.  Is gá tús áite a thabhairt sa bhuiséad d’acmhainní tacaíochta agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas sa chaoi is gur féidir leo bheith ar comhchéim lena gcomhshaoránaigh.

Oifigeach Tacaíochta é Martin Naughton ag Cónaidhm na hÉireann um Míchumas

Fág freagra ar 'Caitear le daoine faoi mhíchumas ar bhealach atá míchothrom, míchóir, agus mícheart'