An bás atá i ndán d’Fhianna Fáil má fhanann siad ina ngiollaí ag Fine Gael

Mura gcuirtear stop le meath Fhianna Fáil is ar éigean go mbeidh páirtí ar bith ann i ndiaidh tamaill

An bás atá i ndán d’Fhianna Fáil má fhanann siad ina ngiollaí ag Fine Gael

Céard atá i ndán d’Fhianna Fáil anois agus tacaíocht an pháirtí tite go dtí 10%, laghdú mór ar an 22% suarach a fuair siad in olltoghchán mhí Feabhra.

Ní rud tobann an titim seo sna pobalbhreitheanna go deimhin.  Fuair Fianna Fáil 22.2% san olltoghchán, ansin thug pobalbhreith ag Amárach 18% dóibh an tseachtain ina dhiaidh. I mí an Mhárta idir 18% agus 20% a bhí acu de réir Red C agus Behaviour and Attitudes agus i mí na Bealtaine bhí siad ag 14% ag Red C agus 16% ag an Mail on Sunday.

I mí an Mheithimh bhí an páirtí tite arís: 14% ag Ipsos MRBI agus 13% ag an Mail on Sunday.  Ansin tháinig meath eile orthu. 12% a tugadh dóibh sa Mail on Sunday i mí Iúil agus 11% a bhí acu de réir  an nuachtáin chéanna i mí Lúnasa. An tseachtain seo caite ag 10% a bhí siad de réir Red C.

Titim leanúnach, mar sin. Agus mura gcuirtear stop léi go luath is ar éigean go mbeidh páirtí ar bith ann i ndiaidh tamaill.

Ní raibh aon fhreagra ag lucht ceannaireachta an pháirtí air seo ach a fhógairt go gcuirfidís feabhas ar an gcaoi go gcuireann siad a dteachtaireacht os comhair an phobail – amhail is go gcreideann siad go n-imeoidh an fhadhb léi mura dtugann siad aon aird uirthi.

Nuair a dúirt an Teachta Dála agus iar-leascheannaire an pháirtí Éamon Ó Cuív go raibh géarchéim ann agus nach raibh Micheál Martin ag dul i ngleic léi mar ba chóir, ionsaíodh é sa bpáirtí ar an gcúis nár léirigh sé dílseacht dá gceannaire is dá dTaoiseach. Ceannaire atá ag scriosadh an pháirtí.

Cinnte ní leigheasfar an ghéarchéim le cruinnithe idir airí rialtais agus cúlbhinseoirí.  Tá ceist i bhfad níos bunúsaí le cur i bhfianaise na bhfíricí ar an talamh, agus is é sin, céard dó atá Fianna Fáil ann, is cén ról atá in ndán dóibh sa pholaitíocht?

Faoi cheannas Mhicheál Martin dhírigh an páirtí a n-aird ar fad ar an meánaicme. Fuair  lucht an cheannárais réidh le hiarrthóirí ón lucht oibre, ar nós David McGuinness i mBaile Átha Cliath Thiar agus Dáithí de Róiste i mBaile Átha Cliath Lár Theas, cé gurbh iadsan a dhein an obair ar an talamh i ndiaidh thubaiste 2011 chun atógáil a dhéanamh ar an bpáirtí.

An fhadhb atá ann ná gur cosúil go bhfuil an mheánaicme meallta go mór ag Fine Gael anois.  Agus tuige nach mbeadh? Is beag údarás a léiríonn Martin nuair a labhraíonn sé mar Thaoiseach, agus ní bhíonn i ndáiríre ach an t-aon phort amháin aige, is é sin Sinn Féin a ionsaí.

Sea, tá an páirtí i sáinn.  Ar an eite dheis tá Fine Gael ag mealladh tacaíochta uathusan nach bhfuil aon athrú bunúsach ar gcóras ag teastáil uathu, agus ar an eite chlé tá an bhagairt ó Shinn Féin ag dul i méid, go háirithe i measc daoine óga agus i measc vótóirí ón aicme oibre.

Sea, má tá rialtas den eite dheis uait tá Fine Gael agat, agus iad i bhfad níos údarásaí ná Fianna Fáil ag an bpointe seo, agus má tá a mhalairt uait tá Sinn Féin agat. Agus tá an rogha sin i bhfad níos soiléire ó chuaigh Martin agus Fianna Fáil isteach le Fine Gael.

Le fada bhíodh leithéidí Ruairí Quinn ag caint faoin ngnáthpholaitiocht, an rogha idir deis is clé, mar a bhí san Eoraip, dar leis.  Ach tá an rogha shoiléir sin le feiceáil abhus againn anois.

Sa chéad toghchán eile beidh Fine Gael i gceannas ar an eite dheis agus Sinn Féin a bheith i gceannas ar an eite chlé.  Ní bheidh ceachtar acu, ní dóigh liom, in ann móramh a bhaint amach astu féin, agus beidh troid ann dá bharr féachaint cé acu is fearr a n-éireoidh leo páirtithe eile a thabhairt leo.

B’fhéidir go bhféadfadh Sinn Féin na Daonlathaigh  Shóisialta, Pobal Seachas Brabús agus roinnt neamhspleách a mhealladh taobh thiar de Shinn Féin. Seans freisin go mbeadh cuid de na Glasaigh sásta dul leo.

Rachadh leithéidí Eamon Ryan in éineacht le Fine Gael, agus is dócha gur leo a rachadh a bhfuil fágtha de Pháirtí an Lucht Oibre freisin. (Tá an páirtí sin ag déanamh chomh hainnis céanna agus atá Fianna Fáil in ainneoin an tacaíocht a thugann RTÉ dóibh go rialta).

Ní bheidh aon tábhacht le Fianna Fáil mar pháirtnéirí sóisearacha Fhine Gael.

Ach níl aon chomhartha ann go bhfuil Fianna Fáil in ann athrú nó toilteanach athrú cé go bhfuil a lán míshástachta sa pháirtí faoi gur chuir Micheál Martin sa bpoll seo iad.

Mar sin féin, níl aon chomhartha ann ach an oiread go bhfuil aon phlean acu cén chaoi le héalú ón tubaiste atá i ndán dóibh, mar ní leor fáil réidh le Martin mura bhfaigheann siad réidh freisin leis an dearcadh a fhágann ina ngiollaí ag Fine Gael iad.

Fág freagra ar 'An bás atá i ndán d’Fhianna Fáil má fhanann siad ina ngiollaí ag Fine Gael'

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí rogha an dá dhíogha acu – FG ar thaobh amháin agus SF ar an taobh éile. Chuaigh siad le FG agus tá an chuma air anois go bhfuil siad ar an dé deiridh.

  • an Teanga Bheo

    Pósta lena chéile FF agus FG neamhgnáthach nach shea?