Léiríonn figiúirí nua gur ag éirí níos measa atá “an ghéarchéim” a bhaineann leis an Ghaeilge mar ábhar i scoileanna Béarla ó thuaidh.
I mbliana, rinne 1,090 dalta i scoileanna Béarla an t-ábhar ‘GCSE Irish’ i gcomparáid le 2,456 dalta in 2004, titim 56%. Anuraidh ní dhearna ach 867 dalta i scoileanna Béarla staidéar ar an teanga don GCSE, dé réir figiúirí CCEA, an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe, an líon is ísle a rinne staidear ar an ábhar le fiche bliain anuas.
Daltaí i scoileanna Béarla iad 69% de na daltaí ar fad a thug faoin scrúdú GCSE Irish i mbliana, i gcomparáid le 93% 20 bliain ó shin.
Déanann daltaí i scoileanna Béarla agus daltaí a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna an scrúdú GCSE Irish ó thuaidh. Tá cúrsa eile ann, GCSE Gaeilge, scrúdú níos dúshlánaí atá dírithe ar dhaltaí i ngaelcholáistí amháin.
As an 1,582 dalta ar fad a thug faoin GCSE Irish i mbliana, daltaí a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna iad 482 de na daltaí sin, i gcomparáid le 174 dalta in 2004, ardú 176%.
Deir Conradh na Gaeilge agus Gael Linn gur “údar imní” atá sna figiúirí is déanaí a léiríonn a leochailí is atá an teanga mar ábhar i scoileanna Béarla an tuaiscirt.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an baol ann nach mbeidh ann don Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe i scoileanna Béarla i gceann 20 bliain eile má leanann an meath atá tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn í.
“Is figiúr scanrúil é an titim 56% atá tagtha ar líon na ndaltaí i scoileanna Béarla a dhéanann GCSE Irish ó bhí 2004 ann, agus [figiúr] a chuireann in iúl go bhfuil géarchéim ollmhór againn sna hiarbhunscoileanna Béarla ó thuaidh.
“Má leanann na treochtaí sin ar aghaidh mar atá siad thar 20 bliain eile, tá an chuma ar an scéal go mbeidh deireadh ar fad le GCSE Irish mar ábhar GCSE sna hiar-bhunscoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla, lasmuigh is dócha de dhornán beag scoileanna a bheadh millteanach díograiseach agus tiomanta don teanga,” a dúirt sé.
In 2008, tháinig deireadh leis an riachtanas a bhí ann staidéar a dhéanamh ar theanga eile seachas an Béarla don GCSE ó thuaidh. Tháinig an t-athrú isteach sa Bhreatain ar dtús agus ghlac an Feidhmeannas in Stormont leis ina dhiaidh sin.
Tá titim shuntasach tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn teangacha don GCSE agus A-Leibhéal ó thuaidh, ó tháinig deireadh leis an riachtanas a bhí ann teanga amháin ar a laghad a roghnú don GCSE.
Dúirt Ó Tiarnaigh gur “ag tairseach chriticiúil” atá an Ghaeilge sa chóras oideachas ó thuaidh agus “go bhfuil idirghabháil ag an leibhéal is airde agus athrú polasaí stáit de dhíth”.
“Tá muid ag éileamh go láidir go dtabharfaí ar ais an clásal go mbeadh teanga amháin, ar a laghad, riachtanach mar ábhar GCSE in achan iar-bhunscoil ó thuaidh,” a dúirt sé.
Dúirt Séamas Mac Eochaidh, Oifigeach Oideachais Gael Linn, go dteastaíonn infheistíocht mhór agus athrú polasaí chun dul i ngleic leis an “mhionlú” atá á dhéanamh ar an Ghaeilge agus ar fhoghlaim teangacha trí chéile sa chóras oideachais ó thuaidh.
“Is údar imní é an scéala seo do Gael Linn agus é soiléir go bhfuil an ghéarchéim sna meánscoileanna Béarla ag dul in olcas. Tchítear dúinn toradh na neamhairde ar an fhadhb seo leis an mheath chórasach seo.
“Tá géarghá le tabhairt faoi straitéis a dhíríonn ar theagasc na Gaeilge sna meánscoileanna Béarla gan mhoill, mar a tharla sa Bhreatain Bheag mar chuid den straitéis ‘Cymraeg 2050’. Cé go bhfuil infheistíocht shuntasach le feiceáil i ndlínsí eile, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an rialtas anseo ar nós cuma leo maidir le foghlaim na dteangacha.
“Tá géarghá le tacaíocht rialtais do scéimeanna a mhacasamhail ‘Scoil Spreagtha’, scéim a chuideoidh go mór leis na treochtaí sin a chur ar mhalairt slí go fadtéarmach agus go straitéiseach,” a dúirt Mac Eochaidh.
Fág freagra ar 'An ‘baol ann’ nach mbeidh fágtha ach ‘dornán beag’ scoileanna ó thuaidh ina ndéantar staidéar ar an Ghaeilge – figiúirí nua'