An baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh – saineolaithe

Deir saineolaithe gur gá don Rialtas acmhainní praiticiúla a chur ar fáil ar mhaithe le córais AI Gaeilge a chruthú ionas nach mbeidh scoileanna lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste amach anseo

An baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh – saineolaithe

Tá an baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh, a deir saineolaithe ar an saol digiteach.

Tá foláireamh tugtha ag beirt scoláirí, an Dr Michal Wieczorek agus an Dr Eamon Costello, gur rogha an dá dhíogha a d’fhéadfadh a bheith i ndán do scoileanna Gaeilge –  dul i muinín uirlisí oideachais AI den dara grád nó déanamh d’uireasa bhuntáistí an AI ar fad.

In alt a foilsíodh san Irish Times, mhaígh Wieczorek agus Costello go bhfuil cur chuige “réamhghníomhach” ag teastáil i leith scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí gá, a dúirt siad le “straitéis shoiléir” lena chinntiú go mbaineann gach scoil “is cuma cén príomhtheanga atá aici” buntáiste as an teicneolaíocht nua.

“Táimid ag moladh gur chóir don Rialtas aird níos mó a bheith acu ar an bhforbairt atá á déanamh ar AI an oideachais agus acmhainní praiticiúla a chur ar fáil ar mhaithe le córais AI Gaeilge a chruthú a bheadh ábalta freastal ar dhaltaí agus oidí,” a deir Wieczorek, comhalta de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus an Dr Eamon Costello, ollamh comhlach leis an bhfoghlaim dhigiteach in DCU. 

Deir Wieczorek agus Costello go bhféadfaí cás a dhéanamh srian a chur leis an intleacht shaorga i scoileanna, mar atá déanta sa tSualainn, ach go gcaithfear féachaint chomh maith ar na buntáistí a bhaineann leis an AI san oideachas.

Ach fiú má ghlactar leis gur mó na buntáistí ná na míbhuntáistí a bhaineann leis an AI san oideachas, bheadh ceisteanna eile le freagairt faoi chothrom na Féinne, a deir siad.

“Ní bhainfidh gach scoil an leas céanna as na buntáistí seo agus tá dúshláin ar leith ag baint le córas oideachais dátheangach na hÉireann. An imní atá orainne ná go mbeadh buntáiste ag scoileanna Béarla as AI an oideachais agus go bhfágfaí Gaelscoileanna ar an trá fholamh.”

Luann an bheirt saineolaithe go raibh ar lucht bunaithe ChatGPT úsáid a bhaint as 183,000 leabhar, na billiúin leathanach idirlín agus go leor leor foinsí eile sara raibh an áis intleachta saorga sin ábalta abairtí a chur le chéile a raibh ciall leo.

Mar gheall ar a laghad cainteoirí agus scríbhneoirí maithe Gaeilge atá ann, bíonn teacht ag lucht forbartha uirlisí AI i nGaeilge ar i bhfad Éireann níos lú foinsí ná mar a bhíonn ar fáil i mBéarla.

“Fadhb í seo mar dá mhéid sonraí a bhíonn agat is ea is sofaisticiúla a bheidh na huirlisí atá á gcruthú agat,” a deir Wieczorek agus Costello.

Deir siad go mbíonn sé an-deacair teanga a mhúineadh do AI mar gheall go mbíonn a cuid nósanna aisteacha agus a bealaí beaga féin ag gach teanga.

“Má táimid ag súil go mbeidh an AI ábalta ábhair amhail an tíreolaíocht, an stair nó an fhisic a mhúineadh i nGaeilge, beimid, ar dtús, ag brath ar pé ábhar atá ann cheana féin a léireodh an caighdeán ceart agus an méid a mbeifeá ag súil leis.”

Fadhb eile a d’fhéadfadh a bheith ann más comhlachtaí príobháideacha a dhéanfaidh AI an oideachais a fhorbairt ná gur beag an tsuim a bheadh ag na comhlachtaí sin infheistíocht a dhéanamh in áiseanna Gaeilge.

“De réir eolais a tháinig amach le déanaí, beagnach 52,000 dalta atá ag freastal ar bhunscoileanna ina bhfuil ar a laghad roinnt ábhar á dteagasc trí Ghaeilge. Drochsheans go mbeadh an brabach a dhéanfadh comhlacht as an ngrúpa sin mór a dhóthain an costas a bhainfeadh leis an taighde agus an innealtóireacht a chúiteamh.”

Fág freagra ar 'An baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh – saineolaithe'

  • Seán Mag Leannáin

    Ócáid ar an téama céanna níos giorra do bhaile ag deireadh na míosa seo.
    ‘Beidh an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, 27-28 Meán Fómhair 2024 ag Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
    Ómós Áite
    “… is beag cnoc agus is beag fód den talamh nár móradh, nach raibh scéal le haithris ina thaobh, nach raibh dia nó bandia nó laoch nasctha leis, agus ainm an loig sin le buanú dá réir.”
    – Seán Ó Tuama, ‘Ómós Áite: A rian ar scríbhneoirí in Éirinn’ in Comhar, 51(5), lch. 179.

    Déanfar plé ag Comhdháil na bliana seo ar an ómós áite i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge, idir shean agus nua, idir léannta agus ealaíonta. I measc na bpáipéar a léifear, déanfar trácht ar an ómós áite mar a léirítear é sna réimsí seo a leanas: an t-ómós áite sa litríocht mheánaoiseach; feidhm an logainm san fhilíocht; ról na léarscáile san úrscéal stairiúil; tábhacht an cheoil agus na n-amhrán i ngearrscéalta Uí Chadhain; an t-ómós áite uirbeach agus gnásanna ainmnithe sráidainmneacha; an áit sa seanchas pearsanta, agus go leor eile.’