An abairt is ansa liom i dteanga na Gaeilge ar fad…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: struchtúr gramadaí atá sa saorbhriathar a tháinig chun cinn d’fhonn ráitis a fhágáil doiléir d’aon ghnó. Seachnaítear é! (Ach amháin i gcásanna mar seo.)

An abairt is ansa liom i dteanga na Gaeilge ar fad…

‘Tuairiscítear go bhfacthas Pól agus é ag tiomáint faoi thionchar an óil.’
‘Deirtear go bhfuil Deirdre ag súil arís.’
‘Fágadh na páistí ina n-aonar’.
‘Cuireadh an teach trí thine’.

Fianaise iad na habairtí thuas go raibh an meon ‘dúirt bean liom go ndúirt bean léi’ seanbhunaithe faoin am ar tháinig an saorbhriathar chun cinn sa Ghaeilge. Struchtúr gramadaí sleamhain atá sa saorbhriathar nach bhfuil ag mórán teangacha eile: cuireann sé ar chumas an chainteora a mhaíomh go ndearna duine éigin rud éigin gan an duine sin a ainmniú.

‘Is minic a bhaintear úsáid as an saorbhriathar san iriseoireacht.’

Abairt leisciúil í an abairt thuas. Cé a bhaineann úsáid as an saorbhriathar san iriseoireacht? Dearthóirí na nuachtán? Na teicneoirí fuaime? Na ceartaitheoirí profaí?

B’fhearr: is minic a bhaineann iriseoirí úsáid as an saorbhriathar.

Fágann an saorbhriathar cuma na leisciúlachta ar iriseoireacht na Gaeilge go minic. Nílim féin gan locht: a mhalairt, b’aoibhinn liom an saorbhriathar nuair a bhínn ag obair go lánaimseartha i seomraí nuachta éagsúla na teanga. Ach tá sé fabhtach ar fad sa litríocht.

‘Shiúil Mariusz isteach sa chistineach. Arís eile, fágadh na gréithe sa doirteal thar oíche.’

Cé a d’fhág? An cat? Na púcaí?
Ach amháin sa chás go dteastódh ón údar a léiriú go bhfuil an iompraíocht fhulangach-ionsaitheach ina dhlúthchuid de phearsantacht Mariusz, b’fhearr i bhfad: ‘Arís eile, d’fhág Beartla na gréithe sa doirteal thar oíche.’

An tsoiléire, thar aon ní eile, atá tábhachtach sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

Fágann an saorbhriathar go mbíonn téacs doiléir d’aon ghnó.

Seachnaítear é.

Ainmnítear údar an ghnímh chomh maith leis an ngníomh.
Ach a Alex, a deir tú, bhain tú úsáid as an saorbhriathar ansin faoi dhó!

Bhain. Ní hionann agus faí chéasta an Bhéarla (a chruthaíonn an doiléire chéanna i scríbhneoireacht sa teanga sin agus a chruthaíonn an saorbhriathar sa Ghaeilge) is féidir saorbhriathar na Gaeilge a úsáid chun ordú a thabhairt. Bealach deas múinte chun ordú a thabhairt atá ann lena chois, nós a chuireann cuma na comhairle ar fhorógra.

‘Ná trasnaítear an t-iarnród ach thar dhroichead.’

Bhíodh comhartha meirgeach leis an téacs sin (sa seanchló, le poncanna séimhithe, an rud go léir) crochta ar dhroichead coisithe stáisiún traenach Bhaile Átha an Rí nó Bhéal Átha na Sluaighe, déanaim dearmad cén ceann.

Tá súil agam go bhfuil sé ann fós.

Is é an ráiteas ar an gcomhartha sin an abairt is ansa liom i dteanga na Gaeilge ar fad. Lá breá amháin, nuair a bheidh airgead le spáráil agam agus teacht agam ar cheardaí a dhéanfadh comharthaí miotail ar an tseanstíl, ordóidh mé ceann leis an téacs ‘Ná baintear úsáid as an saorbhriathar ach in abairtí mar seo’ agus crochfaidh mé os cionn mo dheisce é.

Fág freagra ar 'An abairt is ansa liom i dteanga na Gaeilge ar fad…'