An 20 tír is mó as ar tháinig ‘Éireannaigh nua’ le deich mbliana anuas

Tá figiúirí nua curtha ar fáil a léiríonn cé hiad na tíortha is mó ónar tháinig daoine ar bronnadh saoránacht na hÉireann orthu idir 2006 agus 2015

Irish Passport copy

Ba ón Nigéir a tháinig an líon is mó saoránaigh a éadóirsíodh le 10 mbliana anuas. Éadóirsíodh 19,312 duine ón tír sin ón mbliain 2006, de réir eolais nua.

Tábla NigeriaTá an Nigéir ar cheann de na trí thír ar Mhór-Roinn na hAfraice atá ar an liosta de na deich dtír is mó ar tháinig saoránaigh éadóirsithe astu.  Is í an Afraic Theas, an séú tír (3,385) ar an liosta, agus an tSúdáin, an deichiú tír.

Bhí ceithre thír Eorpacha ar an liosta: an Rómáin sa chúigiú háit (3,492) agus an Úcráin (3,303), an Pholainn (2,967) agus an Rúis (2,347) sa seachtú, san ochtú agus sa naoú háit faoi seach.

Sa dara háit bhí na hOileáin Fhilipíneacha ar tháinig 12,595 saoránach éadóirsithe astu. Tháinig 12,264 ón India, rud a d’fhág sa tríú háit í agus tháinig 6,606 ón gceathrú tír ar an liosta, an Phacastáin.

Ba í an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, a chuir na figiúirí nua seo ar fáil sa Dáil an tseachtain seo caite do cheannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan.

Fág freagra ar 'An 20 tír is mó as ar tháinig ‘Éireannaigh nua’ le deich mbliana anuas'

  • Fearn

    Fáilte is fiche (is mó)!! :-)

  • Ruairi s. O'Donaill

    19,312 DAOINE ON NIGEIR A EADOIRSIODH MAR EIREANNAIGH O 2006. 12595 FILIPINEACHA. 12264 ON IND. 6,6O6 O PHAICISTAN. IN IOMLAN 63,265 EACHTRANNAIGH AR FAD ATA EADOIRSITHE AGAINN ANOIS.
    CE MHEID EIREANNAIGH, A BHI ORTHA IMEACHT AR IMIRCE AS AN TIR I RITH AN TREIMHSE SIN/? Nach ceart duinne an cheist a chur ar an rialtas? .