Amú san aistriúchán…(7)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Sráid na mBoid

Is iondúil go mbíonn drogall orainn comharthaí sráide agus bóthair a cháineadh a bhaineann le logainmneacha nó le sráidainmneacha in ainneoin go seoltar an t-uafás acu chugainn gach seachtain. Bíonn ceist na logainmneacha seo leochaileach go maith. Is minic a ghlactar le seanleaganacha ársa de logainm nó ainm malartach ar chúinsí staire agus mórtas ceantair. Baile Locha Riach in áit Baile Loch Riach nó Camus in áit Camas.

An tseachtain seo, áfach, níl aon amhras orainn faoin gcomhartha a sheol Eoin chugainn anoir as Baile Átha Cliath.

Áit: Baile Átha Cliath 1

An Béarla: Bow Street

An Ghaeilge: Sráid na mBoid

Focal ó na moltóirí: Tá ceist shráidainmneacha na hArdchathrach thar a bheith casta agus is iomaí leagan ar gach sráid. Táthar ann a cheapann gur ceart don ainm Gaeilge an leagan Béarla a fhreagairt go cruinn beacht agus táthar ann freisin a deir nach gá don leagan Gaeilge a bheith ina aistriúchán lom ar an leagan Béarla. Mar sin, feictear ‘Sráid Westmoreland’ agus ‘Sráid na Feistí’; ‘Sráid Fhreidric Thuaidh’ agus ‘Sráid Ghort an Arbhair’; agus tá ‘Cnoc Summer’ agus ‘Cnoc Críonáin’ in úsáid go rialta.

Sa chás áirithe seo, an leagan “stairiúil” d’ainm na sráide ná “Sráid na mBóic” agus tá an leagan sin fós in úsáid. Molann an Coiste Logainmneacha ‘Sráid Bowes’, mar tá siad den tuairim gur i ndiaidh an Tiarna John Bowes a ainmníodh an tsráid.

Sráid Loch Buí an leagan deiridh a mholtar don tsráid seo, óir thugtaí ‘Lough Boy’ agus ‘Loughbooy’ ar an tsráid sna 1600idí.


Sin scéal thairis, áfach, mar cheap duine eicínt eile i mBardas Bhaile Átha Cliath gur cruinne ‘Sráid na mBoid’ ná na leaganacha thuasluaite ar fad.

An é an chaoi gur ar Thuaisceart na Cathrach a bhí an chéad bheár aerach i mBaile Átha Cliath, in ainneoin a ndeir beár na Lochlannach ar Shráid an Dáma?

Nó ab é seo ‘Ceathrú Rua Bhleá Cliath’ (nó an Red Light District)?

An míniú ceart, is dóigh, ná gur anseo a bhí Dáil Éireann le lonnú…

An leagan ceart: Sráid na mBóic, Sráid Bowes nó Sráid Loch Buí.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(7)'

  • Breandán Mac Séarraigh

    Tá ‘Cookstown’ anseo i gCo. Lughaí, ar an N2, Is i ndiaidh an tiarna talún áitiúil ‘Cook’ a ainmníodh an baile féarann, sílim. Pé scéal é, ceapaim gur ordaithe duine as Cho. Thír Eoghain na comharthaí bóithre. Ta ‘Cookstown’ aistríthe mar ‘An Chorr Chríochach’, cosiúil leis an baile d’ainm chéana (i mbéarla) lár Uladh.