Tá amhras ar eagraíocht oideachais an fiú ionadaíocht a bheith acu ar thascfhórsa a bhunaigh an Roinn Oideachais le breathnú ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
Tá amhras ar an bhForas Pátrúnachta faoi fhiúntas na hoibre atá ar siúl ag an tascfhórsa agus mhaígh siad nach bhfuil “aird” á tabhairt ar thuairimí na mball.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ardrúnaí An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar ghaelscoileanna sa stát, le Tuairisc, go bhfuil ceist ann an fiú páirt a ghlacadh ar thascfhórsa mura bhfuiltear ag éisteacht leat.
Mar a tuairiscíodh ar 7Lá, clár cúrsaí reatha TG4, an tseachtain seo tá imní ar lucht an ghaeloideachais atá ar an tascfhórsa go bhfuil sé socraithe cheana féin ag an Roinn Oideachais nach bhfuil siad chun gaelcholáistí nua a bhunú chun freastal ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge.
Tá sé ina imní chomh maith go leanfar ina áit sin le múnla an aonaid lán-Ghaeilge, cé gur moladh i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn féin nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, ón bhForas Pátrúnachta gur tugadh “neamhaird” ar achainí a rinne sé féin agus ionadaithe eile ó earnáil an oideachais lán-Ghaeilge go dtabharfaí cuireadh d’údair an taighde sin – TJ Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile – teacht i láthair an tascfhórsa le ceist na n-aonad Gaeilge a phlé.
“Tar éis ceithre chruinniú den tascfhórsa, níl aon airgead ar fáil, dar leo, chun foirgnimh nua a thógáil agus dá bhrí sin níl aon Ghaelcholáiste nua beartaithe amach anseo,” a deir Caoimhín Ó hEaghra le Tuairisc.
“An t-aon rogha atá siad a chur os ár gcomhair ná múnla na n-aonad agus é a ‘leasú agus a dhéanamh níos fearr’.
“Tá an taighde déanta, agus dheimhnigh sé an rud a thuig muid ar fad san earnáil – ní oibríonn siad. Tá neamhaird déanta ar an achainí atá déanta againn cuireadh a thabhairt do na taighdeoirí, agus tá an Roinn ag brú [na n-aonad] chun cinn,” a dúirt Ó hEaghra.
Dúirt sé go bhfuil sé curtha in iúl aige féin agus ag na hionadaithe eile ó earnáil an ghaeloideachais ar an tascfhórsa nach bhfuil siad sásta le múnla na n-aonad Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus nach mbeadh siad ag tacú leis an múnla sin dá mbeartódh an tascfhórsa é sin a mholadh don Roinn.
“Tá súil againn go dtiocfaidh ciall chuig an Roinn. Céard is fiú d’aon dream a bheith bainteach leis an tascfhórsa mura dtugtar aird orainn?” a dúirt sé.
Mhaígh Ó hEaghra go raibh an Roinn “ag cur dhá cheist sa mhullach ar a chéile” i ráiteas d’eisigh siad an tseachtain seo. Thug an Roinn le fios sa ráiteas go raibh athruithe tagtha ar chúrsaí déimeagrafaice in Éirinn agus nach mbeadh éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge dá bharr.
“Tá siad ag cur dhá cheist sa mhullach ar a chéile. Beag beann ar an déimeagrafaic, níl aon soláthar don oideachas lán-Ghaeilge ann. Nuair a bhí fás ann, níor chuir siad scoileanna ar fáil. Anois agus titim ar an déimeagrafaic, níl na scoileanna lán-Ghaeilge á gcur ar fáil.
“Tá siad ag caint ar 2034 sula mbeidh an déimeagrafaic arís ann – cén fáth nach bhfuil siad ag obair ina threo sin anois? Má tá liosta de cheantair sa tír nach bhfuil fáil ar Ghaelcholáistí iontu, cén fáth nach bhfuil muid á chur sin ina cheart anois?” a dúirt sé.
Dúirt Ó hEadhra nach raibh “aon dóchas” ann i measc na n-ionadaithe ó earnáil an ghaeloideachais a bhí i láthair ag an gcruinniú deireanach a bhí ag an tascfhórsa, ach go bhfuil siad le scríobh chuig an Roinn Oideachais roimh an gcéad chruinniú eile. Tá cruinniú eagraithe acu leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton chomh maith, a dúirt sé.
Mhaígh sé nach raibh an polasaí oideachais don Ghaeilge “ina thosaíocht” ag an Roinn Oideachais ná ag an Rialtas agus go gcaithfeadh an Taoiseach “glacadh leis” go bhfuil an polasaí “tábhachtach” don oideachas lán-Ghaeilge agus do spriocanna eile teanga atá leagtha amach ag an Rialtas féin.
“Níl an rud seo ina thosaíocht ag an Roinn Oideachais ná ag an Rialtas. Dá mbeadh sé ina thosaíocht, gheobhadh siad maoiniú agus bheadh siad sásta maoiniú a chur taobh thiar de. Tá siad in ann teacht suas le €300 milliún do lónta te nuair a thograíonn siad é, ach níl siad in ann maoiniú a chur ar fáil don Ghaelscolaíocht.
“Ní hé nach bhfuil airgead sa Roinn, ach níl sé seo mar thosaíocht. Go dtí go nglacfaidh Micheál Martin agus an Rialtas leis go bhfuil sé seo tábhachtach, agus gur gá dóibh na spriocanna atá leagtha síos acu féin a bhaint amach, ní oibreoidh sé amach,” a dúirt sé.
Agus í faoi agallamh ar 7Lá, dúirt Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí Gaeloideachas go bhfuil “amhras agus imní” ar an gceanneagraíocht go bhfuil “réamhchinneadh” déanta ag an Roinn Oideachais maidir le ceist na n-aonad Gaeilge agus go mbraitheann sí go bhfuil “iarrachtaí ar bun” an sainmhíniú ar céard is oideachas lán-Ghaeilge ann a “leathnú amach”.
“Tá muid réasúnta aontaithe mar earnáil air sin. Lán-Ghaeilge – sin lán-Ghaeilge agus tumoideachas.
“Ach bhraith muid go raibh iarrachtaí ar bun leis an sainmhíniú sin a leathnú go mbeadh páirt-tumadh mar chuid den sainmhíniú agus dá ndéanfaí sin, bheadh lagú iomlán déanta ar an bhfís atá leagtha amach sa pholasaí,” a dúirt sí.
Dúirt Clare Spáinneach gur cur chuige é sin “nach n-aontaíonn Gaeloideachas leis” agus faoina bhfuil sé ráite “go lom” ag lucht taighde nach bhfuil sé “feiliúnach” le haghaidh soláthar nua spásanna don Ghaelscolaíocht.
Rinneadh cur síos cuimsitheach sa taighde a d’fhoilsigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, in 2024 ar go leor de na cúiseanna a dteipeann ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla, ina measc an easpa soláthar múinteoirí agus ábhar, nósanna cainte na ndaltaí agus córais bhainistíochta agus infreastruchtúr nach mbíonn ag tacú le forbairt ná le fás an aonaid.
Bhí tuilleadh fianaise i bpobalbhreith a foilsíodh an tseachtain seo go bhfuil éileamh suntasach i measc an phobail ar an ngaeloideachas.
De réir na pobalbhreithe, Dearcadh an Phobail i Leith na Gaeilge agus na Gaeltachta’, a rinne an comhlacht Amárach Research.
49% de dhaoine le fios go roghnóidís an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.
25% a dúirt nach raibh siad cinnte an roghnóidís an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí agus 25% a thug le fios nach roghnóidís é.
Díreach mar a chéile a bhí líon na ndaoine a dúirt i bpobalbhreith nua a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge anuraidh go roghnóidís scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí ach a leithéid de scoil a bheith ar fáil ina gceantar. 49% a dúirt sa phobalbhreith sin go roghnóidís an gaeloideachas.
Meath atá tagtha ar ghluaiseacht an ghaeloideachais le roinnt blianta anuas agus ag cúlú atá an gaeloideachas seachas ag fás.
Tá céatadán na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge níos ísle ná mar a bhí ag aon phointe le breis is deich mbliana anuas.
Léiríonn anailís a rinne Tuairisc an mhí seo caite go bhfuil níos lú ná 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge, figiúr atá níos ísle ná mar a bhí i gceist d’aon bhliain ó 2013.
Fág freagra ar 'Amhras ar an bhForas Pátrúnachta an fiú fanacht ina mball ar thascfhórsa gaeloideachais na Roinne Oideachais'