Alan Kelly ag éirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre

Beidh cruinniú ag páirtí parlaiminte an Lucht Oibre anocht chun an chéad chéim eile a phlé

Alan Kelly ag éirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre

Trathnóna inniu taobh amuigh de Theach Laighean d’fhógair Alan Kelly, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, go raibh sé ag éirí as ceannaireacht a pháirtí. 

Dúirt Kelly, agus an t-aiféala agus an díomá ina ghlór, gur chuir baill a pháirtí in iúl dó ag cruinniú den pháirtí maidin inné go raibh muinín caillte acu ina cheannaireacht agus gan an dá bhliain caite aige sa phost sin. Dúirt sé anocht go bhfanfadh sé ina Theachta Dála dá thoghcheantar i dTiobraid Árann.

Tá Alan Kelly ina Theachta Dála i dTiobraid Árann ó mhí Aibreán 2011 agus ina cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre ó 2020 tráth ar tháinig sé i gcomharbacht ar Brendan Howlin. Sa gcomórtas sin fuair sé an ceann is fearr ar Aodhán Ó Ríordáin don cheannaireacht. 

As an bPort Rua in aice leis an Aonach é Alan Kelly mar a raibh feirm bheag déiríochta ag a mhuintir ach le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach ar a lá pá a chuaigh an t-athair ag obair. 

Bhain Alan Kelly céim mháistreachta amach sa Stair Pholaitiúil in Ollscoil Chorcaí sular chaith sé seal ag obair le Bord Fáilte. As an gCoireán i gcontae Chiarraí a bhean chéile agus tá beirt chlainne acu.

Bhí Alan Kelly ina Sheanadóir ó 2007 agus ina fheisire i bParlaimint na hEorpa ó 2009 go dtí 2011. Chaith sé tréimhsí ina Aire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus ina Aire Comhshaoil.

Bhí go leor cainte le tamall faoi mhíshuaimhneas a bheith sa bpáirtí faoi chur chuige an cheannaire maidir lena straitéis toghcháin agus faoina stíl bhainistíochta. 

Beidh cruinniú ag páirtí parlaiminte an Lucht Oibre anocht chun an chéad chéim eile a phlé.

Fág freagra ar 'Alan Kelly ag éirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre'