Aitheantas le tabhairt do thriúr a tháinig i gcabhair ar dhaltaí coláiste samhraidh Gaeltachta a bhí i mbaol a mbáite

Tugadh slán 15 dalta coláiste samhraidh mí Lúnasa 2019 nuair a scuab an fharraige chun siúil iad ag trá Mhachaire Rabhartaigh

Aitheantas le tabhairt do thriúr a tháinig i gcabhair ar dhaltaí coláiste samhraidh Gaeltachta a bhí i mbaol a mbáite

Tá aitheantas speisialta le tabhairt do thriúr a tháinig i gcabhair ar ghrúpa snámhaithe a bhí i mbaol a mbáite nuair a scuabadh amach ó thrá Ghaeltachta iad dhá bhliain ó shin.

Tugadh slán 15 dalta a bhí ag freastal ar choláiste samhraidh mí Lúnasa 2019 nuair a scuab an fharraige chun siúil iad ag trá Mhachaire Rabhartaigh.

Bhí ar héileacaptar de chuid an Gharda Chósta cuid de na hógánaigh a tharrtháil agus tugadh deichniúr ar an héileacaptar go dtí Ospidéal na Ollscoile Leitir Ceanainn. Cuireadh cóir leighis ar cheathrar ar an láthair agus tugadh duine eile go dtí an t-ospidéal in otharcharr.

D’éirigh le hiascairí agus daoine as an gceantar cuid de na daoine óga, a bhí ag freastal ar Choláiste Mhachaire Rabhartaigh, a thabhairt slán ón bhfarraige. Tá comhairleoir contae i nDún na nGall ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas do na gaiscí sin.

Mhol an Comhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig ag cruinniú cheantar bardasach na nGleanntach go dtabharfaí aitheantas oifigiúil do thriúr as an áit a bhí páirteach i dtarrtháil na n-ógánach.

Tugadh le fios go raibh iarrtha ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ócáid a reáchtáil don triúr ach nach bhféadfaí sin a dhéanamh i láthair na huaire toisc srianta an Covid-19. 

Dúradh go reáchtálfaí ócáid amach anseo nuair a scaoilfear na srianta agus idir an dá linn go scríobhfaí chuig an triúr mar aitheantas dá ngaiscí.

Fág freagra ar 'Aitheantas le tabhairt do thriúr a tháinig i gcabhair ar dhaltaí coláiste samhraidh Gaeltachta a bhí i mbaol a mbáite'

  • MacAnRí

    Is laochra iad na daoine sin – dea-scéal gan dabht agus ba ceart aitheantas le thaibhairt do thriúr bhí an t-ádh dearg ar na daltaí éalú