Aitheantas faoi dheireadh d’úrscéalta liteartha na Gaeilge…

Fáiltímis roimh ath-insealbhú chomórtas na n-úrscéalta liteartha i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge

Aitheantas faoi dheireadh d’úrscéalta liteartha na Gaeilge…

Fáiltítear gan amhras roimh an gcomhpháirtíocht nua idir Oireachtas na Gaeilge agus TG4 chun duaischiste bliantúil a chur ar fáil do ‘bhuaic-shaothar próis’.

Ach is sa bhfógra atá i gClár na gComórtas Liteartha, a d’fhoilsigh Oireachtas na Gaeilge an tseachtain seo, atá an scéala is mó a ghabhfas i gcion ar scríbhneoirí agus, amach anseo, ar léitheoirí — réamhfhógra do chomórtas a reáchtálfar in 2019, comórtas don úrscéal liteartha.

Beidh sé naoi mbliana ó bhí an comórtas sin ann go deireadh agus más i ngan fhios don saol Fódlach a d’imigh sé as, ba chomórtas é a choinnigh lón léitheoireachta le cuid shuntasach de léitheoirí na Gaeilge.

Cuimhnigh air, dá mba le hocht mbliana anuas a scríobhfaí An Fear Dána le hAlan Titley, An Dochtúir Áthas nó Fontenoy le Liam Mac Cóil nó aon cheann d’úrscéalta Phádraig Uí Chíobháin (agus an dtabharfá úrscéal éadrom ar Cré na Cille?), ní bheadh aon chomórtas feiliúnach ann dóibh agus ní móide go mbainfidís aon duais amach.

Is iad Foras na Gaeilge a dhéanann maoiniú ar na comórtais liteartha, agus ní rún ar bith é go raibh sé mar pholasaí ag an bhForas an t-úrscéal éadrom nó ‘an t-úrscéal trá’ a chur chun cinn d’fhonn, gan dabht, borradh a chur faoi ‘ghnáthléitheoireacht na Gaeilge’.

Ba ar mhaithe leis an duaischiste a chaitheamh air sin a baineadh an maoiniú de chomórtas an úrscéil liteartha (polasaí atá le sonrú ar Scéim na gCoimisiún Scríbhneoireachta freisin, scéim atá dírithe ar fhicsean éadrom agus ar fhicsean do dhéagóirí ach go háirithe).

Níl aon dabht ach gur chabhraigh an maoiniú breise le scríbhneoirí an úrscéil trá, agus nílimid ina dhiaidh sin orthu ach ní gá gurb ionann tacú le gné amháin den léitheoireacht agus gné eile di a phlúchadh.

Ó mo thaithí mar fhoilsitheoir, dhéanfainn dhá mhórchatagóir de léitheoirí na Gaeilge: léitheoirí faoi bhun 12 bliain d’aois agus léitheoirí os cionn 22 bliain d’aois. Baineann an dara catagóir le léitheoirí ó chúlra Gaelach agus le daoine a d’fhreastail ar choláiste tríú leibhéal, agus, dá bhrí sin, tá céatadán níos airde léitheoirí léannta i measc na nGaeilgeoirí ná mar atá i measc na mBéarlóirí. Mar thoradh air sin, déarfainn go ndíoltar an oiread céanna úrscéalta liteartha agus úrscéalta trá sa nGaeilge.

Ach ní mór a aithint go bhfuil ómós áirithe dlite don scríbhneoir. An rud a shocródh coiste ar Shráid Amiens, nó go deimhin ar Shráid Fhearchair, bíonn tionchar aige ar scríbhneoirí a chaitheann am is anró leis an scríbhneoireacht — agus gan de luach ar a saothar ach an táille bheag a fhaigheann siad ón bhfoilsitheoir agus duais bheag ó am go ham. An rud is lú a mbeifí ag súil leis ná leanúnachas ó thaobh na tacaíochta sin.

Ní miste a rá freisin go bhfuil tionchar thar na bearta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais ar scríbhneoireacht (agus, dá bhrí sin, ar léitheoireacht) na Gaeilge agus gur gá sin a aithint. Baineann an tionchar sin le roghnú na gcomórtas ach go háirithe.

Nuair is gann na cúpla pingin, agus an t-aitheantas féin, is mó an tábhacht a bhíonn ag an scríbhneoir le duais agus, dá bhrí sin, bíonn tionchar ag comórtais is duaiseanna leis an seánra a roghnódh an scríbhneoir (nó an seánra a sheachnódh sé!). I gcás na seanscéalta, ní raibh aon chomórtas ar leith ann d’athchóiriú ar sheanscéalta do dhaoine fásta le mo chuimhnese, agus ní hiontas, mar sin, a laghad de na seanscéalta atá ar fáil anois sa Nua-Ghaeilge.

Ní hamháin nach bhfuil aon chomórtas ann a fháiltíonn go sonrach roimh athchóiriú ar sheanscéalta, ach tá an cur síos ar na comórtais éagsúla chomh breactha leis na téarmaí ‘comhaimseartha’, ‘nua’ agus ‘úr’ is go maithfeá don scríbhneoir bocht é a cheapfadh go raibh boladh bréan ag na maithe móra ar aon rud a bhfuil seanchas nó traidisiún bainteach leis.

Fáiltímis roimh ath-insealbhú chomórtas na n-úrscéalta liteartha. Agus guímis nach fada uainn anois comórtas d’athleaganacha ar na seanscéalta.

Fág freagra ar 'Aitheantas faoi dheireadh d’úrscéalta liteartha na Gaeilge…'

  • Mánus

    Teastaíonn foinsithe maoinithe eile. Ní mór maoiniú fadtéarmach, sparántachtaí agus duaiseanna substaintiúla ó fondúireachtaí agus daonchairde a aimsiú.
    Toisc go bhfuil miotaseolaíoct na Gaeilge comh sainiúil agus comh saibhir is ait nach bhfuil sraith údarásach NuaGhaeilge des na seanscéalta i gcló le fada an lá. Is íontach an iarracht atá déanta ag Leabhar Breac.
    Ba chóir maoiniú a lorg thar lear. Is oidhreacht Eorpach atá i gceist le miotaseolaíocht na SeanGhaeilge. Cuireann sí saol na gCeillteach beo os ár gcomhair.