Aitheantas á thabhairt do ‘Laochra Chonamara’

Cuirfear tús anocht le sraith oícheanta omóis do ‘Laochra Chonamara’ i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Saol agus saothar Bhob Quinn a bheidh á cheiliúradh sa chéad oíche den tsraith.

unnamed
An scannánadóir Bob Quinn ag stiúradh a scannáin Poitín

Cuirfidh an Taibhdhearc tús anocht le sraith oícheanta omóis do ‘Laochra Chonamara’, tráth a thiocfaidh lucht scannánaíochta, lucht ceoil agus lucht siamsaíochta an réigiúin le chéile chun ómós a thabhairt don scannánaí iomráiteach, Bob Quinn.

I mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh Bob Quinn. Is iomaí post a bhí aige sular luigh sé leis an léitheoireacht scannán agus é sna fichidí agus sa réimse a fuair sé a niche.

I 1969, shocraigh sé bogadh siar go Conamara, áit a bhfuair sé a ‘chló ceart’ de réir dealraimh agus ar tháinig a chuid scannánaíochta faoi bhláth.

In éineacht le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides, bhunaigh sé Cinegael i 1973. Dhírigh an comhlacht a n-aird ar Ghaeltacht Chonamara sna luathbhlianta ach de réir a chéile, thosaigh siad ag déanamh scannán faoi ghnéithe éagsúla den tír ar fad. Is iad na scannáin is mó a thuill clú dó ná ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ‘Poitin’ (1978) agus ‘Atlantean’ (1984), a thug a ndúshlán do scoláirí staire ar fhréamhacha mhuintir na hÉireann agus a gceangal leis na Ceiltigh.

Tá scannánaíocht agus grianghrafadóireacht déanta aige i ngach uile chearn den domhan faoi seo; ó Tatarstan go Morocco, ón Ind go dtí na Stáit Aontaithe, agus a chuid oibre ar taispeáint ó Ghaillimh go Moscow go Missouri.

Ba é an chéad déantóir scannán é a bhain ballraíocht amach in Aosdána, gaisce a bronnadh air sa bhliain 1985.

Bhronn Institiúid Náisiúnta na Scannán in Éirinn Gradam Saoil air sa bhliain 2001.

Ag tagairt don tsraith nua seo ag an Taibhdhearc, dúirt Stiúrthóir na hAmharclainne, Anne McCabe:

“Cé gur Amharclann Náisiúnta muid atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe, tá muid ag brath go mór ar mhuintir Chonamara le beocht agus spiorad a chur inár gclár oibre agus ealaíne agus tá súil againn an dlúthcheangal sin a chothú agus a láidriú sna blianta atá le theacht.”

“Tá muid ag tnúth go mór le hoíche speisialta a thabhairt do Bob Quinn anocht – le leithéidí Josie Sheáin Jeaic, Róisín Elsafty, Deasún Fennell agus daoine eile ar stáitse, agus i gceann coicíse beidh muid ag leanacht le oíche speisialta don cheoltóir, Johnny Connolly.”

Cuirfear tús le scléip na hoíche anocht ag 8in agus iarrtar ar dhaoine ticéid a chur in áirithe roimh ré, más féidir, trí ghlaoch ar 091 562024.

 

Fág freagra ar 'Aitheantas á thabhairt do ‘Laochra Chonamara’'