Baile Átha Cliath an rogha toisc an tallann bhreise sna tosaithe acu…

Beith cath lár na páirce thar a bheith tábhachtach sa choimhlint inniu agus Maigh Eo ag iarraidh leas a bhaint as an mbeirt fhathach atá acu ann, ach tá cúpla rogha ag Baile Átha Cliath chun dul i ngleic leis an mbagairt sin

Bernard Brogan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Bernard Brogan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tar éis don ruaille buaille uile a bhí an maidir le Tiernan McCann sa tseachtain roimh chluiche leathcheannais Chiarraí agus Thír Eoghain, ní ach le cúpla lá anuas a thosaigh daoine ag tabhairt aird’ ar chluiche na deireadh seachtaine seo idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo. Is aisteach é sin mar, cé nach bhfuil an stair chéanna ag rointt leis an gcoimhlint seo agus a bhí ag ceann na seachtaine seo caite, ba cheart go mbeadh sé chuile phioc chomh suimiúil.

Tá scrios déanta ag an dá fhoireann ar chuile dhream a d’imir siad i mbliana. Ar an meán, tá 3-23 faighte ag Baile Átha Cliath ina gceithre chluiche go dtí seo agus 3-18 sa turas faighte ag Maigh Eo go dtí seo sa chraobh.

Ar na himreoirí atá fágtha sa chraobh, is é Bernard Brogan an príomhscórálaí le 5-16. Níl Cillian O’Connor i bhfad taobh thiar de agus 1-19 faighte ag fear Mhaigh Eo. Tá cluiche breise imeartha ag Brogan ach tá gach ceann dá chuid scóranna tagtha ón imirt, rud nach féidir a rá faoi O’Connor.

Mar a tharlaíonn sé, tá O’Connor beagán taobh thiar den méid a bhí scóráilte ag tosaithe ag an tráth seo blianta eile roimhe seo, ach is é an cúnamh atá a fháil aige ó Aidan O’Shea sa líne lántosach is cúis leis sin cuid mhór. Beidh an choimhlint idir O’Shea agus Rory O’Carroll, lánchúlaí Bhaile Átha Cliath, ar cheann de na cinn is tábhachtaí an Domhnach seo. Níl sé mar thaictic ag Jim Gavin cosantóir le cois a imirt ach, leis an méid atá feicthe againn ó O’Shea go dtí seo i mbliana, ní bheadh aon iontas ann dá bhfeicfeadh muid Cian O’Sullivan ag imeacht beagán níos faide siar ón líne leathchúil chun an spás os comhair O’Shea a chosaint.

Ross Donovan agus Daniel Maye ag iarraidh stop a chuir le Aidan O'Shea. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Ross Donovan agus Daniel Maye ag iarraidh stop a chuir le Aidan O’Shea. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Is i lár na páirce a bheidh ceann de na cathanna móra eile. Ní i gcónaí gurb ionann an fhoireann a fhógraíonn Jim Gavin agus an ceann a chuireann sé chun páirce, cleas atá feicthe againn uaidh roimhe seo agus mar sin, ní bheidh a fhios againn cén bheirt a bheith ag dul chun páirce do Bhaile Átha Cliath go dtí tús an chluiche.

Tá imreoir ag Gavin a bhfuil i bhfad níos mó fuinnimh chun reatha aige ná mar atá ag beirt ancairí Mhaigh Eo, is é sin Michael Darragh MacAuley, ach níl mórán feicthe againn ó Pheileadóir na Bliana 2013 fós sa chraobh seo. Ach má tá an bainisteoir ag iarraidh fir atá in ann dul i gcoimhlint díreach le beirt Mhaigh Eo, seans go bhfeicfidh muid Brian Fenton agus Denis Bastick, a d’imir i gcoinne Fhear Manach.

Ar an taobh eile, tá Tom Parsons agus Seamus O’Shea ag dul ó neart go neart i lár an ghoirt do Mhaigh Eo agus cé nach gclúdaíonn siad an méid céanna den pháirc le himreoir ar nós MacAuley, níl aon easpa aclaíochta orthu agus beidh buntáiste acu más cath fisiciúil atá ann i lár na páirce. Beidh Maigh Eo ag iarraidh brú a chur ar Stephen Cluxton a chuid ciceanna amach a chur i dtreo na bhfathach i lár na páirce ach is fusa é sin a rá ná a dhéanamh.

Bhí rud amháin faoi fhoireann Mhaigh Eo don Domhnach a tháinig aniar aduaidh ar go leor daoine, sin é cás Barry Moran. D’imir an fear mór i gcoinne Dhún na nGall agus thug an-chabhair do Ger Cafferkey chun Michael Murphy a choinneáil faoi smacht. Níl imreoir den chineál céanna ag Baile Átha Cliath, áfach, agus beidh le feiceáil cén ról a bheidh ag Moran Dé Domhnaigh, má thosaíonn sé ar chor ar bith.

Agus caighdeán na n-imreoirí a bheidh ag imirt tráthnóna Dé Domhnaigh á thabhairt chun cuimhne, ba cheart go mbeadh coimhlintí maithe ann ar fud na páirce ach toisc an tallann bhreise atá ag Baile Átha Cliath sna tosaithe, ba cheart go mbeadh a ndóthain acu chun áit a bhuachan taobh le Chiarraí i gcluiche ceannais na bliana seo.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath an rogha toisc an tallann bhreise sna tosaithe acu…'