Aire Stáit na Gaeltachta ag súil le dul chun cinn a dhéanamh maidir le scéim nua labhairt na Gaeilge san athbhliain

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh cinneadh déanta ag Coiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain cruinniú speisialta a reáchtáil san athbhliain chun an scéim nua a phlé

Aire Stáit na Gaeltachta ag súil le dul chun cinn a dhéanamh maidir le scéim nua labhairt na Gaeilge san athbhliain

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil súil aige cruinniú speisialta a reáchtáil luath sa bhliain nua chun plé a dhéanamh ar scéim nua a d’fhéadfadh a bheith ina comharba ar scéim labhairt na Gaeilge.

Tá éilimh ann le fada Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, a thabhairt ar ais.

Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan arís nach mbeidh an scéim, ar cuireadh deireadh léi in 2011, á tabhairt ar ais ach deir sé go bhfuil súil aige scéim eile a chuirfeadh labhairt na Gaeilge chun cinn sa Ghaeltacht a fhógairt “go luath”.

Chuir an grúpa pleanála teanga Fóram Chois Fharraige tuarascáil faoi bhráid an Aire Stáit an mhí seo caite ina bhfuil moltaí maidir leis an gcaoi a bhféadfaí tuismitheoirí a spreagadh chun a ngasúir a thógáil le Gaeilge an mhí seo caite.

Dúirt O’Donovan sa Dáil an tseachtain seo gur chas sé le Comhar Naíonraí na Gaeltachta le gairid freisin chun scéim nua a phlé agus go bhfuil súil aige casadh le grúpa ionadaíoch ar na hoifigigh pleanála teanga go luath chomh maith.

Dúirt an tAire Stáit go raibh cinneadh déanta ag Coiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain cruinniú speisialta a reáchtáil san athbhliain chun an scéim nua a phlé.

“Cuirfear moltaí Fhóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga san áireamh sa phlé sin, rud atá an-tábhachtach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann fógra eile a chur amach…maidir leis an scéim sin go luath.”

Mhaígh O’Donovan freisin go raibh súil aige fógra a dhéanamh maidir le maoiniú na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta chomh maith. Dúirt sé go raibh cistíocht ar fiú breis is €1.6 milliún ceadaithe don eagraíocht idir 2021 agus 2023 agus go raibh plé ar bun faoi láthair maidir le maoiniú Thuismitheoirí na Gaeltachta do na blianta amach romhainn.

Dúirt O’Donovan nach bhfuil sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais mar a bhí agus go bhfuil “raon leathan de thacaíochtaí eile” curtha ar fáil ag an Roinn don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá scéimeanna nua chun labhairt na Gaeilge a spreagadh lasmuigh den Ghaeltachta luaite mar thosaíochtaí ag Airí na Gaeltachta i mbliana chomh maith.

Ag freagairt ceiste ón Teachta Aengus Ó Snodaigh a bhí an tAire Stáit nuair a labhair sé sa Dáil. Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, gur “trua go bhfuair an ‘Bord Snip’ réidh” le scéim labhairt na Gaeilge in 2011.

Dúirt sé go raibh cabhair ón Stát ag teastáil ó dhaoine chun a chinntiú nach bhfuil teaghlaigh sa Ghaeltacht ag iompú ar an mBéarla.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta ag súil le dul chun cinn a dhéanamh maidir le scéim nua labhairt na Gaeilge san athbhliain'

  • Donncha Ó hEallaithe

    Tuilleadh moilleadóireachta ón Roinn. Tá neart tuairiscí agus comhairle faighte cheana ag Roinn na Gaeltachta. Gníomh a theastaíonn. Sean cleas ag Roinn Stáit, ar ndóigh, nuair nach mian leo gníomhú tuilleadh cruinithe a bheith ann leis an gníomh a chur ar an méar fhada. Idir an dá linn tá an clog ag ‘ticeáil’ agus an Ghaeilge ag fáil níos laige sna ceantair is láidre Gaeltachta.