Ainneoin síorchaint ar thoghchán, mairfidh an Dáil seo ar feadh bliana, ar a laghad…

Beidh ar an gceannaire a chuirfidh deireadh leis an Dáil seo roimh mhí Feabhra 2021 a bheith réasúnta cinnte go neartóidh toghchán a pháirtí i dTeach Laighean…

Ainneoin síorchaint ar thoghchán, mairfidh an Dáil seo ar feadh bliana, ar a laghad…

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Gheall Fianna Fáil tar éis olltoghchán 2016 go dtabharfaidís tacaíocht don rialtas ar bhonn muiníne agus soláthair go dtí deireadh na bliana seo.

Níor socraíodh an uair sin céard a dhéanfaí ina dhiaidh sin ach glactar leis go forleathan go mbeidh an margadh a rinne Fianna Fáil le Fine Gael dhá bhliain ó shin as feidhm tar éis an bhuiséid a fhógrófar sa bhfómhar.

Ní foláir na focail ‘mar sin’ a mheá go cúramach, áfach, ar dhá chúis. I dtosach báire, toisc gur socraíodh in 2016 go n-athbhreithneodh an dá pháirtí an comhréiteach eatarthu ag deireadh 2018. Ar an dara dul síos, toisc nach mbeidh na beartais a fhógrófar sa bhuiséad curtha i bhfoirm reachtúil, agus pléite, agus rite sa Dáil, agus sa Seanad go dtí lár mhí na Nollag.

Ní féidir a rá riamh go bhfuil buiséad i bhfeidhm go mbíonn dhá bhille, ina gcuirtear an chuid is mó de ar bhonn reachtúil, rite go hiomlán ag an Oireachtas:

An Bille Airgeadais 

Teastaíonn dhá mhí ar a laghad leis an obair riachtanach go léir a chríochnú, sa Roinn Airgeadais agus san Oireachtas. Níor ritheadh an ceann is déanaí sa Seanad go dtí an 12 Nollaig anuraidh.

An Bille Leasa Shóisialaigh

An tréimhse chéanna, ar na cúiseanna céanna. Níor ritheadh é sa Seanad anuraidh go dtí an 14 Nollag.

Ní oirfeadh sé d’Fhine Gael ná d’Fhianna Fáil dá gcuirfeadh olltoghchán moill ar chur i bhfeidhm na mbeartas a shonrófar i gceachtar bille. Dá gcuirfeadh, bheadh slat bainte acu lena sciúrfaí iad go dtí lá na vótála.

Ar ndóigh bheadh cathú ar Leo Varadkar toghchán a ghairm uair éigin i mbliana, toisc Fine Gael a bheith chun cinn go leanúnach ar Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna. Ach níl slí sa bhféilire polaitiúil d’fheachtas toghcháin má chuireann tú san áireamh an reifreann, teacht an tsamhraidh agus an buiséad, agus sin gan trácht ar chuairt an Phápa. 

Fiú má chuirtear na cúraimí thuas i leataobh, ní bheadh freagra inchreidte ag Fine Gael ar an gceist a dhúiseodh toghchán roimh am: an bhfuil cúis mhaith leis an toghchán seo, agus le luathchealú an chomhréitigh a rinne sibh le Fianna Fáil?

Má fhágtar conspóid nó achrann nach féidir a thuar as an áireamh mar sin, tá sé ionann agus cinnte nach reáchtálfar olltoghchán roimh dheireadh mhí Eanáir 2018. Beifear ag teannadh leis an dáta foirmiúil don Bhreatimeacht (29 Márta 2019) faoin am sin. 

Ní chuirfidh an chuid is mó den dochar a dhéanfaidh an Breatimeacht abhus isteach ar an tír go dtí an dáta feidhmeach (31 Nollaig 2020). Mar sin féin, ní léir cén tairbhe a bhainfeadh Fine Gael ná Fianna Fáil as olltoghchán roimh an gcéad dáta sin.

Ina dhiaidh sin, cá bhfios? Beidh cúis mhaith agus tairbhe shoiléir de dhíth ar an bpáirtí a chuirfidh deireadh leis an gcomhthuiscint eatarthu, fiú mura sínfear é ar dhóigh neamhoifigiúil tar éis dó dul as feidhm go hoifigiúil ag deireadh na bliana seo.

Beidh ar an gceannaire a chuirfidh deireadh leis an Dáil seo roimh mhí Feabhra 2021 a bheith réasúnta cinnte go neartóidh toghchán a pháirtí i dTeach Laighean.   

Is beag duine i bhFine Gael ná i bhFianna Fáil a shíleann go leanfar leis an gcomhthuiscint eatarthu ó mhí Eanáir ar aghaidh. Ach ní hionann margadh atá as feidhm agus olltoghchán a ghairm gan mhoill.

Fág freagra ar 'Ainneoin síorchaint ar thoghchán, mairfidh an Dáil seo ar feadh bliana, ar a laghad…'