Aiféaltas agus aithreachas Ian Paisley – ceisteanna le freagairt aige féin agus an DUP

Tá saincheist le freagairt ag Arlene Foster agus DUP i bhfianaise an scannail faoi Ian Óg Paisley – cad is fiú leo ardchaighdeán iompair agus eitice?

Aiféaltas agus aithreachas Ian Paisley – ceisteanna le freagairt aige féin agus an DUP

Ghabh sé leithscéal leis an bParlaimint. Leithscéal lena chomhghleacaithe san DUP. Agus, le tocht ina ghlór, d’iarr sé pardún a thoghcheantair, Aontroim Thuaidh, mar a bhfuair sé 58.9% de na vótaí san olltoghchán anuraidh. Bhí údar maith ag an bhfeisire Ian Paisley a bheith ar tí caoineadh. Bhí sé ag iarraidh an damáiste a rinne a iompar féin dá shaol polaitiúil a shrianadh. Ba é breithiúnas a chomhghleacaithe go raibh sé ciontach as rialacha a shárú ar íocaíocht ó rialtas eachtrach. Bhí sé náirithe, agus míchlú tarraingthe ar an bParlaimint aige.

Seans nach fada arís go mbeidh deis ag na vótóirí a mbreithiúnas a thabhairt ar Ian Paisley agus an scannal faoina laethanta saoire saor in aisce i Srí Lanca. Chinn Coiste na gCaighdeán sa Pharlaimint go raibh sé ciontach as íocaíocht a ghlacadh chun abhcóideacht nó stocaireacht a dhéanamh thar ceann Srí Lanca – cion tromchúiseach. Ina theannta sin chinn an Coiste gur sháraigh sé rialacha na Parlaiminte nuair a theip air an sochar ó rialtas Shrí Lanca a chlárú mar leas airgeadais. 

Ghearr siad tréimhse fionraíochta tríocha lá de sheisiúin Pharlaiminte air ón 4 Meán Fómhair ar aghaidh. Sin suas le dhá mhí fionraíochta ag am a mbeidh práinn le gach aon vóta agus cúrsaí an Bhreatimeachta ag druidim le cnámh na huillinne. Caithfidh na feisirí vótáil Dé Máirt chun an pionós a cheadú. Cé gur bhain an DUP leas as achainí chásmhaireachta i Stormont chun stop a chur le pionós a gearradh ar theachta tionóil meastar go n-aontóidh na feisirí le tréimhse fionraíochta Paisley.

Ina ráiteas sa Pharlaimint Déardaoin, ghabh sé a leithscéal agus dúirt sé gur ghlac sé leis an rialú.

D’éiligh Sinn Féin go n-éireodh sé as a shuíochán i ngeall ar an scannal. Ní hiontas a schadenfreude ar ndóigh ó ba iad an DUP an chéad dream a d’éiligh go n-éireodh Barra Mac Giolla Dhuibh as mar fheisire Parlaiminte do Shinn Féin i mí Eanáir nuair a mhaslaigh sé íospartaigh Kingsmills.

Ní raibh breithiúnas tugtha ag an DUP ar iompar fheisire Aontroma Thuaidh nuair a bhí an t-alt seo á scríobh, ach ba léir go raibh eite áirithe den pháirtí an-mhíshásta.

Measadh go raibh fothoghchán ionann agus dosheachanta. Mura n-éireodh Paisley as dá dheoin féin nó mura gcuirfeadh an DUP iachall air imeacht, tá córas nua in Westminster chun feisire a ngearrtar tréimhse fionraíochta níos faide ná deich lá air a ruaigeadh agus fothoghchán a thionscnamh. Má éilíonn 10% de na vótóirí sa toghcheantar fothoghchán taobh istigh de shé seachtaine tar éis na tréimhse fionraíochta caithfear a leithéid a ghairm. Sin timpeall 7,500 vótóir in Aontroim Thuaidh agus ba cheart go mbeifí in ann an líon sin a bhailiú go héasca cé go raibh tromlach ollmhór ag Ian Paisley anuraidh.

San fhothoghchán i dTír Eoghain Thiar tar éis do Bharra Mac Giolla Dhuibh éirí as a shuíochán rith Sinn Fein iarrthóir nua a toghadh gan stró. Tá duine de mhuintir Paisley mar fheisire Parlaiminte ag Aontroim Thuaidh le 48 bliain, agus in 2010 a tháinig an mac i gcomharbacht ar a athair. Drochsheans go n-imeodh sé go ciúin dá mbeadh an DUP ag iarraidh fáil réidh leis. Go deimhin, ’sé is dóichí go gcoinneodh sé an suíochán, go héasca fiú, mar neamhspleách a bheadh in iomaíocht le duine eile ón DUP. Aincheist d’Arlene Foster agus d’oifigigh an DUP, ach tá saincheist le réiteach acu freisin – cad is fiú leo ardchaighdeán iompair agus eitice in oifig phoiblí.

Na cionta

I mí an Mhárta 2013, d’imigh Ian Paisley, a bhean agus a gceathrar clainne go Srí Lanca agus grád gnó ar an eitilt acu. D’fhan siad in óstáin ghalánta agus tugadh ar thurais héileacaptair iad ar chostas an rialtais ansin. Cúpla mí ina dhiaidh sin thug sé féin, a bhean agus beirt den chlann cuairt eile ar Shrí Lanca. Arís eile d’íoc rialtas Shrí Lanca gach costas do na laethanta saoire. Breis agus £50,000 an costas a bhí leis an dá thuras. Níor chláraigh Ian Paisley iad i bhfógra leas airgeadais na bhfeisirí Parlaiminte.

Chuaigh sé ar ais go dtí Srí Lanca níos deireanaí sa bhliain ina aonar agus chláraigh sé an turas sin mar leas airgeadais

Sa Mhárta 2014 scríobh sé ag an bPríomh-Aire David Cameron ag iarraidh tionchar a imirt ar chinneadh faoi Shrí Lanca.

Ba é an nuachtán an Daily Telegraph a thug an scéal chun solais anuraidh. Dúirt Ian Paisley ag an am nach raibh loighic ná réasún le tuairisc an pháipéir. Dúirt sé go raibh comhairle dlíodóra á fáil aige agus ba eisean a chuir an scéal faoi bhráid an Choimisinéara um Chaighdeáin.

1. Chinn an Coimisinéir – agus d’aontaigh an Coiste – gur sháraigh Ian Paisley rialacha na Parlaiminte nuair nár chláraigh sé an dá shaoire mar bhuntáiste dó féin agus dá chlann. Ba ghá ag an am aon teacht isteach os cionn £660 a fhógairt.

2. Chinn siad go raibh sé ciontach as stocaireacht ar íocaíocht nuair a scríobh sé ag an bPríomh-Aire ar mhaithe le Srí Lanca.

3. Chinn siad gur sháraigh sé na rialacha chomh maith nuair nár chuir sé an Príomh-Aire ar an eolas ina litir faoi na buntáistí a bhí faighte aige ó Shrí Lanca.

4. Thairis sin chinn an Coiste gur mí-iompar tromchúiseach ab ea na cionta sin agus dá bhrí sin go raibh riail eile sáraithe – mar gur tharraing a iompar míchlú ar an bParlaimint agus gur bhain sé de mhuinín an phobail.

Fág freagra ar 'Aiféaltas agus aithreachas Ian Paisley – ceisteanna le freagairt aige féin agus an DUP'