AGALLAMH le Fergus McFadden: ‘Is cuimhin liom gach rud anois, ach bhí rudaí doiléir go maith’

Labhair Fergus McFadden le Tuairisc.ie faoin eachta ‘scanrúil’ a d’fhág gan aithne gan urlabhra é ar pháírc na himeartha an tseachtain seoc caite

AGALLAMH le Fergus McFadden: ‘Is cuimhin liom gach rud anois, ach bhí rudaí doiléir go maith’

MFergus McFadden 3/4/2015

Nuair a bhuail Kyle Eastmond agus Fergus McFadden guaillí a chéile, ba léir láithreach go raibh fear Chúige Laighean i dtrioblóid. Bhailigh an fhoireann leighis timpeall air agus speabhraídí air. B’sheo leo á iompar go dtí an taobhlíne.

Tháinig Zane Kirchner ar pháirc na himeartha ina áit agus ba ríléir nach mbeadh McFadden ag filleadh.

Labhair sé le Tuairisc.ie faoin ngeit a bhain an gortú as an Satharn seo caite i gcoinne Bath i gCorn na gCuradh.

“Ba é sin an ceann ba mheasa a d’fhulaing mé,” a dúirt McFadden agus é ag tagairt don ghortú comhtholgtha.

“Fuair mé buillí cheana agus lean mé orm ag imirt. B’fhéidir nár éirigh liom sna tástálacha ar fad a cuireadh orm díreach i ndiaidh na mbuillí, ach d’éirigh liom leanúint ar aghaidh. Sa chás seo, áfach, fágtha sínte ar shlat mo dhroma a bhí mé ar pháirc na himeartha, gan aithne gan urlabhra.

“Tá sé scanrúil. D’fhéach mé siar ar an taifead nuair a d’fhill mé abhaile an oíche sin agus dúirt liom féin, níl aon chuimhne agam ar aon chuid de sin. Tá sé scanrúil ach tá an-chuid taighde déanta anois ó thaobh leighis de, agus ó tharla go bhfuil sé go mór sa nuacht faoi láthair, táthar ag coinneáil súil ghéar air.”

In ainneoin go bhfuil McFadden le filleadh an tseachtain seo, is é is dóichí nach rachaidh Matt O’Connor sa seans agus é a chur chun páirce i gcoinne Newport sa Guinness Pro12. B’olc an mhaise dó sin a dhéanamh, go háirithe agus imreoir na Breataine Bige agus naomh Northampton, George North, tar éis a thríú comhtholgadh a fhulaingt an séasúr seo. 

Tugadh briseadh míosa dó, murab ionann agus an ráithe a thug Racing Metro do Sexton tar éis dó trí chomhtholgadh a fhulaingt.

Bhí iarimreoir Chúige Laighean Sexton ar fáil chun comhairle a chur ar McFadden.

“Chuir mé téacs chuig Johnny (Sexton) tar éis a chluiche i gcoinne Saracens, ag déanamh comhbhróin leis. Bhí sé chugam ag guí gach rath orm i dtaobh a bhfuil le déanamh agam chun filleadh ar an imirt. 

“Dúirt sé dá mbeadh aon fhadhb agam, glaoch a chur air. Bhí an rud céanna á dhéanamh aige ar feadh trí mhí. Chonaiceamar cé chomh cúramach is a bhí siad (Racing Metro 92) leis. Ní féidir leat a bheith cúramach do dhóthain leis an inchinn agus an ceann.”

Thug McFadden buille fíochmhar d’Anthony Watson sa chéad leath sular leag Kyle Eastmond chun talún é. Deir McFadden go raibh Eastmond beagáinín ard sa ghreamú agus nach lena chur chuige féin a bhí an fhadhb. Mar sin féin, ní cheapann an cliathánaí go raibh aon rud mailíseach ag baint leis an ngreamú.

“Maidir leis an eachtra é féin, nuair a fuair mé an buille sa cheann ag tús an dara leath, is sa ghiall díreach a fuaireas é agus mé ar ruathar. Buíochas le Dia gur tháinig mé chugam féin 15 nóiméad ina dhiaidh sin agus go rabhas in ann siúl ón bpáirc. 

“Bhí díomá orm nár imir mé an cluiche ina iomláine. Ach, fuaireamar an bua. Is cuimhin liom gach rud anois, ach díreach i ndiaidh na heachtra, bhí rudaí doiléir go maith.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH le Fergus McFadden: ‘Is cuimhin liom gach rud anois, ach bhí rudaí doiléir go maith’'

  • Zach

    Sorry to write this in English: what does “b’sheo” stand for?

    • Tuairisc

      ba é seo = ba mar seo – ba é seo a tharla