Beagnach 300 dánfhocal atá le fáil sa leabhar nua Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse, atá in eagar ag Aidan Doyle agus Ken Ó Donnchú, léachtóirí i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Foilsithe ag Cló Ollscoile Chorcaí, is eagrán nua dátheangach atá ann de bhailiúchán a foilsíodh ar dtús os cionn céad bliain ó shin agus scríobhadh cuid de na dánfhocail féin 700 bliain ó shin.
Is trí sheans a tháinig Aidan Doyle trasna ar chóip den leabhar Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse le Tomás Ó Rathile (T.F. O’Rahilly) d’fhoilsigh The Talbot Press sa bhliain 1921. Fuair sé glaoch lá ó chara leis ag tabhairt cuireadh dhó a theacht agus breathnú trí bhailiúchán leabhar a athar a bhí i ndiaidh bás a fháil. Fear mór leabhar a bhí in athair a chara agus bhí carn leabhar Gaeilge cruinnithe aige i gcaitheamh a shaoil.
Chuaigh Doyle ag breathnú ar an mbailiúchán agus thug sé thart ar 20 leabhar leis, an chóip de shaothar Uí Rathile ina measc.
“Bhí a fhios agam go raibh a leithéid ann, ach ní raibh aon chóip feicthe agam roimhe sin. Bhínn á léamh anois is arís agus théis cúpla bliain dúirt mé go mb’fhéidir go gcuirfinn Béarla ar chuid acu. Thosaigh mé deich mbliana ó shin, geall leis, agus bhínn ag cur leis de réir a chéile,” a deir Doyle.
Is tráthúil, gur de réir a chéile a d’aistrigh sé na dánfhocail mar gur de réir a chéile agus anseo is ansiúd a scríobhadh síos na dánfhocail an chéad lá riamh. D’aimsigh Ó Rathile na bunleaganacha de réir a chéile agus é ag léamh trí bhailiúchán lámhscríbhinní na hÉireann. Ábhar an-daor a bhí sa phár agus ní bhíodh na scríobhaithe ag iarraidh aon spás folamh a fhágáil, mar sin is minic go mbreacadh siad na rannta sna ciumhaiseanna le taobh phríomhábhar na lámhscríbhinní.
Tá an focal ‘dánfhocal’ luaite ar Teanglann.ie ar cheann de na leaganacha Gaeilge ar an bhfocal ‘epigram’, ach measann Doyle agus Ó Donnchú gurb é Ó Rathile féin a chum an focal le cur síos ar dhéanamh ar an ábhar a bhí sa bhailiúchán aige, mar nach bhfuil aon taifead scríofa eile den fhocal le fáil.
“An rud a dhein Ó Rathile ná cumadóireacht dáiríre, ach tá sé mínithe aige go deas ina réamhrá féin go raibh sé ag iarraidh go mbeadh daoine in ann leas a bhaint as ní hamháin ábhar na ndánta ach na ceachtanna atá iontu chomh maith,” a deir Ó Donnchú.
Tá na dánfhocail sa leabhar roinnte amach de réir ábhair éagsúla a bhaineann le gach gné den saol, an grá, an fhéile agus an sprionlaitheacht, agus an bhochtaineacht agus an saibhreas, ina measc. Shocraigh na heagarthóirí na leaganacha i nGaeilge a fhágáil mar a bhí siad ag Ó Rathile.
“D’fhágamar gach rud mar a bhí, mar go mbaineann sé le cúrsaí meadarachta. An fhadhb a bhaineann lena leithéid sin ná má thosaíonn tú ar an gcistin a ghlanadh, ní fada nó go mbeadh ort an teach ar fad a ghlanadh. Dá n-athrófá mír amháin, b’fhéidir go mbeadh an mheadaracht as alt. Ba é an rud ba mhó a theastaigh uainn a dhéanamh ná an t-ábhar a chur ar fáil, ní hamháin do mhic léinn ach do phobal na Gaeilge.”
Téann cuid de na rannta siar 700 bliain agus tá cruth agus fuaim ar leith ag dul leo a bhaineann leis an tréimhse inar scríobhadh iad. Ceithre líne atá i ngach ceann agus iad ag cloí le stíl an dáin dhírigh agus na leaganacha níos scaoilte de a tháinig ina dhiaidh. Bíonn leisce ar aistritheoirí eagráin den téacs atá ann a leasú nó a athrú, a deir Ó Donnchú, mar go bhfuil an baol ann go n-athrófaí gach rud ar deireadh.
Tá an difríocht idir an Ghaeilge atá sna dánfhocail agus Gaeilge an lae inniu cosúil leis an difríocht idir Béarla an lae inniu agus an Béarla atá le fáil i saothar Chaucer nó Shakespeare, a deir Doyle.
“Cinnte tuigimid saothar Shakespeare, ach tá roinnt rudaí ann nach mbeadh tuiscint againn orthu láithreach, tá na dánfhocail mar an gcéanna. Tuigim nuair a fheiceann daoine an t-ábhar i nGaeilge go bhfuil siad in ann a bheith saghas drogallach roimhe. Ach creidim, formhór na léitheoirí, gheobhaidís isteach air gan mórán moille.”
An aidhm is mó atá acu leis an eagrán nua a deir Doyle agus Ó Donnchú ná daoine a threorú ar ais go dtí na bunleaganacha de na dánfhocail. Tá na leaganacha i mBéarla ar fáil le cúnamh a thabhairt do dhaoine brí na ndánta a thabhairt leo.
“Bhí muid ag iarraidh go mbeadh na haistriúcháin chomh cruinn agus is féidir, ach go mbeadh sé ina ‘Bhéarla’ chomh maith, is é sin le rá go ndéanfadh sé ciall i mBéarla. Is minic go bhfaighfeá aistriúchán nach féidir ciall a bhaint as, só bhí muid ag iarraidh go mbeadh sé inléite, soléite, ach ag an am céanna go dtabharfadh sé leis blas an bhuntéacs chomh maith.”
Cé gur scríobhadh na dánfhocail na céadta bliain ó shin, tá siad fós tráthúil i saol an lae inniu, a deir siad. Aithneoidh go leor daoine, a deir Doyle, mothúcháin an fhile a scríobh an rann thíos ón gcaibidil ‘An Óige agus an Chríonnacht’.
Ró-bheag orm an chríne chrom,
’S an tráthnóna ag druidim liom,
Iall mo bhróige im dhá láimh,
Ciall is óige dom fhágáil.
Mhair go leor de na dánfhocail sa mbéaloideas agus deir Ó Donnchú go n-aithneoidh an té a mbeadh eolas acu ar an mbéaloideas go leor den ábhar atá sna dánfhocail. Sampla amháin de sin a luann sé ná an seanfhocal ‘is binn béal ina thost’.
Is glic do réir an tseancha
An té thochtas a bhriathra
D’eagla na ndánfhocal
Is binn béal ó bheith iadhta.
Thar aon ní eile, is comhairle saoil atá le fáil sna dánfhocail a deir Ó Donnchú. Sa lá atá inniu ann, a deir sé, tá forbairt mhór ar earnáil an ‘self-help’ ach bhí siad seo ann i bhfad roimhe sin agus teagasc iontu, nó múnla don dea-bheatha.
“Séard atá iontu ná na rudaí a deir daoine gan cuimhneamh, an t-eolas traidisiúnta sin. Ní gá go mbeadh freagra gach ceiste aige i gcónaí ach is comhairle é don bheatha. Tugtar saíocht thraidisiúnta air sin, seanchas, ach comhairle a bhí ann ar deireadh,” a deir sé.
Fág freagra ar 'AGALLAMH: Eagrán nua dátheangach de Dánfhocail Uí Rathile foilsithe'