AG TÓGÁIL CLAINNE: ‘An fiabhras dearg agus calar ort!’

Bhí ár gcolúnaí ag cuimhneamh ar an ádh atá orainn sa tír seo an lá cheana agus an naíonán á thabhairt ag an dochtúir aici. Cé nach raibh sí chomh sona céanna an lá ar casadh reithe ar an mbóthair léi...

sheep-iceland

Chuala mé é sula bhfaca mé é. “Calar ort…agus, agus, double calar ort!”

Bhreathnaigh mé suas an bóithrín go bhfeicfinn cé a bhí ag béiceadh.

Is gearr go bhfaca mé reithe ag déanamh orm mar a bheadh sé ar an staid dheireanach den Gold Cup ag Cheltenham. Is beag nár léim mé isteach faoin gclaí.

Ní hé an reithe a bhí ag béiceadh ach an fear a bhí ag teacht – píosa maith – ina dhiaidh ag iarraidh breith air.

Ní raibh mórán dóchais agam dhó breith ar an reithe a bhí faoin am seo, shamhlaigh mé, ag ól seaimpéin in éineacht le Ruby Walsh i gciorcal na mbuaiteoirí.

Bhí an fear bocht tugthaí.

Nuair a bhronn Dia a chuid buanna air, ní cheapaim go raibh an rith ar cheann acu.

Stop sé i lár an bhóthair go dtiocfadh an anáil ar ais chuige.

Ansin dhírigh sé é fhéin, bhrúigh siar na guaillí, dhún na dorna is bhéic amach a mhallacht – “an fiabhras dearg agus calar ort!”

Nach mór an lorg atá fágtha ar mheon mhuintir na hÉireann ag na galraí sin go bhfuil siad fós beo sa gcaint?

Aimsir an ghorta mhóir go deireadh ar scuab an calar mórán daoine leis sa tír seo. Os cionn céad caoga bliain ó shin.

Nach mór an difear i gcéad caoga bliain.

Bhí mé ag cuimhneamh ar an ádh atá orainn sa tír seo an lá cheana agus an naíonán á thabhairt ag an dochtúr agam leis an dara babhta vacsaíní a fháil.

Cúig bhabtha vacsaínithe ar fad a bheidh ann sula mbeidh sé bliain agus mí d’aois.

Beidh cosaint éigin ansin aige ar na mórghalraí ar nós meiningíteas agus póilió.

Tá cuid mhaith cainte déanta le deireanas go bhfuil tíortha an Iarthair ag déanamh an iomarca imní faoi scaipeadh an ghalair ebola amach as iarthar na hAfraice; go bhfuil an galar chomh fada sin uainn nár ghá aon imní a bheith orainn.

Is dócha go bhfuil cuid den cheart ansin. An dualgas is mó atá orainn san Iarthar gan dabht ná airgead agus cúnamh a thabhairt do mhuintir iarthar na hAfraice leis an ngalar a chur faoi chois.

Ina dhiaidh sin fhéin ná ceapadh muid go bhfuil muid dochloíte.

An tseachtain seo tá bean san ospidéal i mBéal Feirste agus imní go bhfuil ebola uirthi. Tá sé céad caoga bliain ó scuab an calar na mílte leis sa tír seo.

Cuireadh an galar fhéin faoi chois.

Ach maireann a lorg fós i gcaint na ndaoine.

Fág freagra ar 'AG TÓGÁIL CLAINNE: ‘An fiabhras dearg agus calar ort!’'