Ag tochailt linn sa dorchadas in The Dark Tower

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Déantar roinnt míreanna aicsin snasta a sholáthar i scannán nua bunaithe ar shaothar Stephen King, ach níor leor sin leis an mearbhall a chúiteamh

Ag tochailt linn sa dorchadas in The Dark Tower

The Dark Tower
Stiúrthóir: Nikolaj Arcel
Cliar: Matthew McConaughey, Idris Elba, Tom Taylor,  Dennis Haysbert.

Dar le Stephen King féin is é an cnuasach ocht leabhar faoi The Dark Tower a magnum opus. Leabhair iad a dhéanann gnéithe de sheánraí na mbuachaillí bó, na fantaisíochta agus an ficsean eolaíochta a chniotáil le chéile. Ní haon iontas gur thóg sé breis agus deich mbliana fís an Rí a thabhairt chuig an scáileán mór.

Meascán mearaí de sheánraí difriúla atá sna leabhair agus an scannán nua a  d’eascair astu.

D’admhaigh King féin gur fhág leithéidí

The Lord of the Rings, finscéalta Artúracha agus  The Good, the Bad and the Ugly  lorg ar a shaothar. D’fhógair sé go neamhbhalbh go raibh ceann feadhna an chnuasaigh bunaithe ar An Fear Gan ainm a chuir Clint Eastwood inár láthair i dtriológ spaghetti western Sergio Leone.

I Nua-Eabhrac an lae inniu tá Jake (Taylor) ciaptha ag brionglóidí/tromluithe gléineacha, faoi thúr mór dorcha, fear i gculaith dhubh agus ‘gunslinger’.  Ceapann a mháthair agus a leas-athair go bhfuil bás tragóideach a athar ag luí go trom air agus téann i muinín na síceolaíochta. Diaidh ar ndiaidh, áfach, nochtar go bhfuil an fear sa chulaith dhubh, Walter (McConaughey) ag iarraidh an túr úd, a bhfuil cumhachtaí osnádúrtha aige chun an réaltra a chosaint, a thabhairt chun na talún. Úsáideann sé fearas speisialta agus intinn na n-óg chun sin a dhéanamh.

Is anseo a thosnaíonn an castróvaics. Cad go díreach iad na cumhachtaí atá ag an túr seo? Cé atá ina chónaí ann? Cé hé Walter go díreach? Cé hiad na neacha aisteacha atá ag cabhrú leis? Ceisteanna ag ráthaíocht id intinn ach freagraí, ní thagann.

Léimimid ón tine chun na gríosaí nuair a bhuailimid leis an laoch, Roland (Elba).

Imíonn Jake trí thairseach speisialta le

teacht ar dhomhan eile, nó ar chruinne pharailéalach, b’fhéidir.

Is anseo a bhuaileann sé le Roland, an trodaí gunnaí deireanach, duine de dhream a bhfuil sé mar chúram orthu an túr mistéireach úd a chosaint. Is anseo a dhéantar tagairtí fánacha do scéalta Artúracha. In iardhearcadh gan dealramh cítear Walter ag marú a athar. Tá fonn díoltais air gan amhras.

Fuaireas an-bhlas ar an domhan aduain seo agus is mór an trua nár baineadh a thuilleadh adhmaid as.

Tá cuma iar-apacailipteach air agus iarsmaí de shaol eile fós le feiscint ann. Cad a tharla? Conas nach bhfuil tuiscint ag an dream atá ann anois ar an saol a bhí ann rompu? Conas go bhfuil na daoine agus an saol a chaitheann siad chomh cosúil leis an domhan seo againne? Canathaobh go labhraíonn siad ar fad Béarla? Arís táimid ag tochailt linn sa dorchadas. Sin a tharlaíonn nuair a dhéanann tú ocht leabhar a chiorrú go 95 nóiméad.

Lena cheart a thabhairt do Elba is ceann feadhna caithiseach é. Éiríonn leis an aisteoir scéal ciotach agus scríbhinn bhacach a iompar.

Is léir go mbaineann McConaughey súp as ról an bhithiúnaigh agus tugann Taylor óg taispeántas ábalta uaidh.

Déantar roinnt míreanna aicsin snasta a sholáthar ach ní leor sin leis an mearbhall a chúiteamh.

Fág freagra ar 'Ag tochailt linn sa dorchadas in The Dark Tower'