Ag tiomáint ar scoil le ceadúnas an Massey Ferguson

Bhí ár gcolúnaí i gcomhluadar scata daoine óga an tseachtain seo agus thuig sí i ndiaidh an chomhrá go mbíonn riachtanais agus riachtanais ann

Ag tiomáint ar scoil le ceadúnas an Massey Ferguson

Tharla sé go raibh mé i gcomhluadar scata daoine óga an tseachtain seo caite agus mé thíos fán dtuath. Go hiondúil bíonn daoine sna déaga sórt cúthail agus gan mórán fonn orthu a bheith ag caint faoina saol laethúil. Ná go deimhin faoi chúrsaí airgid.

Ach is dócha mar gheall ar a dtaithí a bheith ag plé le daoine fásta nó daoine atá amach sna blianta, agus iad ag obair go páirtaimseartha, bhíodar seo breá sásta beagáinín comhrá a dhéanamh liom.

De réir mo thuisceana, bhí duine acu ag freastal ar mheánscoil a bhí i mbaol a dúnta tráth, nó ar a laghad bhí caint ann faoi chónascadh leis an scoil eile ar an mbaile, de bharr titim sa tinreamh.

‘Cé mhéad duine atá ag freastal ar do scoil anois?’ a d’fhiafraigh mé féin di. Ní raibh sí iomlán cinnte ach bhí barúil aici go raibh os cionn míle scoláire ann. D’inis sí dom go raibh scoláirí ag teacht ann ó chuile chearn sa chontae de bharr an dea-cháil atá ar an scoil anois.

‘Agus ar ndóigh tá scata maith Úcránach ag freastal ar an scoil freisin,’ arsa sise.

Cheap mé go gcaithfeadh sé gur imir sé sin ar fad drochthionchar ar an líon scoláirí a bhí ag freastal ar scoil a dearthár. Ach bhí dul amú orm. Os cionn 700 atá ag freastal ar a scoil siúd, a d’inis sé dom. Agus an dá scoil suite sa mbaile beag céanna. Ag cur thar maoil le scoláirí a bhíonn an baile chuile lá, de réir cosúlachta.

Chas mé ar ábhar eile ar fad. D’fhiafraigh mé den duine is sine an raibh sí fós ag obair i jab páirtaimseartha ar an deireadh seachtaine. Bí cinnte go raibh. Nach raibh sí ag iarraidh airgead a shábháil?

Nach raibh sé sin an-chiallmhar, cheap mé. Ag sábháil cúpla pingin don Nollaig b’fhéidir?

Ní hea, ná baol air. Ag cur airgead sa mbanc atá sí chuile sheachtain agus súil aici faoi dheireadh na scoilbhliana go mbeidh dóthain aici le carr a cheannach.

‘Tá súil agam go mbeidh mo cheadúnas agus mo chuid árachais agam faoin tráth sin,’ a dúirt sí. ‘Agus ansin beidh mé in ann tiomáint ag an scoil – agus síob a thabhairt do mo dheartháir ag an scoil eile.’ Bhí an bus scoile ar maidin agus tráthnóna ag cur iomarca fad leis an lá, mheas sí.

Anois, ní hé go raibh fadhb leis an mbus, ná ní raibh éinne ag cur toscaireacht chuig an Aire ag lorg seirbhís nua bus. Bhí an bus ag teacht róluath ar maidin.

Caithfidh mé a admháil gur bhain sé sin siar asam. An uair dheireanach a chuala mise faoi scoláirí ag tiomáint ag an meánscoil, bhíodar ag freastal ar scoil cháiliúil phríobháideach i mBaile Átha Cliath, agus ba scéal nuachta a bhí ann toisc go raibh carrchlós dá gcuid féin acu. Agus ba iad na múinteoirí a bhí ag clamhsán toisc nach raibh dóthain spáis sa chlós dóibhsean.

‘Agus an bhfuil mórán scoláirí ag tiomáint ag an scoil?’ arsa mise.  ‘Thart ar dhá scór,’ a dúirt sí.

Rinne mé iontas go mbeidís in acmhainn, ní hamháin carr a cheannach agus a choinneáil ar an mbóthar, ach go mbeidís in acmhainn íoc as an árachas freisin – agus iad fós sna déaga.

Bhí freagra na ceiste sin aici freisin. ‘Sílim,’ a dúirt sí, ‘go bhfuil cuid acu clúdaithe le hárachas do tharracóirí toisc go bíonn cead acu tarracóir a thiomáint ag 16 bliain.’

Mheas mé go raibh rud éigin mídhleathach nó míchruinn faoi sin – a bheith ag tiomáint cairr a raibh árachas tarracóra ag baint leis. ‘Ó ní hin é a bhí i gceist agam,’ arsa sise. ‘Tiomáineann siad na tarracóirí ag an scoil agus páirceálann siad ansin iad i gcaitheamh an lae. Is radharc suntasach é sin taobh leis an scoil,’ arsa sise.

Toisc gur saineolaí amach is amach mé ar chúrsaí tarracóirí (féach mo cholún le gairid faoi mo chompánach aerthaistil agus a cheangal le Massey Ferguson) cheap mé go mb’uafásach an cur amú airgid a bheadh ann, ceann acu sin a pháirceáil i gcaitheamh an lae ag balla na scoile.

D’fhéach sí orm agus trua aici dom. ‘Ní thugann siad leo na tarracóirí móra feirme,’ arsa sise. ‘Cuireann siad caoi ar na sean-tractors ón bhfeirm agus sin é an modh taistil a bhíonn acu ag an scoil.’

Anois, nach iad na daoine óga atá cliste agus féinmhuiníneach agus iad ag réiteach a gcuid fadhbanna féin, ag freastal ar a gcuid riachtanas féin, gan aon chur isteach ón Stát, ná gan aon chabhair oifigiúil á lorg acu chun fadhbanna praiticiúla a réiteach?

Síob ag teastáil ó éinne?

Fág freagra ar 'Ag tiomáint ar scoil le ceadúnas an Massey Ferguson'