Ag magadh fúm atá an puzal míreanna mearaí leathdhéanta sa drisiúr

Shíl mé go bhfaighinn cúpla bliain eile as na súile go dtí gur thosaigh mé ar phuzal míreanna mearaí an Bhabaí

Ag magadh fúm atá an puzal míreanna mearaí leathdhéanta sa drisiúr

Tá puzal míreanna mearaí leathdhéanta ina chónaí ar bharr an drisiúir i seomra an Bhabaí le seacht mí anuas ag magadh fúm. Deirim gur leathdhéanta atá sé, ach níl sé sin fíor. Níl sé i ngar a bheith leathdhéanta.

Níl déanta fós ach paiste beag thíos i gcoirnéal an phictiúir, is tá na píosaí eile scaipthe amach gan bun ná barr leo. Meas tú an gcríochnófar go deo é?

Cén bhrí ach tá an ghráin agam ar mhíreanna mearaí. An ghráin chríochnaithe. An bhfuil sé sin róláidir?

Ní raibh mé ag iarraidh baint ná páirt a bheith agam leis an chéad lá riamh. Rinne mé mo dhícheall é a chur ina luí ar an mBabaí gan é a cheannacht an lá cinniúnach sin sa siopa agus dearbhán faighte aige lena bhreithlá.

‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil tú á iarraidh?’ a dúirt mé. ‘Breathnaíonn sé an-chasta.’

‘Tá mé cinnte,’ a deir sé. ‘Is maith liom a bheith ag déanamh jigsaws.’

An maith le haon duine a bheith á ndéanamh? Dháiríre?

‘Níl mise rómhaith acu,’ a dúirt mé. ‘Ní cheapaim go mbeidh mé in ann mórán cúnaimh a thabhairt duit.’

‘Tá sé sin ok Mamaí,’ a dúirt sé le teann cineáltais, ‘déanfaidh mé féin é.’

Puzal 500 píosa atá ann. 500 píosa!

Agus is pictiúr holagrafach atá ann. Is tá an dath céanna ar bheagnach gach píosa atá ann. Tá dath dubh ann, dubhliath agus dubhghlas.

Tá an t-amharc ag imeacht uaim ag iarraidh na dathanna a dhéanamh amach ar na píosaí. Shíl mé go bhfaighinn cúpla bliain eile as na súile go dtí gur thosaigh mé air.

Is í an cheist atá anois agam ná an bhfuil na píosaí atá istigh sa mbosca ag teacht leis an bpictiúr ar chor ar bith? Nó an é gur líon siad an bosca le píosaí randamacha a bhí caite thart sa monarcha acu agus fios acu nach mbéarfaí go deo orthu?

Shocraigh mé an lá cheana go raibh sé thar am agam rud éigin a dhéanamh faoin smeadar puzail atá ag bailiú dusta ar an drisiúr. Bhí sé thar am agam gníomh a dhéanamh chun muid a shaoradh ó thíorántacht an phuzail is é ag spochadh asainn chuile lá.

‘Meas tú an bhfuil sé in am an puzal a chur chun bealaigh faoi láthair?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí, ‘agus é a thógáil amach arís am éigin eile nuair a bheadh fonn orainn é a dhéanamh?’

‘Ach tá mé really ag iarraidh é a chríochnú,’ a dúirt sé agus cuma chráite ar a éadainín mín.

Bhreathnaigh mé isteach ina shúile móra gorma agus iad lán le dóchas. B’fhéidir go mbeadh seans éigin agam mura ndéanfainn as seo amach ach oibriú ar an bpuzal ó mhaidin go hoíche. Ní maith liom géilleadh ach caithfidh mé a admháil go bhfuil an ceann is fearr faighte aige orm.

‘Déanfaidh muid iarracht eile air,’ a dúirt mé leis is mo chroí ag briseadh agus deora i mo shúile le teann bróin ag cuimhneamh ar an am a bheadh le caitheamh ar an bpuzal mallaithe.

‘B’fhéidir an t-am a chaitheann muid ag breathnú ar an teilí a athrú anonn go dtí an puzal?’ a mhol mé mar réiteach ar an scéal.

‘An bhfuil aon am eile ann?’ a d’fhiafraigh sé.

Fág freagra ar 'Ag magadh fúm atá an puzal míreanna mearaí leathdhéanta sa drisiúr'