Ag cur do thuairisce…

Ag cur do thuairisce: colún eolais agus plé dár léitheoirí.

Quotations

Déanta na fírinne, bhí drogall orm tabhairt faoin alt seo, ach is baolach gur gá freagra a thabhairt uaireanta ar lucht do cháinte.

An cáineadh céanna a bhí ag dó na geirbe ag roinnt bheag léitheoirí a sheol tráchtanna isteach chugainn le seachtain nó dhó, ag casadh linn as dornán ráitis dhíreacha i mBéarla a chur ar Tuairisc.ie.

Ar an gcéad dul síos, ní dóigh linne gur cheart i gcónaí athfhriotal a chur ar ráiteas scríofa nó ar ráiteas ó bhéal, ná níl sé d’acmhainn againn i gcónaí aistriúchán gairmiúil a dhéanamh ar a leithéid ar ala na huaire.

Friotal duine a thabhairt slán an athuair an bhrí atá le hathfhriotal, murab ionann agus athchruth nó aththuiscint nó athscríobh nó athshamhlú nó athrú, nó, go deimhin, aistriúchán.

Más aistriúchán ar ráiteas ó dhuine atá i gceist, creidimid go bhfuil sé tuillte ag an duine sin go ndéanfaí aistriúchán gairmiúil ar a chuid cainte, ní ar bhonn teanga amháin, ach de ghrá an ionraicis agus na macántachta, bunchlocha na hiriseoireachta.

Maidir le nádúr an aistriúcháin féin, ní i gcónaí is féidir bunbhrí, bunéirim ná, go deimhin, ‘cumhacht’ ráiteas Béarla duine a thabhairt slán ann, go háirithe nuair a bhaineann an ráiteas Béarla sin le scéal faoin nGaeilge nó le tráchtaireacht nó ‘freagra oifigiúil’ ar ghné de cheist na teanga.

Uaireanta eile, cuireann códmheascadh teoranta le mothúchán nó le greann, nó le cumhacht ráitis.

Ach fiú dá mbeimis ag iarraidh Gaeilge a chur ar, cuirim i gcás, sliocht as Ulysses, úrscéal Béarla James Joyce, nó ráiteas Béarla ó Theachta Dálá ag cáiseamh a laghad Gaeilge a labhraítear i dtithe an Oireachtais, nó an masla is déanaí ar an teanga ó bhéal Gregory Campbell, tá ceist acmhainní ann chomh maith, mar a mhíníos ó chianaibhín.

An tríú cúis, mar sin, nach ndéantar aistriúchán i gcónaí ar gach ráiteas Béarla ar Tuairisc.ie ná go mbíonn an clog ag breith orainn, mar a bheireann sé ar gach aon iriseoir, agus nach féidir linn ach méid áirithe a dhéanamh laistigh den am a cheadaítear dúinn, go háirithe agus foireann an-bheag againn.

Go hachomair, mar sin, dílseacht don méid a dúradh mar bhunchloch iriseoireachta sa chéad chás de agus scaoilteacht an aistriúcháin agus ceist acmhainní ina dhiaidh sin na cúiseanna is mó ar leasc linn, uaireanta, Gaeilge a chur ar ráitis Bhéarla.

Focal eile a luadh sna tráchtanna a cuireadh chugainn ar an gceist seo is ea ‘náire’.

Lucht na coilíneachta a thug orainn a cheapadh agus a bhraistint go raibh údar náire againn i dtús na haimsire, as ucht cé muid féin agus an dream dár díobh sinn.

Ina dhiaidh sin, ba iad na múinteoirí scoileanna ‘náisiúnta’ agus O’Connell a threisigh é.

Ina dhiaidh sin fós, cuid den chléir agus cuid den ‘chléir’ thuatach, agus ina dhiaidh sin arís, b’fhéidir, piúratánaigh Ghaeilge.

Is iomaí créatúr a ‘ceartaíodh’ agus ar cuireadh náire air nuair nach raibh aon chúis náire aige, ní hionann agus an duine gan náire.

Ceann de mhórghalair na tíre seo í an ‘náire’ chéanna.

I bhfianaise a bhfuil d’údar ‘náire’ casta linne, mar sin, ní ghlacaimid leis beag ná mór go bhfágann an corr-ráiteas díreach i mBéarla ar Tuairisc.ie go bhfuil polasaí dátheangach againn ná go bhfuil an polasaí Gaeilge againn chomh scaoilte is atá ag meáin eile.

Cloímidne le Gaeilge ar an suíomh seo, mar sin – agus dea-Ghaeilge air sin – ach uaireanta socraítear gan baint de chaint duine, cibé acu i nGaeilge nó i mBéarla a bheas an chaint sin.

Ar chóir dúinne, mar shampla, am agus acmhainní a chur amú ag aistriú a bhfuil ar thaifead oifigiúil Thithe an Oireachtais, nuair is ar éigean a bhacann ár n-ionadaithe tofa le Gaeilge a labhairt sa Dáil nó sa Seanad?

Mura bhfuil polaiteoirí sásta ceist Dála a chur nó a fhreagairt i nGaeilge, cén fáth a mbeimisne á dhéanamh dóibh?

Arbh fhearr a gcuid cainte a aistriú i gcónaí agus an nath liobarnach ‘ag labhairt dó i mBéarla, dúirt Tadhg Ó Rodaí…’ a chur léi?

Is deacair tuiscint cheart a fháil ar an bhféinfhuath iarchoilíneach atá i réim sa stát seo ó bunaíodh é.

Rud an-ait i dtéarmaí cultúrtha is ea droim láimhe a thabhairt leis an oidhreacht ar leat féin í, ach ní gá dul rófhada chun go leor samplaí den fheiniméan seo a fháil.

Tógaimis, mar shampla, an líne seo i mBéarla a bhí i scéal Mhaitiú Uí Choimín faoi easpa seirbhíse Gaeilge Aer Lingus le gairid:

“…unfortunately we can only offer Twitter support in English.”

Foilsíodh an ráiteas sin i mBéarla ar an suíomh seo.

Anois cé air ar chóir náire a bheith go ndúradh a leithéid?

Ar Tuairisc.ie?

Ní dóigh liom é.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'