Ag cuimhneamh ar Christy Pheaitín Phatch Ó Conghaile ar Pháirc an Mháimín

Uair amháin eile thug Comórtas Peile na Gaeltachta deis do phobal léiriú a dhéanamh ar céard is féidir a bhaint amach ach an toil agus an fuinneamh a bheith acu

Ag cuimhneamh ar Christy Pheaitín Phatch Ó Conghaile ar Pháirc an Mháimín

Ní gan údar a chuimhnigh mé ar mo sheanchomrádaí Christy Pheaitín Phatch Ó Conghaile, trócaire air, agus mé ar Pháirc an Mháimín i Leitir Móir Dé Luain seo caite. Uair amháin eile thug Comórtas Peile na Gaeltachta deis do phobal beag tuaithe léiriú a dhéanamh ar céard is féidir a bhaint amach ach an toil agus an fuinneamh a bheith acu.

Agus muid ag fágáil an chairr ag ceannáras Mhuintearas bhí leathdhosaen fear i mbun maoirseachta – ní mórán imeartha a chonaic siad sin in imeacht na deireadh seachtaine. 100 slat soir an bóthar thóg bean nach bhfaca a leath-oiread ár gcuid airgid i veain Chomhairle Connacht CLG atá cóirithe go speisialta dá leithéid d’ócáid. Tá ré an bhosca brioscaí caite le fada i nGarumna.

Dathanna dubh agus órga a chaitheann an fhoireann áitiúil ar ndóigh. Níor fheileadar riamh níos fearr dóibh ná a d’fheil ar an ócáid seo – pobal Cheantar na nOileán chomh saothrach le beacha ag eagrú cúrsaí peile, lónadóireachta agus ag cinntiú ar chuile bhealach gur ar a gcompord a bhí a gcuid cuairteoirí agus a muintir féin.

A gCathaoirleach Róisín Nic Leoid a bhí mar cheann feadhna orthu. Banríon a thabharfadh beachadóirí uirthi, ach bhí Róisín ag déanamh oiread oibre í féin agus go mb’ísliú céime a thabharfadh a leithéid de theideal di.

Ba é mo chara Christy a huncail. D’imir sé féin do Naomh Anna cúpla bliain tar éis a mbunaithe (1964) agus le linn an ama ar fhreastail muid ar Choláiste na hOllscoile Gaillimh ina dhiaidh sin. Rinne a dheartháireacha Jimmy, Cóilín, Johnny agus Beartla amhlaidh.

Christy Ó Conghaile

Ní ón ngaoth a thógadar sin. I bhfad sula raibh aon chaint ar sheastán ná ar Spórtlann Mhichael Mhóir ar Pháirc a Mháimín, bhíodh a n-athair Peaitín Phatch Ó Conghaile ar a ghogaide ag colbha thuaidh na páirce agus a ghlór faobhrach le cloisteáil amach go bóthar – ag gríosú agus ag cáineadh de réir mar a d’fheil.

I gcomhluadar Christy a chaith mé cuid de na laethanta ab fhearr de mo shaol agus bhí a mhuintir agus a chairde croíbhriste, clóite nuair a maraíodh é i dtimpiste i Londain i 1977.

Sin ceathracha a cúig bliain ó shin. Ní bréag dom a rá nár tháinig seachtain ó shin nár tháinig sé isteach i mo chloigeann uair nó dhó. Ní mé amháin atá amhlaidh.

Aisteach go leor níorbh ar imirt na peile ba thúisce a chuimhnigh mé ar Pháirc an Mháimín an lá faoi dheireadh agus Christy tagtha isteach i m’intinn, ach ar lá a chaith muid ansiúd ag piocadh clocha.

An 18 Bealtaine 1968 a bhí ann (tuigfidh sibh ar ball cén chaoi a bhfuil an dáta chomh cruinn sin i gcónaí sa gcloigeann dearmadach seo).

Ag an am bhí Naomh Anna ag iarraidh páirc imeartha a fhorbairt i gceann den bheagán píosa talúna a bhí réasúnta cothrom sa limistéar a bhí faoina réimeas. Ar an Máimín a bhí an giodán sin – an chéad bhaile a chasfar i do bhealach agus Droichead Charraig an Logáin caite agat ar do bhealach siar. Os cionn deich mbliana fichead roimhe d’fhág fear a raibh Micheál Johnny Mac Donnchadha mar ainm air an píosa céanna ag óige an cheantair agus é féin ag aistriú go Contae na Mí.

‘Currach an Mháimín’ a thugadh muintir na háite air. Níorbh í an churrach chanbháis a bhí i gceist acu ach mianach na talún – míchothrom, bog, clochach. Thagadh an taoille isteach ar chuid di le linn rabhartaí.

Tráth an ama sin bhí dream ann a raibh Eagras na Gaeltachta mar ainm orthu agus é de mhian acu iad siúd ar fad a bhí i mbun forbartha ar fud na Gaeltachta a thabhairt faoi aon bhratach amháin. Iadsan a d’áitigh ar an gCumann Éigse agus Seanchais in Ollscoil na Gaillimhe grúpa a chur go Leitir Móir áit a raibh clocha le bailiú ar an suíomh a bhí á fhorbairt ag Naomh Anna.

Thuairisc an Curadh Connachtach go mba seacht nduine dhéag againn a thaistil siar, cé gur cheapadar sin go mba i dTír an Fhia a chaill muid an t-allas. Ní raibh siad i bhfad amú.

Tá a fhios agam go raibh mé féin, Christy agus baicle eile mac léinn as Cois Fharraige, an Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán ina measc.

Tá a fhios agam freisin gur mó den allas sin a chaill an chuid eile acu ná a chaill mise. Nuair a tháinig am lóin thug siadsan aghaidh ar Halla Thír an Fhia áit a raibh tae agus ceapairí faoi réir. D’éalaigh mise soir chomh fada le Teach Ósta Mhichael Jack in Eanach Mheáin.

Níorbh ólachán a thug ann mé. Ní móide go raibh a luach agam, ach bhí Cluiche Ceannais Chorn an FA idir West Bromwich Albion agus Everton á thaispeáint ar an teilifís. West Brom a bhuaigh de bharr an chúil a scóráil Jeff Astle – ceann a chinntigh gur scóráil sé i ngach babhta de chomórtas na bliana sin.

Labhair leis an Uasal Google agus inseoidh sé duit gur ar an 18 Bealtaine 1968 a rinneadh an imirt sin.

Dé Domhnaigh seo caite, ar an scáileán Tigh Jack agus ar scáileáin eile nach, léirigh an drón a bhí ag soláthar pictiúr do TG4 áilleacht na háite agus thar rud ar bith an gaisce a bhí déanta ag pobal an cheantair.

Os a chionn siúd arís bhreathnaigh mo sheanchara Christy anuas agus tháinig meangadh beag ar a aghaidh nuair a chonaic sé an machaire atá anois in áit na gcloch.

Tá seans freisin ann gur lig Peaitín Phatch corrghráig as.

Suaimhneas síoraí dóibh ar fad.

Fág freagra ar 'Ag cuimhneamh ar Christy Pheaitín Phatch Ó Conghaile ar Pháirc an Mháimín'

  • Colm Mac Séalaigh

    Cur síos ana-bhreá mar is iondúil ag Mártan ina chuid scríbhneoireachta.

  • Treasa Ní Chonaola

    Bhí an t-ádh ar mo dheartháir Christy, a cailleadh i 1977, comrádaí chomh dílis le Mártan a bheith aige, a thug a ainm agus a gcairdeas chun cuimhne i 2022.

  • KH

    Go raibh maith agat as do chuid píosaí, a Mhártain.

    Is cosúil é le hiar-chomhghleacaí ranga liom féin, ar de bhunadh Cheantar na nOileán a mháthair, beannacht Dé ar na mairbh.

    Kevin

  • An Teanga Bheo

    Go raibh maith agat faoin stair sin, iontach deas, míle buíochas leat.