‘Ag ‘bainistiú imeacht as na Gaeltachta’ atá an Stát agus tá cuid de lucht na Gaeilge ag cuidiú leo’

Deir an sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin go mbíonn airgead agus acmhainní na Gaeilge á gcaitheamh beag beann ar an toradh a bhíonn ar an gcaiteachas sin

‘Ag ‘bainistiú imeacht as na Gaeltachta’ atá an Stát agus tá cuid de lucht na Gaeilge ag cuidiú leo’

Ag ‘bainistiú dhul i léig na Gaeltachta’ atá Stát na hÉireann agus tá eagraíochtaí Gaeilge agus cuid de phobal na teanga féin ag cuidiú leis an obair sin, dar le sochtheangeolaí aitheanta.

Deir an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, go bhfuil roinnt ceannairí eagraíochtaí, gníomhaithe agus intleachtóirí ag comhoibriú leis an Stát chun cuma na maitheasa a chur ar “imeacht as na Gaeltachta”.

Mhaígh sé chomh maith go bhfuil airgead agus acmhainní na Gaeilge á gcaitheamh beag beann ar an toradh a bhíonn ar an gcaiteachas sin agus nach ndéantar aon mheasúnú ar éifeacht an chaiteachais chéanna.

“Bíonn aird ar an soláthar seachas ar an mbisiúlacht,” arsa an sochtheangeolaí agus é ag caint mar chuid de shraith cainteanna ar líne atá á heagrú ag an ngrúpa Teacht Aniar.

Dúirt an tOllamh go gcaithfeadh eagraíochtaí pobail agus Gaeilge ceisteanna a chur orthu féin faoin tslí ar deineadh “iad a neadú” i bpolasaithe mí-éifeachtacha an stáit.

Dúirt Ó Giollagáin go bhfuil ag teip ar pholasaithe an stáit i leith na Gaeltachta agus go bhfuil an chúis leis an teip á cur ar an bpobal seachas orthu siúd a cheap na polasaithe.

Dúirt Stiúrthóir Institiúid na nEolaíochtaí Teanga in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain go bhfuil ag éirí leis an Stát an “t-earnálachas” a chothú trí aird a dhíriú ar “chultúr siombalach na Gaeilge” agus trí thús áite a thabhairt do riachtanais an fhoghlaimeora seachas do phobal labhartha na teanga.

Mhaígh sé go mbíonn ‘an t-earnálachas’ sin “beag beann ar an aistriú teanga” sa Ghaeltacht agus go mbíonn an tsochtheangeolaíocht féin “ar éidreoir” toisc an bhéim a leagtar inti ar chás na nuachainteoirí.

Tá Ó Giollagáin ag maíomh le fada go bhfuil an stát ag cúlú óna dhualgas i leith na teanga agus ag seachaint na fírinne faoi staid na Gaeltachta agus gurb é deireadh na Gaeilge mar theanga phobail an toradh a bheidh ar an bhfaillí sin.

Ach sa phíosa cainte is déanaí uaidh, a thug sé mar chuid de shraith cainteanna atá á heagrú ag Teacht Aniar, mhaígh an sochtheangeolaí go neamhbhalbh gur ag cur le meath na Gaeltachta seachas a mhalairt a bhíonn go leor de lucht na hearnála Gaeilge agus fiú cuid de phobal na teanga féin. 

Dúirt Ó Giollagáin go bhfuil éirithe leis an státchóras ceansú a dhéanamh orthu siúd atá in ainm is a bheith ag déanamh cás láidir polaitiúil ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

Mhaígh sé go raibh cuid de lucht na teanga mar a bheadh “suanleigheas na hoifigiúlachta Gaeilge” slogtha acu.  

Bhí glactha acu, dá réir, a dúirt sé le polasaithe stáit atá dírithe ar a chinntiú nach bhféachfar ar “imeacht as na Gaeltachta” mar údar “náire” don “bhunaíocht pholaitiúil agus eagraíochtúil”.

Dúirt Ó Giollagáin go bhfágann polasaí teanga an Stáit go bhfuil “srianta sóisialta á gcur ar Ghaeil i ngach paróiste Gaeltachta” agus gan aon bhac á chur “ar fheidhm shóisialta Béarlóirí aonteangacha”.

Duine d’údair an mhórstaidéir teangeolaíochta dheireanaigh a rinneadh ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht é Ó Giollagáin agus dúirt sé gur fhág an “neamhaird” a rinneadh ar fhianaise an staidéir sin agus taighde eile go bhfuil na ceantair is láidre ó thaobh na teanga ag éirí níos cosúla leis na ceantair a bhíodh níos laige de réir a chéile.

Dúirt sé go dtugtar aitheantas do thábhacht chultúrtha na Gaeilge, go gcuirtear deiseanna foghlama ar fáil do dhaoine agus nach bhfuil an Ghaeilge ródhona as ó thaobh na meán, na n-ealaíon agus an oideachais.

Ach “marbhsháinn” nó “checkmate”  na Gaeltachta atá againn de dheasca an easpa airde a thugtar ar riachtanais lucht labhartha na teanga sa Ghaeltacht. 

Dúirt Conchúr Ó Giollagáin go bhféadfaí teacht slán ón dochar atá á dhéanamh ach a aithint ar dtús go bhfuil géarchéim teanga ann agus tabhairt faoina leigheas ansin. 

Chaithfeadh polaiteoirí “an ghéarchéim agus an mhíthreoir” a aithint, Coimisiún Éigeandála a bhunú agus iniúchadh a dhéanamh ar ról pholasaithe an stáit san aistriú teanga.

Chaithfeadh státseirbhísigh a admháil chomh maith nach bhfuil polasaithe an Stáit i leith na teanga ag obair agus chaithfidís a chur ina luí ar pholaiteoirí gníomhú i dtaobh “riachtanais shóisialta na Gaeltachta” sula mbeidh sé “rómhall”.

Níor mhór don phobal, a dúirt an sochtheangeolaí, a míshástacht a léiriú “faoin gcur i gcéill” i leith na géarchéime.

Maidir le lucht pleanála teanga ba cheart dóibh dúshlán na n-údarás a thabhairt faoi mhí-éifeacht a bpolasaithe agus tathant orthu Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais.

Mhol an tOllamh Ó Giollagáin d’iriseoirí iniúchadh a dhéanamh faoi na cúiseanna go mbíonn an fhianaise i dtaobh na géarchéime teanga á “seachaint”.

Maidir leis an bpobal, dúirt sé gur chóir dóibh brú a chur ar choistí pleanála teanga díriú, i measc rudaí eile, ar sholáthar tithe ar chostas réasúnta a fháil agus ar chothú na teanga i measc an aosa óig sa Ghaeltacht. 

Ba chóir, a deir an tOllamh, do dhaoine diúltú aon bhaint a bheith acu “le hócáidí neamhurchóideacha Gaeilge” a chuirtear ar bun mar mhalairt ar straitéis cheart don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.

Leanfar anocht leis an tsraith cainteanna ‘Teacht Aniar na Gaeltachta’, atá á heagrú ag an ngrúpa Teacht Aniar, le caint ón Dr Ben Ó Ceallaigh faoin nualiobrálachas agus a thionchar ar an nGaeltacht.

Fág freagra ar '‘Ag ‘bainistiú imeacht as na Gaeltachta’ atá an Stát agus tá cuid de lucht na Gaeilge ag cuidiú leo’'

  • Bríd

    Bíonn an fhírinne searbh. Qangos na Gaeilge ar nós na hEagrais Ghaeilge lonnaithe sa Pháil nach ndearna faic do na ceantair Gaeltachta ariamh ach an chur i gcéill. Tádar ann lena mbréag pholasaithe agus is maith atá fios ag muintir na Gaeltachta faoina gcur i gcéill. Náireach nach bhfuil aon iriseoir Gaeilge ag fiosrú a gcaiteachas. Iad féin agus a gcuid polasaithe Oideachais Gaeltachta agus a gcuid Tionóil fánacha ag ticeáil boscaí. Is mór í a gcur i gcéill agus iad ag déanamh slad ar airgead stáit.

  • S. Mac Muirí

    An-ráite 7 an-soiléir mar is dual dó.

  • Éamonn Ó Dónaill

    An fhírinne lom.

  • An Teanga Bheo

    Taimse I’m codhladh ach duisigh me go beo

  • Jo

    Feictear dom nach mbeidh an tOllamh Ó Giollagáin sásta go dtí nach mbeidh pingin á chaitheamh ar riachtanais an fhoghlaimeora agus na pobail úra lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, ach cén fath mbíonn sé sásta sin a rá go hoscailte? Cad chuige go mbíonn sé de shíor ag iarraidh idirdhealú bréige a chothú. Measaim féin, mar dhuine lasmuigh den dioschúrsa seo, go bhfuil spás ann dúinn stocaireacht a dhéanamh ar na grúpaí éagsúla laistigh de phobal na Gaeilge frí chéile seachas beag is fiú a dhéanamh don obair.

    B’fhearr i bhfad go mbeadh moltaí ciallmhara aige seachas caint san aer.

  • Bríd

    Jo, is iad na pobail Gaeltachta bunchloch na teanga. Is sna pobail seo atá an teanga mar bhealach saoil ag na daoine. Ní hionann an cás lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta áit gur teanga oibre amhâin í seachas corr eisceacht! Níl locht ar bith ar údar an tsleachta seo seasamh suas do mhuintir na Gaeltachta. Breathnódh dreamanna eile amach dá gcuid riachtanais féin. Is agaibh atá an glór i measc bhur gcuid eagrais Ghaeilge. Beidh sibh togha!

  • Rós

    Nach bhfuil na hoifigigh pleanála teanga ró-ghnóthach ag rith agus ag tomhais cileaméadair le bheith ag éileamh cearta muintir na Gaeltachta.

  • Ciarán

    Sách ráite a Bhríd, tá an ceart ar fad agat.