Acht Oidhreachta Thuaisceart Éireann le haisghairm

San óráid a thug Rí Séarlas Shasana i ndiaidh oscailt na parlaiminte thall, a rinneadh an gealltanas go ndéanfaí an reachtaíocht chonspóideach s a aisghairm

Acht Oidhreachta Thuaisceart Éireann le haisghairm

Tá gealltanas tugtha ag Rialtas na Breataine go ndéanfar Acht Oidhreachta Thuaisceart Éireann a aisghairm agus ceann eile a chur ina áit.

Rinneadh an gealltanas sin san óráid a thug Rí Séarlas Shasana i ndiaidh oscailt na parlaiminte thall. San óráid sin a leagann rialtais nua amach na pleananna reachtaíochta atá acu.

Bhíothas ag súil go mbeadh an gealltanas seo san óráid mar go raibh sé geallta le fada ag Páirtí an Lucht Oibre go ndéanfaidís an reachtaíocht chonspóideach sin a aisghairm ach iad a bheith i rialtas.

Sa nóta faisnéise a chuir rialtas na Ríochta Aontaithe ar fáil admhaíodh “go séanann an tAcht Oidhreachta an ceart ar theaghlaigh agus ar íospartaigh na dTrioblóidí”.

Deirtear go sonrach sa nóta sin, go ndéanfaidh an Rialtas “aisghairm ar an scéim díolúine choinníollach” a thugann díolúine d’iarshaighdiúirí arm na Breataine agus do dhaoine eile i leith gníomhartha a rinne siad le linn na dTrioblóidí.

Deir Rialtas na Breataine go n-athróidh siad an polasaí a chuireann cosc ar íospartaigh agus ar a muintir éileamh sibhialta a thionscnamh agus go gceadófar tús a chur arís le coistí cróinéara i gcásanna a tharla le linn na dTrioblóidí.

Sa mbliain 2020 a thug Rialtas na gCaomhach sa mBreatain isteach Acht na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann (Oidhreacht agus Athmhuintearas) agus anuraidh a tugadh feidhm dlí dó.

Chuir an tAcht sin deireadh leis na bealaí a bhí ann go dtí sin le maruithe a tharla le linn na dTrioblóidí a fhiosrú agus ina n-áit bunaíodh foras iniúchta nua, an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aisghabháil Faisnéise [ICRIR].

Ní raibh aon ghlacadh ag íospartaigh, ag marthanóirí na dTrioblóidí ná ag na cúig pháirtí polaitíochta is mó sa Tuaisceart leis an gcoimisiún sin.

Tá dúshlán cúirte á thabhairt ag Rialtas na tíre seo ina aghaidh sa gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Bhí sé i gclár rialtais Pháirtí an Lucht Oibre san olltoghchán sa Bhreatain go bhfaighidís réidh leis an dlí conspóideach.

Tuairiscítear go dteastaíonn ó Rialtas na tíre seo an dlí nua atá sé i gceist ag Rialtas Keir Starmer a chur in áit an Achta Oidhreachta sula ndéanfar aon chinneadh éirí as an gcás ina aghaidh sa gCúirt Eorpach.

Fág freagra ar 'Acht Oidhreachta Thuaisceart Éireann le haisghairm'