Tá an t-achrann ag scaipeadh sa mheánoirthear i ndiaidh ionsaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin.
Thug an grúpa míleata Hezbollah a n-aghaidh ar Iosrael de bharr mharú Ali Khamenei agus in éiric na n-ionsaithe sin d’ionsaigh fórsaí cosanta Iosrael [IDF] Beirut.
Gan ach trí lá ann ó thosaigh an cogadh is déanaí seo idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin, tá sé scaipthe faoin tráth seo ar fud cuid mhaith den Mheánoirthear agus is í an Liobáin an tír is deireanaí atá tarraingthe isteach ann.
Deir údaráis sláinte na Liobáine gur maraíodh 31 duine agus gur gortaíodh 149 duine sna hionsaithe a rinne Iosrael ar Beirut agus deisceart na Liobáine.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go seasfadh ionsaí na Stát Aontaithe ar an Iaráin “ceathair nó cúig de sheachtainí”.
Ón Satharn tá na mílte ionsaí ón aer déanta ag na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar áiteanna fud fad na hIaráine agus tá an Iaráin ag tabhairt a ndúshlán agus dróin agus diúracáin á scaoileadh acu le hIosrael agus le stáit eile Mhurascaill na Peirse.
Tuairiscítear go bhfuil ionsaithe déanta ag an Iaráin ar fud an Mheánoirthir, gur bhuail drón dá cuid scaglann ola san Araib Shádach agus gur ionsaíodh ionad gáis i gCatar.
I gcomhráiteas a d’eisigh údaráis sé stát sa Mhurascaill agus na Stát Aontaithe, cáineadh ionsaithe “as éadan” na hIaráine sa réigiún.
Dúradh gur “géarú dainséarach” ar an achrann iad ionsaithe na hIaráine sa réigiún agus gur bagairt iad don tsíocháin sa gceantar. Chomh maith le Meiriceá is iad na sé thír eile a shínigh an ráiteas, Cuáit, an Araib Shádach, Bairéin, Catar, an Iordáin, agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
I ráiteas ó Aireacht Cosanta Chuáit dúradh gur “tugadh chun talaimh cúpla aerárthach troda le Meiriceá” sa Chuáit ach gur tháinig na criúnna “slán sábháilte” as na tuairteanna agus gur tugadh amach iad agus as sin go dtí ospidéil le haghaidh tástálacha sláinte.
Bhagair Uachtarán na Stát Aontaithe ar an Domhnach go leanfaí leis an troid san Iaráin agus nach stopfaí “go mbeadh ár gcuspóirí ar fad bainte amach againn”. Mhaígh sé go raibh “diúracáin fadraoin agus airm núicléacha ag an Iaráin a bheadh ina mbagairt uafásach do gach Meiriceánach”.
“Iarraim arís ar an nGarda Réabhlóideach agus ar phóilíní míleata na hIaráine a gcuid arm a leagan uathu agus go bhfaighidh siad díolúine iomlán, sin nó an bás atá i ndán dóibh cinnte,” a dúirt Trump.
An leagan atá ag Trump den ionsaí seo ar an Iaráin gur iarracht atá ann cumas míleata na tíre a scrios agus an bealach a réiteach le deireadh a chur le hollsmacht na Poblachta Ioslamaí atá amhlaidh le breis is dhá scór bliain.
Áitíonn lucht a cháinte gur as a chonlán fhéin, i gcomhar le hIosrael, a rinne Trump an t-ionsaí agus nach raibh aon chríoch shoiléir oibrithe amach ina aigne aige, go raibh líon na marbh agus na ndaoine leonta ag méadú agus gur anord níos measa a tharlódh dá bharr sa réigiún.
Tuairiscítear i meáin stáit na hIaráine gur maraíodh 165 duine in ionsaí aeir a rinneadh ar scoil cailíní i ndeisceart na tíre.
Meastar gurb é an t-ionsaí sin an ceann is mó a rinne scrios ar an bpobal ó cuireadh tús leis an ionsaí is deireanaí seo.
Dúirt Corrán Dearg na hIaráine inniu go raibh 555 duine maraithe ar fud na hIaráine in ionsaithe Mheiriceá agus Iosrael.
Dúirt an tUachtarán Trump inné go raibh ceannairí na hIaráine i dteagmháil leis chun cúrsaí a phlé ach dúirt Ali Larijani, an t-oifigeach slándála náisiúnta is sinsearaí san Iaráin, nach ndéanfadh an Phoblacht Ioslamach aon idirbheartaíocht leis na Stáit Aontaithe.
De réir pobalbhreith de chuid Reuters/Ipsos ar an Domhnach, ní raibh ach 27% de Mheiriceánaigh ag tacú le hionsaithe na Stát Aontaithe ar an Iaráin agus marú an cheannaire agus mheas thart ar a leath, duine as gach ceathrar Poblachtánach ina measc, go raibh tóir rómhór ag Trump ar an neart míleata.
Meastar go bhfuil suas le 20,000 as an tír seo ina gcónaí i stáit na Murascaille agus ba í comhairle an Taoisigh Micheál Martin dóibhsean ar maidin fanacht ar an bhfoscadh ó na hionsaithe agus cloí leis an gcomhairle slándála a chuirtear orthu.
An Teanga Bheo
Go fhóire Dia orainn …………………………….agus go raibh muid uilig slán le cúnamh Dé<