A raibh le foghlaim ón gcéad chéim d’fheachtas frith-ionsaithe na hÚcráine

Is féidir a mheas ag an bpointe seo go bhfuil an chéad chéim den fheachtas thart agus gan éirithe leis na hÚcránaigh dul chun cinn a dhéanamh mar a bhíothas ag súil

A raibh le foghlaim ón gcéad chéim d’fheachtas frith-ionsaithe na hÚcráine

Tar éis dhá mhí d’ionsaithe airtléire, dróin agus treallchogaíochta taobh thiar den líne choimhlinte sheol na hÚcránaigh feachtas frith-ionsaithe ar an talamh ag tús mhí an Mheithimh. Tá an feachtas ar siúl le níos mó ná sé seachtaine agus tá gnéithe áirithe den fheachtas níos soiléire anois.

  • Seoladh na hionsaithe ar thrí phríomhais: sa deisceart i dtreo Berdyansk, calafort ar chósta thuaidh Mhuir Azov agus i dtreo Melitopol, mol iompair idir an Donbas agus an Chrimé, agus san oirthear timpeall chathair Bakhmut.
  • Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag na hÚcránaigh ar na cliatháin timpeall Bakhmut, níor éirigh go maith leo sa deisceart. Is fíorbheagán an dul chun cinn déanta acu i dtreo Berdyansk ach cuireadh stop leo ar an ais i dtreo Melitopol.
  • Seoladh ionsaithe eile ar imeall an fhronta chomh maith agus d’éirigh leo ceann droichid a bhunú ar bhruach thoir abhainn an Dnipro.
  • Tá córas cosanta na Rúiseach thar a bheith éifeachtach sa deisceart. Cé go bhfuil loig mhianach agus córais trinse leagtha síos go dlúth acu, tá an chaoi ina bhfuil siad ag troid níos éifeachtaí ná mar a bhíothas ag súil leis. Nuair a sheolann an hÚcránaigh ionsaí ar an talamh téann an Rúisigh ar an ionsaí iad féin mar chuid den chosaint rud nach ndearna na hÚcránaigh nuair a bhí siadsan ar an gcosaint.
  • Níl príomhlínte cosanta na Rúiseach bainte amach ag na hÚcránaigh go dtí seo agus in áiteanna tá siad ag streachailt le mórán dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na línte.
  • Mar gheall ar an easpa dul chun cinn timpeall na línte cosanta níl príomhfhórsa frith-ionsaithe na nÚcránach curtha chun catha go fóill.
  • De réir tuairiscí ón bhfoinse oscailte, Oryx, chaill na hÚcránaigh níos mó ná 200 tanc, feithiclí armúrtha troda, córas airtléire agus píosaí trealaimh eile sna frith-ionsaithe roimh thús mhí Iúil. Ach mar gheall ar an gcaoi ina bhfuil na Rúisigh ag cosaint chaill siadsan níos mó ná 300 píosa trealaimh mhíleata sa tréimhse chéanna.
  • De réir foinse Rúiseach, Suriyakmaps, d’athghabh na hÚcránaigh an méid céanna talún le linn sé seachtaine, thart ar 200 ciliméadar cearnach, agus a d’éirigh leis na Rúisigh a ghabháil sa chéad chuid den bhliain.

Céimeanna eile

Tá an tUachtarán Zelenskyy tar éis a admháil go bhfuil an feachtas frith-ionsaithe níos moille ná mar a bhí súil ag na hÚcránaigh leis. Is féidir a mheas ag an bpointe seo go bhfuil an chéad chéim den fheachtas thart. Agus trealamh míleata nua in úsáid acu, bhí sé beartaithe ag na hÚcránaigh ionsaithe armúrtha a chur i gcrích chun bogadh go tapa agus briseadh trí línte cosanta na Rúiseach.

Níor éirigh leo agus bhí orthu a gcuid pleananna a athrú. Tá siad tar éis fáil réidh le hionsaithe armúrtha agus tá siad dírithe ar ionsaithe coisithe faoi láthair amhail mar a rinne na Rúisigh le linn an fheachtais a sheol siadsan ag tús na bliana.

Coicís ó shin luaigh rúnaí Chomhairle Slándála agus Cosanta na hÚcráine go raibh siad chun céim nua a sheoladh sa deisceart. Seans go mbeidh orthu na céimeanna seo a leanas a thógáil sula mbeidh siad in ann níos mó talún a athghabháil:

  • Céim chun níos mó córas airtléire Rúiseach a scriosadh. Tá siad i mbun na céime seo faoi láthair agus de réir foinsí Rúiseacha tá a gcuid córas airtléire faoi bhrú gar don líne choimhlinte. Nuair a cháin ginearál Rúiseach údaráis an airm le déanaí toisc nach raibh freagraí acu ar na hionsaithe seo, briseadh as a phost é.
  • Céim chun na loig mhianach a ghlanadh agus na córais trinse a scriosadh. Úsáidfidh na hÚcránaigh na cnuasbhuamaí a chuir na Meiriceánaigh ar fáil dóibh le déanaí chun cuid den sprioc sin a bhaint amach.
  • Nuair a bheidh na céimeanna thuasluaite bainte amach, bogfaidh na hÚcránaigh arís agus déanfaidh siad ionsaithe armúrtha ar scála mór chun briseadh trí na línte cosanta.

Brú ar na hÚcránaigh

Anuas ar an méid brú atá ar na hÚcránaigh sa deisceart tá brú de chineál eile orthu lasmuigh de na láithreacha cogaidh. Tugadh leideanna maidir leis an méid brú atá orthu le linn chruinniú mullaigh NATO le déanaí. D’eisigh aire cosanta na Breataine ráiteas aisteach inar luaigh sé gur chóir go mbeadh siad níos buíche mar gheall ar an méid trealaimh a bhí curtha ar fáil dóibh ag tíortha an iarthair.

Mhaígh Comhairleoir Slándála Náisiúnta na Stát Aontaithe gur chóir don Úcráin níos mó buíochais a léiriú do mhuintir na Stát Aontaithe as an méid trealaimh a bhí curtha ar fáil. Seans go raibh an bheirt ag nochtadh meoin atá láidir i measc cuid de thíortha an iarthair.

Luaigh Uachtarán na Seicia go gcaithfidh siad níos mó talún a athghabháil roimh dheireadh na bliana. Dúirt sé freisin mura n-éireoidh leo é sin a dhéanamh seans go mbeidh drogall ar thíortha áirithe san iarthar trealamh míleata breise a chur ar fáil agus thug sé leid freisin go mb’fhéidir go mbeidh brú ar na hÚcránaigh dul chuig an mbord idirbheartaíochta.

Cé go bhfuil roinnt blagálaithe míleata Rúiseacha ag tuairisciú go bhfuil an córas cosanta sa deisceart i mbaol titim as a chéile, tá an dúshlán atá amach roimh na hÚcránaigh sa láthair chogaidh sin thar a bheith casta fós. Ní gan dua a bheidh sé na loig mhianach a ghlanadh agus na córais trinse a scriosadh.

Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil pleanálaithe míleata na hÚcráine ag déanamh measúnú cé acu is mó tairbhe a bheadh ann dóibh díriú ar Bakhmut chun dul chun cinn suntasach a léiriú nó diúltú don chathú sin agus leanúint leis na hionsaithe i dtreo Mhuir Azov chun an ceangal talún idir an Donbas agus an Chrimé a bhriseadh.

Ag an am céanna beidh orthu súil a choimeád ar an bhfórsa atá chomhchruinnithe ag na Rúisigh i gCúige Luhansk agus ar na hionsaithe atá á ndéanamh acusan sa cheantar sin ionas nach gcuirfidh na hiarrachtaí seo isteach ar an bhfeachtas frith-ionsaithe.

-Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ón gcéad chéim d’fheachtas frith-ionsaithe na hÚcráine'