Tháinig cúil Bhaile Átha Cliath ag an am ceart
Is beag foireann atá chomh stuama tomhaiste céanna os comhair an chúil agus atá foireann seo Bhaile Átha Cliath agus bhí an bua sin cinniúnach arís inné. Ní hamháin gurb iad Baile Átha Cliath an t-aon fhoireann a bhí in ann cúil a scóráil, ach d’aimsigh siad ag an am ceart iad chomh maith.
Bhí na foirne cothrom go dtí gur aimsigh Niamh McEvoy cúl sa chéad leath agus choinnigh Baile Átha Cliath an bhearna sin don chuid is mó den chluiche. Trí phointe a bhí fós idir na foirne agus ocht nóiméad fágtha nuair a scóráil Sarah McCaffrey a céad chúl. D’fhág an scór sin go raibh ar Mhaigh Eo dul ar an ionsaí agus bhain Baile Átha Cliath úsáid as an spás chun dhá chúl eile a fháil agus a gcéilí comhraic a chloí.
Ní hé nach raibh Maigh Eo ar an eolas faoi naoscairí Bhaile Átha Cliath ach an oiread. Cúig chúl a d’aimsigh siad sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí, péire sa chluiche ceathrú ceannais agus trí cinn eile i gcluiche ceannais Laighean. Tá tosaithe den scoth ag Baile Átha Cliath áfach agus, fiú agus fios agat céard atá ag teacht, is deacair iad a stopadh.
Fuinneamh Noelle Healy agus a céilí comhraic cinniúnach
Bhí aclaíocht imreoirí Bhaile Átha Cliath ar cheann de na príomhbhuanna a chruthaigh na deiseanna sin ar chúil dóibh. Ceann de na rudaí is suntasaí faoi thaispeántas na foirne sa chluiche ceannais ná an fuinneamh a bhí acu, fiú agus an cluiche beagnach thart, agus ní raibh aon imreoir is fearr a léirigh an aclaíocht sin ná Noelle Healy. Cé nár scóráil an leath-thosach ar chlé, is í a tháinig chun cinn ag pointí cinniúnacha an chluiche.
Is í Healy a chruthaigh an chéad chúl tar éis di ruathar fada a dhéanamh ó lár na páirce. Ba í bean Naomh Bríd chomh maith, agus 58 nóiméad crua imeartha aici, a ghearr amach cic saor ó chosantóir Mhaigh Eo chun an cúl deireanach a chruthú do Sarah McCaffrey. Idir an dá linn, bhí Healy le feiceáil fud fad na páirce.
Bhí gradam laoch na himeartha tuillte go maith ag Healy ach is iomaí imreoir ó Bhaile Átha Cliath a sheas an fód nuair ba ghá, ina measc Sinéad Goldrick, Lauren Magee, Olwen Carey agus Carla Rowe.
Ceann tugtha leo ach an cumas ag Baile Átha Cliath tuilleadh a bhuachan
Tar éis dóibh trí chluiche ceannais as a chéile a chailliúint, ba chuma le foireann Bhaile Átha Cliath cén dream a bheadh le sárú acu chun Corn Uí Mháirtín a bhuachan, ná cén cineál taispeántais a thabharfaidís uathu. Ní raibh uathu ach go mbeadh an corn seo acu faoi dheireadh. Anois agus Craobh na hÉireann buaite acu, seans go ndíreoidh siad isteach ar a sean-naimhde, Corcaigh.
Bhris mná Chorcaí croí Bhaile Átha Cliath cheana agus bhainfidís sásamh ar leith as na Muimhnigh a bhualadh i gcluiche ceannais. Is cinnte go mbeidh na Reibiliúnaithe san iomaíocht do Chraobh na hÉireann arís an bhliain seo chugainn agus táthar ag súil leis an gcoimhlint a bheidh eatarthu féin agus Baile Átha Cliath cheana féin.
Níl aon amhras ach go bhfuil an cumas ag foireann Bhaile Átha Cliath seo craobh eile a thabhairt leo, nó cúpla ceann fiú. Bheadh sé buaite níos luaithe acu murach sárfhoireann Chorcaí agus tá an chuid is mó dá gcuid imreoirí fós óg go maith. Beidh siad ag súil go bhfanfaidh captaen agus príomhscórálaí na foirne, Sinéad Aherne ag imirt bliain nó dhó eile.
Coirn Uí Mháirtín agus Mhig Uidhir ag fanacht sa phríomhchathair
Bhí sé deas cuid d’fhoireann na bhfear a fheiceáil ag tabhairt tacaíochta do na mná i bPáirc an Chrócaigh ch inné. Bhí leithéidí Stephen Cluxton, Philly McMahon, Paul Flynn, James McCarthy agus Jack McCaffrey uilig le feiceáil sa slua. Bhí cúis cheiliúrtha bhreise ag McCaffrey ar ndóigh. Tháinig a dheirfiúr, Sarah, isteach mar ionadaí agus fuair sí dhá chúl chinniúnacha do Bhaile Átha Cliath.
Agus Craobh Shinsir na hÉireann anois buaite ag mná agus ag fir Bhaile Átha Cliath i mbliana, fágann sé go mbeidh Corn Uí Mháirtín agus Corn Mhig Uidhir ag an gcontae céanna sa bhliain chéanna den chéad uair le breis agus 30 bliain.
Is i 1986 a tharla a leithéid an uair dheireanach, nuair a thug foirne as Ciarraí an dá chraobh leo. Mar a rinne fir Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, bhuaigh fir Chiarraí Craobh na hÉireann don tríú bhliain as a chéile, nuair a chloígh siad Tír Eoghain sa chluiche ceannais. Rinne mná na Ríochta éacht níos iontaí fós áfach agus a gcúigiú craobh as a chéile buaite acu an bhliain chéanna. Go deimhin, thug siad ceithre cinn eile leo ina dhiaidh sin chun naoi gcraobh as a chéile a bhuachan idir 1982 agus 1990.
Cé gur bhuaigh mná Chorcaí aon chraobh déag idir 2005 agus 2016, ba í 2010, nuair a bhuaigh fir an chontae Craobh na hÉireann, an t-aon bhliain le linn na tréimhse sin nár éirigh leis na mná an beart a dhéanamh.
Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais pheil na mban'