A mianach léirithe ag na Conallaigh arís i nDún na nGall agus gan deireadh fós le gaiscí Mhaigh Cuilinn

Caitheann Tuairisc súil siar ar conas mar a d’éirigh leis na clubanna CLG Gaeltachta i gConnachta agus i nDún na nGall

A mianach léirithe ag na Conallaigh arís i nDún na nGall agus gan deireadh fós le gaiscí Mhaigh Cuilinn

Gaillimh

Séasúr den scoth a bhí ag foireann shinsir peile Mhaigh Cuilinn agus níl sé críochnaithe go fóill mar tá fir Chonamara ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh sheaimpíní Dhoire, an Ghleann, ag tús mhí Eanáir. Ba chóir d’imreoirí Mhaigh Cuilinn tamall beag scíthe a ligean aimsir na Nollaig, áfach, agus súil a chaitheamh siar ar na gaiscí a rinneadar in 2022.

Údar mórtais don chumann go raibh seisear acu ar fhoireann shinsir na Gaillimhe a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann agus Seán Kelly ina chaptaen ar an bhfoireann sin chomh maith. Chuireadar tús maith leis an gcraobh i nGaillimh agus bhí Cora Finne i measc na bhfoirne a chloígh Maigh Cuilinn agus iad ag críochnú ar bharr grúpa a bhí thar a bheith deacair.

Tá an Corn tógtha ag lucht leanta Mhaigh Cuilinn! Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Fuaireadar an ceann is fearr ar sheaimpíní 2021, an Creagán-Maigh Locha, a bhuíochas do thaispeántas cumasach sna babhtaí leathcheannais, taispeántas a d’fhág gurbh iad rogha na coitiantachta don chluiche ceannais in aghaidh Bhóthar na Trá-Chnoc na Cathrach. Rinne Maigh Cuilinn obair chrua den chluiche áirithe sin, ach d’aimsigh Peter Cooke an cúl cinniúnach i dtreo dheireadh na himeartha chun go mbeadh Corn Mhic an tSionnaigh á thabhairt siar go dtí an Baile Dóite den dara huair, díreach dhá bhliain tar éis dóibh Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe a bhuachan den chéad uair.

 

D’fhág an phaindéim nach raibh an deis ag Maigh Cuilinn imirt i gCraobh Chonnacht an bhliain sin agus ba léir gur mhór an spreagadh dóibh an deis a bheith acu dúshlán a thabhairt do na foirne is láidre sa chúige. Chuaigh an taispeántas a thug siad in aghaidh Chathair na Mart, nuair a rinne siad scrios ar Lee Keegan agus a chomrádaithe, i gcion ar go leor agus cé gur le dua a sháraíodar Béal na mBuillí sa chluiche leathcheannais, bhí Maigh Cuilinn rómhaith do Thuar Loistreáin sa chluiche ceannais agus ba é captaen na foirne, Dessie Conneely, a d’ardaigh Corn McGettigan.

Is beag údar ceiliúrtha a bhí ag foirne eile na Gaeltachta i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe. Beidh Naomh Anna, Leitir Móir sásta lena gcuid agus seaimpíní idirmheánacha 2021 slán sa phríomhghrád don bhliain seo chugainn, mar atá Bearna agus an Spidéal, a raibh orthu teacht slán óna babhtaí dícháilithe don dara bliain as a chéile.

Deireadh ré é ag an gCeathrú Rua, áfach, agus peileadóirí an chumainn tite go dtí an Chraobh Idirmheánach an bhliain seo chugainn, an chéad uair le beagnach 35 bliain nach mbeidh siad ag imirt sa Chraobh Shinsir.

Beidh an Cheathrú Rua le hOileáin Árann agus Micheál Breathnach sa ghrád Idirmheánach in 2023 agus teipthe ar an dá fhoireann ardú céime a bhaint amach. Bhí cuma láidir ar Oileáin Árann ar feadh cuid mhaith den fheachtas. Bhí bua drámatúil acu ar na Breathnaigh i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe ach chliseadar in aghaidh Chill Chonla sa chéad bhabhta eile. Díbríodh an dara foireann atá ag Maigh Cuilinn chuig grád na sóisear don bhliain seo chugainn.

I bPeil na mBan, bhí údar díomá ag Naomh Anna, Leitir Móir agus iad tite go dtí an grád Idirmheánach an bhliain seo chugainn tar éis do Thuaim-Cortún an ceann is fearr a fháil orthu i gcluiche dícháilithe.

Thug mná Mhicheál Breathnach dhá chorn leo in 2022 tar éis dóibh Craobh Shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan deireadh seachtaine na Cincíse agus Craobh Shóisir B na Gaillimhe a bhuachan freisin i mí Dheireadh Fómhair.

San iomáint, bhí bliain mhaith ag Maigh Cuilinn freisin. Tar éis dóibh an Chraobh Idirmheánach a bhuachan in 2021, chuaigh Maigh Cuilinn ó neart go neart i ngrád na sinsear agus áit sa Chraobh Shinsir A bainte amach acu do 2023. Chlis siad in aghaidh Cheapaigh an tSeagail i réamhbhabhta ceathrú ceannais.

Sa Chraobh Idirmheánach, tháinig an Spidéal slán ó na babhtaí dícháilithe chun bliain eile a chaitheamh sa ghrád sin.

Dún na nGall

Léirigh peileadóirí Naomh Conaill a mianach arís i mbliana agus Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall buaite ag an gcumann den tríú huair le ceithre bliana anuas.

Cé go raibh cluiche ceannais an chontae bainte amach ag fir na nGleanntach cúig bliana as a chéile roimhe seo, bhí tuairim ann gur dheacair dóibh an gaisce sin a dhéanamh arís i mbliana ach níl aon dream níos fearr le lucht an amhrais a bhréagnú.

Is cinnte nach gan dua a bhain Naomh Conaill an cluiche ceannais amach, an ceann is fearr faighte acu ar Ghaoth Dobhair i gcluiche crua leathcheannais, ach sheas an taithí sin dóibh ansin sa chluiche ceannais. Is beag duine a thug seans do Naomh Conaill agus iad ag thabhairt aghaidh ar Naomh Adhamhnáin, dream a bhuaigh go héasca orthu i gcluiche ceannais 2021 agus a bhí tar éis ceann de bhoic mhóra eile na craoibhe, Cill Charthaigh a bhualadh sna babhtaí leathcheannais. Naomh Conaill a bhí i gceannas ó thús go deireadh sa chluiche ceannais, áfach, agus a séú craobh riamh buaite ag an gcumann agus iad sin uile tugtha leo acu ó 2005.

Beidh an Clochán Liath ar ais sa phríomhghrád an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Columba i gcluiche ceannais na Craoibhe Idirmheánaí. Bhí an Clochán Liath dírithe ar an gcraobh a bhuachan tar éis dóibh scaoileadh le seans iontach ardú céime a bhaint amach anuraidh nuair a chaill siad in aghaidh Chloich Cheann Fhaola i gcluiche ceannais athimeartha.

Rinne Naomh Columba thar cionn agus a gcéad chluiche ceannais le breis is deich mbliana a bhaint amach ach beifear díomách go maith leis an taispeántas a thugadar in aghaidh an Chlocháin Léith mí Mheán Fómhair agus bhí bua cuimsitheach ag fir an Chlocháin.

Fuair Naomh Columba an ceann is fearr ar Ghaeil Fhánada i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe ach bhí cúis cheiliúrtha ag fir Thuaisceart Dhún na nGall níos luaithe sa bhliain nuair a thugadar Craobh Shóisir na bhFear leo ó Chomórtas Peile na Gaeltachta. Bhí Bernard McGettigan, Shaun Kerr agus Mark McAteer ar fheabhas d’fhoireann Fhánada i gcaitheamh an chomórtais i Leitir Móir agus fuaireadar an ceann is fearr ar Chill Chomáin as Maigh Eo sa chluiche ceannais.

Thug mná Ghleann Fhinne corn abhaile leo as Conamara an deireadh seachtaine céanna agus an ceann is fearr faighte acu ar an bhfoireann bhaile, Naomh Anna, i gcluiche ceannais sinsir na mban. Bhí scata imreoirí idirchontae in easnamh ar Ghleann Fhinne an deireadh seachtaine céanna ach tugadh cead imeartha do Danielle McGinley agus bhí sise ar dhuine de na himreoirí is mó a raibh tionchar acu ar an gcluiche ceannais.

Níor éirigh le Gleann Fhinne Craobh Shinsir Dhún na nGall a bhuachan arís i mbliana, áfach, agus an ceann is fearr faighte ag an Tearmann orthu sa chluiche ceannais. Tá an chraobh á babhtáil idir na cumainn seo le roinnt blianta anuas ach ba í Geraldine McLaughlin agus a comrádaithe a bhí chun tosaigh i mbliana agus ciceanna éirice ag teastáil chun buaiteoir a fháil ar an gcluiche.

Sa Chraobh Shóisir, bhuaigh Gaoth Dobhair ar an gClochán Liath ag deireadh mhí Mheán Fómhair chun craobh an chontae a thabhairt leo.

Maigh Eo

D’ainneoin a ngaiscí anuraidh chun cluiche ceannais an chontae a bhaint amach, díomách go maith a bhí an bhliain seo do pheileadóirí Bhéal an Mhuirthead nuair a theip orthu teacht amach óna ngrúpa. Bhuaigh fir Iorrais a gcéad chluiche sa chraobh ach bhí Ryan O’Donoghue in easnamh orthu d’fhormhór an fheachtais, agus chlis orthu sa dá chluiche eile agus bhí deireadh lena séasúr roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Bliain dheacair a bhí ag Cill tSéadhna freisin sa Chraobh Idirmheánach agus iad beagnach dícháilithe don dara bhliain as a chéile. Tar éis dóibh titim ó ghrád na sinsear anuraidh, chaithfeadh Chill tSéadhna cluiche leathcheannais dícháilithe in aghaidh Ard na Ria a bhuachan lena chinntiú nach i ngrád na sóisear a bheidís in 2023.

Bliain chrua cheart a bhí ag Cill Chomáin agus cluiche ceannais Chraobh Shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta caillte acu tar éis am breise agus ansin chailleadar an cluiche ceannais i gCraobh Shóisir Mhaigh Eo don dara bhliain as a chéile ag tús mhí na Samhna.

An Mhí

Cé nach raibh an rath céanna ar pheileadóirí Bhulf Tón i mbliana agus a bhí anuraidh nuair a thugadar leo Craobh Shinsir Peile na Mí, ní drochfheachtas a bhí ag fir Bhaile Ghib. Chuaigh curaidh 2021 chomh fada le babhtaí leathcheannais na craoibhe i mbliana ach bhí Cnoc an Línsigh róláidir dóibh sa chluiche sin agus b’in deireadh lena ré mar sheaimpíní.

Chuaigh Bhulf Tón go dtí babhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir Iomána ach níor éirigh le Clann na nGael teacht amach as Grúpa B agus ba mheasa a scéal sa Chraobh Idirmheánach Peile, mar ar díbríodh go grád na sóisear iad do 2023.

Bhí údar ceiliúrtha ag an gcumann níos luaithe sa bhliain, áfach, agus Orlagh Lally agus Ali Sherlock mar chuid d’fhoireann na Mí a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na hÉireann don dara bhliain as a chéile.

Fág freagra ar 'A mianach léirithe ag na Conallaigh arís i nDún na nGall agus gan deireadh fós le gaiscí Mhaigh Cuilinn'