A Mhama, ná bíodh aon imní ort, ach seans go gcuirfear sa bpríosún anseo sa Chasacstáin mé….

Bhí ár gcolúnaí ag baint lá amach san oifig agus ag cuimhneamh ar a dhul abhaile nuair a bhuail an teileafón…

A Mhama, ná bíodh aon imní ort, ach seans go gcuirfear sa bpríosún anseo sa Chasacstáin mé….

Tarlaíonn sé go minic go gcuireann páistí glaoch teileafóin ar a dtuismitheoirí ag amanta contráilte.

‘A Mhama, an cuimhin leat an ‘sweatshirt’ deas gorm sin, tá poll uirthi.’

Tháinig an glaoch ar an bhfón póca agus foireann Léargas ag dul trí léirsiú sráide i gcathair Iarúsailéim. Ba dheacair é a chloisteáil le cleatar na gcloch a bhí á gcaitheamh lenár veain. Ach bhí seisean meáite ar a pheaca a admháil in am chun aon phionós a laghdú, nuair a thiocfainn abhaile.

Bhí sé fásta suas agus ag obair nuair a fuair mé glaoch eile nach raibh aon tsúil agam leis.

Ba é éirí as oifig an Uachtaráin Nursultan Nazarbayev sa Chasacstáin an lá cheana a chuir i gcuimhne dom é.

Bhí mé ag baint lá amach san oifig in 2007 agus ag cuimhneamh ar a dhul abhaile nuair a bhuail an teileafón.

‘Ná bíodh aon imní ort anois, ach tá mé ar mo bhealach chuig an gcúirt anseo sa Chasacstáin. Seans go gcuirfear sa bpríosún mé.’ Tháinig deireadh tobann le mo chuid pleananna.

‘Níl cead agam ach an t-aon ghlaoch gutháin a dhéanamh,’ ar seisean.

Bliain tar éis dó an ollscoil a fhágáil, agus céimeanna sa gheolaíocht agus  sa mhuireolaíocht aige, bhí Eoin ag obair do chomhlacht Sasanach sa Chasacstáin. Bhí siadsan ag cur seirbhísí ar fáil do chomhlachtaí móra ola. Tír thar a bheith saibhir ó thaobh acmhainní nádúrtha atá inti – gás, ola agus mar sin de.  Nazarbayev a ba chúis le cur chun cinn an tionscail sin.

Fuair an tír neamhspleáchas ón sean-Aontas Sóivéadach sa mbliain 1991. Thapaigh an sean-‘comrade’ Nursultan Nazarbayev, a dheis an bhliain sin agus bhí sé i gcumhacht ó shin nó gur éirigh sé as an lá cheana. Cosúil lena mhéit Vladimir Putin, fuair sé vóta ard i ngach toghchán,  97.7% sa gceann deiridh. Míorúilteach.

Ar Mhuir Chaisp a bhí Eoin ag obair mar mhuireolaí. I rith an gheimhridh thiteadh an teocht go dtí -25 céim C.

D’insíodh sé scéalta faoi bheith ag obair ar bharr na rigeanna ola- ag tomhas teochta agus ag cóiriú gléasanna aimsire ar na crainn arda mhiotail. ‘Chaithfeá a bheith cúramach gan ligean don chasúr nó don scriú sleamhnú as do chuid lámhainní- thitfidís b’fhéidir 30 méadar síos agus chaithfeá teacht anuas á gcuartú – agus leac oighir gach áit.’

Tá an Chasacstáin chomh mór le hiarthar na hEorpa ar fad agus gan ach 18 milliún duine ann. Istigh faoin tír atá Muir Chaisp agus í lán le hacmhainní nádúrtha. Ach rud aisteach amháin, mheabhraigh sé dom an lá cheana – níl sí ach cúpla méadar ar domhain sa taobh ó thuaidh agus d’fhéadfadh sí a bheith 1,000 méadar ar domhain ó dheas (gar don Iaráin).

San áit atá éadomhain, tógtar na rigí ola ar charn cloch agus carraigeacha, ar nós is gur oileáin bheaga iad – ní hionann agus na rigí a fheictear amuigh ar an Mhuir Thuaidh mar shampla. Bíonn siadsan ar ‘snámh’ ar bhealach éigin.

Ach nuair a thagann stoirmeacha oighir – d’fhéadfadh sórt ‘sruth oighir’ an rige a bhualadh, toisc go bhfuil sé daingean ar an mbunsraith cloch. D’fhéadfaí é a chlúdach ar fad le hoighear. Ba bhocht an scéal é d’éinne a bheadh ar bord ag an am.

Ní haon iontas mar sin, uair amháin agus Eoin amuigh ar rig le linn stoirme, agus iad teanntaithe isteach ag an ngairfean agus ag an oighear – bhí rud amháin nár thug sé faoi deara.

Bhí a chead a bheith sa tír – a víosa – rite amach.

Nuair a thug sé faoi deara é, níorbh fhéidir éalú ón rig. Bhí an gás suilfíd hidrigine ag sceitheadh de bharr druileála agus bhí ordú tugtha dóibh gan corraí.

Chomh luath agus a d’fhéadfadh sé, fuair Eoin síob ó thancaer a bhí ag dul thar bráid. Bhí bád eile ar téad aici agus an tancaer ag briseadh an oighir lena ghob.

Ar deireadh shroicheadar talamh tirim agus chuaigh sé ag stáisiún na bpóilíní chun a pheaca a admháil. Ní raibh mórán Béarla ag na póilíní ach thuigeadar pasanna a bhí imithe as dáta. Aon duine a bhí sa tír go mídhleathach, bhí an dlí briste acu.

Tugadh chun cúirte é agus cead aige glaoch gutháin a dhéanamh.

‘A Mhama….’

Ba bheag a bhí mise in ann a dhéanamh. Ghlaoigh mé ar chara a d’oibrigh sa Roinn Gnóthaí Eachtracha uair amháin ach d’inis seisean dom go raibh an Ambasáid ba ghaire i Moscó – 2,000 ciliméadar ón láthair.

Gearradh 24 uair an chloig príosúin agus díbirt as an tír air. (Bheadh sé ní b’fhaide ach amháin gur admhaigh sé a choir go luath – ceacht an ‘sweatshirt’.) Bhí an cur síos ar an bpríosún an-chosúil le haon rud a léifeá faoin ‘Gulag Archipelago’. Bhí sé i gcillín le triúr eile agus gan a fhios aige cé na coireanna a bhí curtha ina leith siúd. Tharraing fear amháin a mhéaracha thar a scornach nuair a cuireadh ceist air. Leithreas amháin amuigh faoi aer agus é clúdaithe ó bhun go barr le cac.

Agus nuair a cheap sé go raibh sé ar a bhealach abhaile de bharr a dhíbeartha, ní raibh an scéal sin simplí ach an oiread. Bhí amhras fós faoin bpas agus nuair a scrúdaíodh é san aerfort cuireadh amach é agus baineadh an pas de.

Cúig lá agus cúig oíche fhada ag fanacht gan corraí as an árasán agus gan a fhios aige an scaoilfí abhaile go brách é. Ach maidin amháin, go míorúilteach tháinig an pas ar ais agus dúradh leis greadadh go dtí an t-aerfort arís.

Gach uair a scrúdaigh na póilíní san aerfort a phas, tháinig eagla arís air. Ag an bpointe seiceála deiridh, thosaigh beirt phóilíní ag argóint faoi agus thugadar leo an pas arís as amharc.

B’fhéidir gur éirigh siad tuirseach den dráma. Thángadar ar ais leis. Ligeadh ar bord é.

Céard a rinne sé?

‘Chas mé air an ipod agus ‘Enya’ air agus chas mé arís agus arís eile í gur shroich muid Iostanbúl. Agus cé go raibh beagnach an lá ar fad agam ansin, níor chorraigh mé amach as an aerfort.’

Fág freagra ar 'A Mhama, ná bíodh aon imní ort, ach seans go gcuirfear sa bpríosún anseo sa Chasacstáin mé….'

  • Bibi

    Fuaireasa glaoch gutháin dá leithéid óm mhac a bhí sa tSúdáin Theas cúpla bliain ó shin nuair a bhí an cogadh ar siúl ann agus é ag obair do WFP. A Mham, táimid i bhfolach san íoslach agus na piléir á gcaitheamh ós ár gcionn! Táimid go léir scanraithe inár mbeathaigh! Cad a bheadh le déanamh ag mam ach éisteacht agus é a chur ar a shuaimhneas.
    Cabhair Dé chugainn, thug sé na cosa leis.