A mbeannacht le tabhairt ag ceannairí bhallstáit an AE don dara téarma do von der Leyen

Beidh vóta ó 361 feisire i bParlaimint na hEorpa ag teastáil ó Ursula von der Leyen chun go bhfaigheadh sí an dara téarma mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

A mbeannacht le tabhairt ag ceannairí bhallstáit an AE don dara téarma do von der Leyen

Tá a mbeannacht le tabhairt ag ceannairí bhallstáit an Aontais Eorpaigh d’Ursula von der Leyen don dara téarma mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Tá an Taoiseach Simon Harris ar dhuine de na ceannairí atá ag glacadh páirt inniu sa phlé neamhfhoirmeálta atá le déanamh faoi líonadh na bpost is sinsearaí san AE.

Ag dinnéar sa Bhruiséil a phléifear post cheannasaí an Choimisiúin, feidhmeannas an AE, atá freagrach as polasaithe agus reachtaíocht nua a mholadh agus rialáil a dhéanamh ar an margadh aonair.

Seo an chéad uair ag 27 ceannaire bhallstáit an AE casadh le chéile ó thoghcháin na seachtaine seo caite, toghcháin ina ndearna páirtithe ar an eite fhíordheis dul chun cinn. Chomh maith leis sin, spreag torthaí na dtoghchán Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, le toghchán tobann a ghairm.

Pléifidh na ceannairí chomh maith cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Charles Michel, uachtarán na Comhairle Eorpaí agus cé a gheobhaidh post Josep Borrell, príomhthaidhleoir an AE.

Meastar gurb é António Costa, iarphríomh-aire na Portaingéile a roghnófar mar cheannasaí na Comhairle agus príomh-aire na hEastóine Kaja Kallas, atá á lua mar chomharba Borrell.

Beidh vóta ó 361 feisire i bParlaimint na hEorpa ag teastáil ó Ursula von der Leyen chun go bhfaigheadh sí an dara téarma. 400 feisire atá ag an gcomhghuaillíocht a vótáil di cúig bliana ó shin, a páirtí féin, Páirtí Phobal na hEorpa, na Daonlathaithe Sóisialta agus liobrálaigh an ghrúpa Athbheochan.

Ní gá go vótálfadh na feisirí sin go léir di, áfach, agus sa chás nach mbeadh dóthain tacaíochta aici ó na grúpaí sin bheadh uirthi margadh a dhéanamh leis na Glasaigh nó le Giorgia Meloni, Príomh-Aire na hIodáile, atá i gceannas ar ghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.

Ag cruinniú mullaigh foirmeálta ar an 27-28 Meitheamh a dhéanfaidh ceannairí na mballstát an cinneadh deireanach faoi na postanna atá le líonadh agus ar an 15 Iúil a bheidh vóta na Parlaiminte faoin gcéad uachtarán eile ar an gCoimisiún.

Beidh an chéad bhabhta de na toghcháin pharlaiminte sa Fhrainc ar siúl ar an 30 Meitheamh.

Fág freagra ar 'A mbeannacht le tabhairt ag ceannairí bhallstáit an AE don dara téarma do von der Leyen'