A bhuíochas le Maigh Woe agus (tearma.ie), tá leagan Gaeilge anois agam ar ‘own goal’…

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Tá an saighdiúir ag amharc ar chluichí Gaelacha ach tá sé ag foghlaim i gcónaí a bhuíochas le Maigh Eo

A bhuíochas le Maigh Woe agus (tearma.ie), tá leagan Gaeilge anois agam ar ‘own goal’…

Cúl tuathail. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Maigh Woe agus cúl tuathail

Tá mé ag amharc ar chluichí Gaelacha le fada agus ní dóigh liom go raibh orm na focail ‘own goal’ a úsáid riamh. Is téarma é sin a bhaineann le sacar nó is annamh a bhíonn ‘own goal’ sa pheil Ghaelach nó san iomáint. Go dtí an Domhnach nuair a d’éirigh le Maigh Woe dhá chúl a chur ina n-eangach féin agus sé chúilín a bhronnadh ar na Rub-a-Dub Dubanna. Ní tubaiste go Maigh Woe!

B’éigean dom dul i muinín an tsuímh iontaigh sin, téarma.ie, le fáil amach cad é an Ghaeilge atá ar ‘own goal’ agus thug siad ‘cúl tuathail’ air. Nath ar dóigh atá ann agus tuigeann tú láithreach é. Cúl tuathail! Beidh an dá fhocal bheaga sin ceangailte le Maigh Woe go deo. Maigh Woe a theagasc cúl tuathail dom.

Sea, bhí mórán cainte ar an mhallacht a bhí ar Mhaigh Woe roimh an chluiche mhór. Bhí mórán cainte faoi chúis na mallachta agus faoi iarrachtaí leanúnacha gan mhaith Mhaigh Eo le Sam a bhaint. Ó,ó,ó….

Agus bhí seans acu inné. Bhí seans acu – agus is beag nár lig siad an seans sin le sruth agus dhá chúl tuathail a scóráil. Bí geall go raibh na Dubanna buíoch as an dá chúl fosta nó ba iad a bhí olc. Droch-Dhubanna amach is amach.

Cinnte, tig linn labhairt faoin sracadh a bhí i Maigh Woe leis an chúilín ghalánta sin a aimsiú le go gcríochnódh an cluiche ar comhscór. Moltar a misneach!

Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin…

An gcreideann tú go mbeidh an lá leo i gceann coicíse? Nó an gcreideann tú nach mbeidh ann ach deis eile le bealach nua a aimsiú le cluiche ceannais a chailleadh?

Agus an lucht leanúna atá ag Maigh Woe! Is iad atá cróga. Beidh orthu filleadh ar Pháirc an Chrócaigh arís eile agus suí sna suíocháin arís eile agus a gcuid paidreacha a rá arís eile. Cad é an Ghaeilge atá ar ‘self-flagellation’?

Ar ais go téarma.ie liom!

Nou Surrender!

Chuir Barcalona múineadh ar na Ceiltigh sa Nou Camp. Seacht gcúl – ach, lena gceart a thabhairt do na Ceiltigh, ní raibh cúl tuathail ar bith ann! Sea, ceacht ar dóigh a bhí ann, ach ní dócha i bhfírinne go raibh mórán de lucht leanúna an chlub ag súil le bua. Drochthoradh a bhí ann agus tarlaíonn a leithéid. Amharc gur chaill an club is saibhre ar domhan, Man U, in éadan Feyenoord i Sraith na hEorpa agus, leoga, chaill siad in éadan Watford sa phríomhroinn. Seo club a bhfuil an peileadóir is costasaí ar domhan, Paul Pogba, acu. Ceannaíodh Pogba ar airgead a cheannódh tír bheag i Meiriceá Theas duit.

Á bhuel, sin agat spórt. Is é atá cruálach.

Beidh deis eile ag na Ceiltigh in éadan Bharcalona nuair a thiocfas siad go Parkhead. Thug mé faoi deara gur leagan amach 5/4/1 a bhí ar na Ceiltigh agus iad as baile. Molaim leagan amach nua an chéad uair eile – 10/0.

Nou Surrender!

Fág freagra ar 'A bhuíochas le Maigh Woe agus (tearma.ie), tá leagan Gaeilge anois agam ar ‘own goal’…'