A bhfuil geallta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta nua…

Maoiniú €202 milliún a chuirfear ar fáil don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in 2022 a deirtear sa ‘Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030’ a foilsíodh inniu

A bhfuil geallta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta nua…

Tá tacaíocht do na meáin Ghaeilge ar an mbeagán gealltanas nua ó thaobh na teanga atá sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 a foilsíodh inniu.

Deirtear chomh maith sa phlean €165 billiún nua go ndéanfar infheistíocht sa Ghaeltacht lena chinntiú go dtiocfaidh sí slán mar áit a bhfuil pobal bríomhar agus mar ‘thobar’ na Gaeilge.

Déanfar an méid sin trí infheistíocht a dhéanamh in Údarás na Gaeltachta agus sa chóras pleanála teanga, a mhaítear sa phlean a foilsíodh i mBéarla amháin inniu. Luaitear chomh maith sa leagan leasaithe den phlean forbartha náisiúnta tacaíocht d’earnáil na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus infheistíocht in ionaid caitheamh aimsire.

Maoiniú €202 milliún a chuirfear ar fáil don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in 2022 a deirtear sa phlean, i gcomparáid le €172 milliún i mbliana. €206 milliún a bheidh i gceist in 2023, €210 milliún atá luaite le 2024 agus €214 a deirtear a bheidh ar fáil don roinn in 2025.

Gealltar go dtabharfaidh Coimisiúin na Meán, an eagraíocht nua do na meáin atá le bunú in áit an BAI, Údarás Craolacháin na hÉireann, aitheantas don ról “tábhachtach” a bhíonn ag na meáin Ghaeilge maidir le neartú phobal na Gaeilge. Gealltar go dtacóidh an Coimisiún le soláthar ábhar agus seirbhísí na meán Gaeilge éagsúla.

Luaitear chomh maith sa phlean nua cuid de na tograí a luadh sa phlean forbartha náisiúnta roimhe seo, ina measc forbairt ionad Gaeilge ar fud na tíre, ag áireamh lárionad don teanga ag ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Gealltar chomh maith go gcuirfear traidisiúin na Gaeilge agus na hUltaise chun cinn trí thacú leis an bhForas Teanga agus infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge sa Tuaisceart.

Tá cuarbhóthar na Gaillimhe, forbairt an bhóthair idir Corcaigh agus Luimneach, athbheochan chathair Phort Láirge i measc na dtograí móra atá luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030.

Agus an Plean Forbartha Náisiúnta nua á sheoladh inniu aige, dúirt an Taoiseach Micheál Martin nár facthas plean “chomh mór” leis riamh cheana. Dúirt sé gurb é an plean a mhúnlódh cur chuige na hÉireann i leith na héigeandála timpeallachta agus na géarchéime tithíochta.

Mhaígh an Taoiseach gurb é an plean nua an plean is mó ó bhunú an stáit a thugann aird ar an timpeallacht.

Fág freagra ar 'A bhfuil geallta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta nua…'