A aistritheoir Gaeilge, bí dána, bí soiléir, bí eolach agus seachain ‘na tairbhí féideartha ollmhóra’!

D’iarramar ar Antain Mac Lochlainn éirim a leabhair nua Ó Bhéarla go Gaeilge a chur inár láthair go hachomair….

A aistritheoir Gaeilge, bí dána, bí soiléir, bí eolach agus seachain ‘na tairbhí féideartha ollmhóra’!

I mbeagán focal…

Tugadh dúshlán an tsaineolaí bia, Michael Pollan, a theagasc agus a thaighde maidir le réim bia a chur in aon abairt amháin, rud a rinne sé: ‘Ith measarthacht bia; plandaí den chuid is mó.’ Is deacair sin a shárú ar ghontacht, ach seo chuige ar scor ar bith, mo mhion-ghearrchúrsa aistriúcháin.

Bí dána…

Ní hé gnó an aistritheora focail Ghaeilge a chur in áit focail Bhéarla. Smaoinigh ar an teachtaireacht atá sa Bhéarla agus tabhair an teachtaireacht sin slán i bhfriotal Gaeilge. Is cuimhin liom an comhartha seo a fheiceáil i stáisiún peitril i nGleann Cholm Cille: ‘Please do not ask for credit as refusal often offends.’ An té a bheadh ródhílis don cliché Béarla sin, seans go ndéanfadh sé aistriúchán bacach mar seo: ‘Ná hiarr creidiúint, le do thoil, mar is minic a chuireann diúltú olc ar dhaoine.’ Cad é a bhí scríofa ag fear an Ghleanna? ‘Íoc anois, le do thoil.’

Bí soiléir…

Má tá an buntéacs casta, teicniúil, beidh sé sin le brath ar an aistriúchán chomh maith. Ní ceadmhach don aistritheoir leagan Ladybird a dhéanamh de thuarascáil bhliantúil Institiúid na hÉireann um Chosaint Raideolaíochta. Ach go sábhála déithe an aistriúcháin sinn ar a leithéid seo, i bhfógra mar gheall ar oibreacha bóthair: ‘Is le linn neamh-bhuaicuaireanta a chuirfear na hoibreacha seo i gcrích ionas míchaoithiúlacht lucht úsáidte feithiclí a íosmhéadú.’ Ar éigean a thuigfeá sin gan é a aistriú siar go Béarla: ‘These works will be carried out during non-peak hours so as to minimize inconvenience to vehicle users.’ Cur amú ama agus airgid atá san aistriúchán nach dtuigfeadh na léitheoirí a bhfuil sé dírithe orthu. Bí soiléir: ‘Déanfar an obair nuair is lú a bhíonn trácht ann, chun nach mbeifear ag cur isteach an iomarca ar thiománaithe.’

Bí eolach ar ghnás na Gaeilge…

‘Tá na tairbhí féideartha ollmhór.’ Más gá an locht atá ar an leagan sin a mhíniú don ábhar aistritheora, ní dócha go ndéanfar aistritheoir di choíche. Ach an t-aistritheoir a bhfuil a cuid féin déanta aici den teanga scríofa, d’aithneodh sí láithreach go bhfuil sé go mór as alt le dúchas na Gaeilge. ‘The potential benefits are enormous’ a bhí sa Bhéarla ach b’ait leat ‘tairbhe’ a bheith san uimhir iolra. Fiú má tá an aidiacht potential sa Bhéarla, ní fhágann sin go bhfuil ceangal na gcúig gcaol orainn ‘féideartha’ a chur ina ionad. Agus ní fada go n-éireofá tuirseach den fhoirmle leamh leanbaí úd ‘Tá Seán beag’, ‘Tá an spéir gorm’. An té a bhfuil Gaeilge aici, is túisce a rithfeadh an chopail léi: ‘Is rímhór an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as seo.’

Le léitheoireacht agus le síorchleachtadh is féidir le mo leithéidse, foghlaimeoir Gaeilge, eolas a chur ar chiútaí agus ar chleasa na Gaeilge.

– Seolfaidh an Dr Charles Dillon ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ in oifigí Fhoras na Gaeilge, 63-66 Sráid Amiens ar 6.00pm Dé Céadaoin 30 Bealtaine

Fág freagra ar 'A aistritheoir Gaeilge, bí dána, bí soiléir, bí eolach agus seachain ‘na tairbhí féideartha ollmhóra’!'

  • Áine Nic Niallais

    Ag tnúth leis an tsaothar seo a léamh, a Antain. Comhghairdeas ó chroí leat!

  • Carraig

    Nó ‘an bhfuil rud éigin cearr leis an leathanach seo’? ‘Are there any errors on this page’? Aisyriúchán ar shuíomh oifigiúil ‘An Chomhairle Eorpach’!

  • Duine Nua

    Ceist don saoi aistriúcháin (nó d’éinne eile freisin): ‘Ach an t-aistritheoir a bhfuil a cuid féin déanta aici den teanga scríofa, d’aithneodh sí láithreach…’ Ós rud é gur focal firinscneach é aistritheoir, nár chóir a chuid/aige/sé a úsáid seachas a cuid/aici/sí?

  • Tommy

    An Chomhairle Eorpach:
    Fraincis: Une erreur à signaler sur cette page?
    Béarla: Is there something wrong with this page?
    Gaeilge: An bhfuil rud éigin cearr leis an leathanach seo?
    Nuair a chacann gé cacann siad ar fad.

  • Colin Ryan

    Deir scríbhneoir an ailt seo rud atá ráite go minic cheana ach is fiú a rá arís agus arís eile. Cloígh le dul na Gaeilge, leis an nádúrthacht, leis an ngontacht. Cuid mhaith de na haistriúcháin Ghaeilge a dhéantar de cháipéisí oifigiúla tá siad doléite.

  • Learrai

    An caighdean Gaeilge ar shuiomh na Comhairle Eorpai:
    Ní mór gur le comhthoil idir Ballstáit uile an Aontais a ghlacfar na Conclúidí.
    Déanfaidh an tAontas Eorpach a seacht ndícheall

  • Namhaid don cheird gan a foghlaim...

    Tá an ceart ag Antain Mac Lochlainn nuair a deir sé: “Le léitheoireacht agus le síorchleachtadh is féidir le mo leithéidse, foghlaimeoir Gaeilge, eolas a chur ar chiútaí agus ar chleasa na Gaeilge.” Sin agus éisteacht go haireach le cainteoirí maithe.

    Ach níor mhiste a rá lena chois sin: “Fiú an té a bhfuil an Ghaeilge aige cheana, is le tréan léitheoireachta agus le síorchleachtadh a éireoidh leis …..”. Ar an drochuair tá daoine ag tabhairt faoi cheird an aistriúcháin a fhoghlaim agus gan an teanga féin foghlamtha acu.

    Agus an té ar mian leis Gaeilge mhaith a léamh, ní cóir dó fanacht i muinín an stuif atáthar a fhoilsiú ar na saolta deireanacha seo – níor mhór dó dul siar chuig na seanúdair ar mhó Gaeilge a bhí acu ná Béarla.

  • sinéad

    Namhaid don Ghaeilge an t-aistritheoir nach bhfuil ach Gaeilge chiotach aige, nach léann aon Ghaeilge, nach bhfuil aon mheas aige uirthi agus nach labhrann í ach nuair is gá. Tá siad ann. Cén chaoi ar éirigh leis a bheith ina aistritheoir mar sin? Ná feic a bhfeicfir is ná clois a gcloisir.