Iarracht Roinn na Gaeltachta géarchéim na pleanála teanga a réiteach á meas ag Fóram Chois Fharraige

Is cosúil anois go bhfuil sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise á thairiscint do lucht pleanála teanga i gcúig limistéar pleanála teanga - Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara

Iarracht Roinn na Gaeltachta géarchéim na pleanála teanga a réiteach á meas ag Fóram Chois Fharraige

Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta chun €50,000 breise a thairiscint do lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina bhfuil an córas pleanála teanga faoi láthair.

Tá amhras mór faoin a bhfuil i ndán do phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta ó dhiúltaigh Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun plean teanga a chur i bhfeidhm, agus an baol ann anois go ndéanfaí an eagraíocht pleanála teanga, atá i gceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, a scor mar gheall ar an aighneas faoi chúrsaí maoinithe.

Bhí sé i gceist ag Fóram Chois Fharraige cur inniu lena mbagairt go molfaí an eagraíocht a scor mura bhfaigheadh siad tairiscint ar mhaoiniú breise.

Ach is cosúil anois go bhfuil sé i gceist ag an Roinn agus ag an Údarás maoiniú breise á thairiscint do lucht pleanála teanga i gcúig limistéar pleanála teanga – Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara.

€50,000 sa bhreis agus cead beirt seachas duine amháin a fhostú a bheidh á thairiscint ag na húdaráis anois má thugtar feidhm don phlean atá ann critéir cháilithe nua a leagan síos do limistéir phleanála teanga áirithe.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh sé ag súil go bhféadfaí anois “bogadh ar aghaidh”.

“Beidh an t-allúntas seo ina thacaíocht bhreise do na limistéir seo chun na dúshláin shainiúla faoi leith a bhaineann lena gceantair a cheansú. Tagann sé seo sa bhreis ar ndóigh ar an allúntas €100,000 a fógraíodh i mí Aibreáin seo caite a bheidh ar fáil do gach limistéar chun cuidiú le feidhmiú pleananna aontaithe.

“Nuair a chuirtear é seo uile san áireamh agus clár breise de bhearta eile a bhfuil bailchríoch á cur air faoi láthair chun tacú tuilleadh le feidhmiú rathúil an phróisis, táim sásta go mbeifear in ann bogadh ar aghaidh gan tuilleadh moille agus tús a chur leis an gcéim is tábhachtaí den phróiseas,” a dúirt McHugh.

Is é Fóram Chois Fharraige an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint chun gach plean teanga a chur i bhfeidhm.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Thug lucht pleanála teanga i gCorca Dhuibhne agus in iarthuaisceart Dhún na nGall le fios go raibh siad ag tacú le seasamh Fhóram Chois Fharraige diúltú don mhaoiniú a bhí a thairiscint chun a bpleananna teanga chur i bhfeidhm.

I ráiteas a d’eisigh siad aréir, thug Fóram Chois Fharraige le fios go raibh litir faighte acu ón Roinn inar leagadh amach an cur chuige nua. Dúirt an Fóram go mbeadh cruinniú acu ar an 5 Feabhra chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar cheart glacadh leis an tairiscint nua agus plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm nó diúltú don mhaoiniú agus an Fóram a scor.

Thug an Roinn le fios don bhFóram chomh maith go bhfuil siad ag obair ar chlár de ‘bheartais bhreise shonracha a bheidh ar leas an phróisis [pleanála teanga] trí chéile’ agus dúradh go mbeadh an clár oibre sin á fhógairt san athbhliain.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Dúirt iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a tógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Fág freagra ar 'Iarracht Roinn na Gaeltachta géarchéim na pleanála teanga a réiteach á meas ag Fóram Chois Fharraige'

  • Ruairí

    Bhronn aire na Gaeltachta Josepha McHugh €350,000 do chumann slat iascaireachta i nDún na nGall le deireanas!