Ba dheacair d’aoinne a bhfuil lé acu le cúrsaí spóirt gan spéis a chur i dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo ar an ról atá ag spórt i saol na tíre seo.
Is mó rud a d’fhéadfaí a thógaint ón suirbhé a choimisiúnaigh comhlacht dlíodóra Philip Lee agus a raibh comhairleoirí Amárach i mbun taighde aige ach b’fhéidir nár mhiste tagairt a dhéanamh don méid a léiríonn sé faoi Chumann Lúthchleas Gael agus faoi dhearcadh an phobail i dtaobh na mórcheisteanna atá ag dó na geirbe ag an eagraíocht sin.
Cíortar dhá cheann de na ceisteanna sin sa tuarascáil seo – cearta craolta na gcluichí agus stádas aimitéireach CLG.
Maidir le beartas cearta craolta chluichí Chumann Lúithchleas Gael agus an conradh a aontaíodh níos luaithe i mbliana leis an gcraoltóir SKY, tugtar le fios dúinn go measann nach mór beirt as gach cúigear gur rud fónta é go mbeadh an dá dhream luite lena chéile ach tá nach mór leath díobh siúd a ceistíodh den dtuairim nár cheart aon bhaint bheith ag CLG le SKY.
Astu siúd a chreideann go bhfuil fiúntas leis an mbeartas, deir 70% gurb í an deis stocaireachta agus margaíochta thar lear an chúis is tréine agus is mealltaí dona leithéid. Measann 51% eile go gcífear a thairbhe ag an mbunleibhéal, i. leibhéal na forbartha ins na fochumainn agus deir an ceathrú cuid díobh siúd a ghéilleann don mbeartas gur fearr a dhéanfaidh SKY ionramháil ar na cluichí ná mar a bhí á dhéanamh go dtí seo ag eagrais eile.
Ar an dtaobh eile den scéal, deir 70% acu siúd atá glan i gcoinne bheartais CLG agus SKY gurb í an phríomhchúis lena míshuaimhneas go mbeidh sé níos deacra feasta teacht ar na cluichí ar an dteilifís.
Deir nach mór a leath nár cheart d’eagraíocht aimitéireach ar nós CLG a gcluichí a dhíol leis an saormhargadh príobháideach toisc go bhfuil sé glan bun os cionn le héirim na heagraíochta amhlaidh a dhéanamh agus tá 46% eile a chreideann nach bhfeicfidh cosmhuintir CLG pingin rua d’airgead SKY go deo.
Léiríonn na figiúirí agus na tuairimí seo i leith an chonartha idir CLG agus SKY go bhfuil mothúcháin an-láidre ag coimheascar lena chéile i measc lucht leanta spóirt sa tír seo agus go bhfuil tréithe ar nós dilseacht agus traidisiún fite fuaite sa chaidreamh atá idir phobal CLG agus na foirne a dtugann siad a ndúthracht dóibh go fóill.
Cúis iontais dom, mar sin, gur thug 43% den ndream a ceistíodh le fios nach dtagann siad le polasaí CLG gan a gcuid imreoirí a íoc, go bhfuil 32% a thagann leis an bpolasaí agus go bhfuil an chuid eile (25%) idir eatarthu.
Ag féachaint rompu amach, measann nach mór triúr as gach ceathrar a ceistíodh don suirbhé (73%) gur cheart do CLG cúiteamh de shaghas éigin a chur ar fáil dá gcuid imreoirí agus measann 80% de lucht leanta CLG féin gurb amhlaidh a bheidh feasta.
Ceann des na gnéithe is suntasaí a eascraíonn as an dtuarascáil ná tuairimí iarbhainisteora Átha Cliath, Pat Gilroy, i dtaobh na gcluichí Gaelacha agus an treo atá á thógaint acu.
Deir an fear a bhí sa stiúir nuair a bhuaigh Áth Cliath craobh na hÉireann trí bliana ó shin gurb iad na dúshláin chéanna a bheidh i ndán, luath nó mall, dos na cluichí Gaelacha is a bhí nuair a d’imigh rugar ó bheith ina chluiche aimitéireach go dtí ré na gairmiúlachta.
Maíonn Gilroy go dtiocfaidh an claochló seo laistigh de leathchéad bliain, go háirithe má éiríonn leis na cluichí ardán idirnáisiúnta ceart a bhaint amach dóibh féin i Sasana agus ins na Stáit Aontaithe.
Tá mórán ceachtanna, dar le Gilroy, le foghlaim as taithí an rugair i ré na gairmiúlachta. Ní lú i measc na gceachtanna sin an dá aicme a cruthaíodh i lár na nóchaidí nuair a cruthaíodh parthas do phlúr na n-imreoirí agus purgadóireacht don gcuid eile.
Anois agus biaiste na gcruinnithe cinn bhliana ag teannadh linn, b’fhéidir nár mhiste díospóireacht a thosnú ag gach ceann des na cruinnithe sin maidir lena bhfuil i ndán don gcluiche ar a bhfuil an gnáthbhall ag freastal agus ag tindeáil.
B’fhéidir nuair a thosnódh an díospóireacht i gceart go bhfeicfí go bhfuil an deighilt idir uachtaráin agus íochtaráin CLG tosnaithe le tamall.
B’fhéidir go gcíonn daoine gur ar scrimh na hingne agus ar phinginí pitseála atá cuid mhaith d’fhochumainn CLG ag cur na mblianta díobh agus go bhfuil airgead á chaitheamh go neafaiseach ar an dtaobh eile.
B’fhéidir, leis, nár ghá dúinn aon suirbhé ná aon tuarascáil a bheith againn chun é sin a thuiscint.
Fág freagra ar 'Lón machnaimh do CLG i suirbhé nua'