An tusa agus Daidí na boss-annaí ar an teach seo?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí a fhios ag ár gcolúnaí ina croí istigh nárbh fhíor don fhreagra a thug sí ar an gceist thuas…

Boss child

‘An tusa agus Daidí na boss-annaí ar an teach seo, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonán Beag díom ag an dinnéar an tráthnóna cheana. Bhí na péindlíthe maidir le córaíocht ar an mbord dinnéir díreach meabhraithe agam di. Is dócha go raibh amhras uirthi an raibh an t-údarás cuí agam lena leithéid de rialacha a chur i bhfeidhm.

‘Is muid,’ a d’fhreagair mé go neamhbhalbh. Ach, bhí a fhios agam i mo chroí istigh nach raibh sé fíor. Bhí mé ag súil go mb’fhéidir go nglacfadh sí le m’fhocal, go suífeadh sí ina cathaoir agus go n-íosfadh sí ruainne den stobhach.

‘Mar gheall go bhfuil sibh an-sean?’ a d’fhiafraigh sí díom go stuama. ‘Níl muid chomh sean sin uilig,’ a dúirt mé agus chorraigh mé ar éigin ar an gcathaoir is mé ag iarraidh mo mheáchan a aistriú anonn ar an gcorróg mhaith.

Scrúdaigh sí go géar mé. Bhí a fhios agam nár aontaigh sí go hiomlán leis an bhféinmheasúnú a bhí déanta agam. ‘Ach, tá sibh sách sean,’ a dúirt sí, ar mhaithe le soiléireacht, ar fhaitíos go mbeadh seachrán éigin orm ag an seanaois.

An bhféadfainn m’údarás a dhaingniú ach a admháil go raibh mé chomh sean leis an gceo? ‘Sea, tá muid sách sean agus sách críonna, só is muide na boss-annaí,’ a dúirt mé agus dóchas i mo chroí.

‘Is mise an páiste is sine, só ciallaíonn sé sin… is mise an boss ar na páistí sa teach,’ a dúirt sí go ríméadach. Níor réitigh a loighic ró-mhaith liom.

Réitigh a loighic go maith leis an gCailín Mór Beag. Stop sí den obair dáiríre a raibh sí gafa leis ó shuigh muid chuig an dinnéir – ag aistriú a cairéidí anonn go ciúin óna pláta féin trasna ar phláta An Bhabaí.

Bhreathnaigh sí aníos agus chonaic mé splanc éirime ina súile. ‘Agus tá mise níos mó ná an Babaí,’ a dúirt sí, ‘só, is mise an boss air sin,’ agus í sna flaithis ag an ardú céime a bhí faighte aici gan choinne.

Thosaigh sí ar a cúram láithreach. ‘Ith do chuid cairéidí,’ a d’ordaigh sí dhó i nglór údarásach, ‘nó níl aon chead teilí.’

Thóg sé lán a ghlaice de chairéidí aníos ón bpláta, d’fháisc ina dhorn iad is thosaigh á scaipeadh amach go fial ar an mbord. Ceapaim go mb’fhéidir go raibh a thuairimí fhéin aige ar an ábhar.

Fág freagra ar 'An tusa agus Daidí na boss-annaí ar an teach seo?'