Teannas i measc an phobail ar dhá thaobh na deighilte. Caidreamh trasphobail lagaithe. Foláirimh tugtha faoin mbaol go gcuirfí ar ceal socruithe logánta a cheadaigh paráidí Oráisteacha a bhí conspóideach tráth. Brú ar an tSeirbhís Póilíneachta. Díobháil mhór déanta do Choimisiún na bParáidí agus cinniúint na n-institiúidí polaitíochta idir dhá cheann na meá.
Maíonn lóiste Phort an Dúnáin den Ord Oráisteach gurb é a gceart daonna máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh mar a ndeir na háitritheoirí náisiúnacha nach nglacfar leo. Sin mar a bhí 30 bliain ó shin agus sin mar atá. Is geall le tromluí iad cuimhní ar Dhroim Crí sna nóchaidí, réabadh agus marú – é mar a bheadh iomaíocht idir grúpaí paraimíleatach dílseacha féachaint cé acu ba mhó a dhéanfadh scrios. Tharla círéibeacha náisiúnacha nuair a ghlan an RUC agus saighdiúirí an pobal áitiúil den bhóthar chun na hOráistigh a ligean thar bráid. Bhí an trioblóid chomh holc sin nár ceadaíodh don lóiste a dhul síos an bóthar ó 1998, an t-eiteachas tugtha dóibh ag Coimisiún na bParáidí gach bliain ó shin go dtí Dé hAoine seo caite.
Bhain cinneadh an Choimisiún cead máirseála a thabhairt dóibh ar Bhóthar Gharbhachaidh geit as daoine. Bhí srianta le cur i bhfeidhm, teorainn 35 ar líon na ndaoine a bheadh páirteach, bac ar bhannaí agus ar lucht tacaíochta agus níor mhór an t-imeacht a rith idir 8am agus 9.30am Dé Domhnaigh. Is deacair a thuiscint cén fáth ar shíl an Coimisiún go mbeadh glacadh ag pobal náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh leis an gcinneadh; bhí dul amú orthu mar a léirigh áitritheoirí agus a lucht tacaíochta nuair a bhlocáil siad an bóthar.
Ba mhór idir an cinneadh a fógraíodh Dé hAoine agus an cinneadh a rinne an Coimisiún maidir leis an bparáid chéanna i mí Iúil nuair a diúltaíodh cead toisc go mbeadh drochthionchar ag an bparáid ar an gcaidreamh trasphobail. Bunaíodh an cinneadh sin ar thuairim an PSNI go raibh an cúrsa íogair nó conspóideach. Céard a d’athraigh? Chuir an Ard-Chúirt cinneadh mhí Iúil ar ceal tar éis dúshlán cúirte ón Ord Oráisteach. Bhain rialú na cúirte le praiseach an Choimisiúin agus na botúin chórasacha a rinneadar seachas leis an gcinneadh as féin.

Thug sé deis don Ord Oráisteach iarratas nua a dhéanamh agus dianphlé a bheith acu leis an gCoimisiún. Comhairle ón PSNI gurbh fhéidir an ócáid a láimhseáil gan trioblóid ceann de na cúiseanna a thug an Coimisiún leis an athrú ar a gcinneadh. Ag an am céanna bhí an PSNI ag iarraidh fórsa cúltaca ón mBreatain chun a bheith faoi réir don pharáid.
Leis na hOráistigh ag fanacht ag Eaglais Dhroim Crí go bhfaighidís cead siúil agus na háitritheoirí ag cur cos i dtaca ar Bhóthar Gharbhachaidh is ar an gcóras polaitíochta a díríodh aird. Bunaíodh Coimisiún na bParáidí sna nóchaidí ionas nach mbeadh póilíní agus polaiteoirí freagrach as cinntí faoi mháirseálacha. Bhí feidhm leis an gcóras go dtí seo.
Sa chás reatha is ar an Státrúnaí Chris Bryant a thit an crann. Tá an t-údarás aige, faoin Acht, cinneadh a chealú nó féachaint le theacht ar chomhréiteach. Tar éis sraith cruinnithe leis na páirtithe, leis an Ord Oráisteach agus le hionadaithe ó áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh bhí súil le headránaí a cheapadh chun a theacht ar shocrú. Ní ribín réidh é sin. An nglacfadh na háitritheoirí le paráid theoranta amháin dá bhfaighidís barántas nach n-éileofaí a thuilleadh? An mbeadh na hOráistigh sásta é sin a dhéanamh? An áiteodh polaiteoirí orthu comhghéilleadh nó an bhfuil siadsan sáinnithe ina ndaingne féin? Nó an iad an tOrd agus na háitritheoirí atá ag déanamh ionramháil ar na polaiteoirí?
Más leide ar bith í an díospóireacht in Stormont faoin gconspóid tá oiread nimhe sa chóras is a choinneodh easaontas ag imeacht go deo. Thug an DUP fogha faoi Michelle O’Neill as a bheith gníomhach san léirsiú ar Bhóthar Gharbh Achaidh – sárú ar an dlí agus ar a móid oifige. Cuireadh seicteachas, fimíneacht agus gríosú chun foréigin in aghaidh an fhreasúra don pharáid. Bhí naimhdeas oscailte ar taispeáint. Ba é freagra Shinn Féin nach gcuirfí suas le ‘saoránacht den dara grád’ go deo arís. Ba chosúil go raibh Stormont ar an dé deiridh.
An gcuirfidh aighneas Dhroim Crí an mharbhfháisc air? Bheadh deireadh le gnóthaí mar is gnách, a dúirt an DUP ach ba chosúil gur próiseas fadtéarmach a bhí i gceist, gearáin oifigiúla faoi Michelle O’Neill agus baill eile de Shinn Féin chomh maith le baghcat ar choistí.
Theastaigh ó mhórán de lucht tacaíochta na paráide Stormont a scrios agus roinnt den bharúil gurb é sin atá taobh thiar d’athnuachan na conspóide. Chualathas daoine ag an léirsiú ag béicíl ‘leag é’ (bring it down) ar Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill. Níor léir go raibh cúrsa leagtha amach ag ceachtar den dá pháirtí mhóra agus iad araon faoi bhrú seachtrach chun éirí as Stormont ach amhras orthu an mbeadh buntáiste le baint acu féin as.
Fág freagra ar 'Léirigh Droim Crí go bhfuil oiread nimhe sa chóras a choinneodh easaontas ag imeacht go deo'