Camino Gaelach ar siúl ar an ‘Camino Ceilteach’ is nua sa tír

Bronnadh stádas oifigiúil ar ‘Camino Oileán an Ghuail’ i dTír Eoghain le deireanas. Beidh grúpa cainteoirí Gaeilge ag tabhairt faoin tslí i mí Lúnasa

Camino Gaelach ar siúl ar an ‘Camino Ceilteach’ is nua sa tír

Tá aitheantas oifigiúil ó Ardeaglais Santiago sa Spáinn faighte ag oilithreacht i gcúige Uladh den chéad uair agus ‘Camino Oileán an Ghuail’ i dTír Eoghain ina chonair oifigiúil de chuid an ‘Camino Ceilteach’ anois.

Beidh siúlóid oifigiúil do chainteoirí Gaeilge ar siúl ar an gconair nua an mhí seo chugainn agus deis ag Gaeil Uladh tús a chur lena dturas ar Camino de Santiago ina gcúige dúchais féin.

Tugtar aitheantas d’oilithreachtaí áirithe in Éirinn agus sa Bhreatain trí na heagraíochtaí Cumann Camino na hÉireann agus an Confraternity of Saint James (sa Bhreatain). Bhronn an Cumann Camino an stádas oifigiúil ar Camino Oileán an Ghuail le deireanas, rud a fhágann gur féidir na mílte a shiúltar i dTír Eoghain a áireamh agus oilithreach ag cur isteach ar compostela sa Spáinn.

Is é an compostela an teastas a bhronntar ar oilithrigh a shiúlann 100km ar a laghad ar Chonair Shéamuis Naofa agus a chríochnaíonn a dturas ag an ardeaglais in Santiago. Caitheann marcaigh agus rothaithe 200km a chur díobh leis an compostela a fháil.

Tugtar an ‘Camino Celta’ (Camino Ceilteach) nó ‘Camino Inglés’ (Camino Sasanach) ar an gcosán a shíneann ó A Coruña ar chósta na Gailíse ó dheas go Santiago. Níl an chonair sin ach 75km ar fad, áfach, agus ní mór d’oilithrigh an 25km a dhéanamh in Éirinn nó sa Bhreatain leis an compostela a fháil. Cuireadh Camino Oileán an Ghuail leis na naoi mbealach siúil eile atá aitheanta ag Cumann Camino na hÉireann is féidir a shiúl leis an teastas a fháil.

Is iad na cosáin eile a bhfuil an stádas oifigiúil acu in Éirinn: Cosán Oidhreachta Chruach Phádraig i Maigh Eo; Camino Cósta Bhré i gCill Mhantáin; Camino Ghleann na Bóinne i gcontae Lú; Tóchar Phádraig i Maigh Eo; Slí Ár Sinsear i gCiarraí; Camino Chiarraí i gCiarraí; Slí Chaoimhín i gCill Mhantáin; Slí Dhéagláin i bPort Láirge; agus Slí Fhionnbharra i gCorcaigh.

Ar an 16 Lúnasa beidh grúpa cainteoirí Gaeilge ag tabhairt faoin gcosán ciorclach 26.4km a thosaíonn agus a chríochnaíonn i Halla Naomh Pádraig in Oileán an Ghuail, ar bhruacha Loch nEathach.

Costas £30 (€35) atá ar an tsiúlóid eagraithe seo i nGaeilge (ach is féidir le duine ar bith an cosán a shiúl ina n-am féin). Clúdóidh an táille pas de chuid Chumann Camino na hÉireann, uisce, sólaistí ar an mbealach, an teastas, agus costais na seirbhísí garchabhrach a bheidh ar fáil ar an lá. Beidh bus ann do dhaoine nach n-éiríonn leo an turas iomlán a chur díobh freisin. Beidh roinnt leithris shealadacha ar fáil ar an mbealach ar an lá oifigiúil chomh maith.

Dála an Camino féin sa Spáinn, beidh sellos (stampaí) le bailiú ag na siúlóirí ag pointí áirithe feadh na slí. Tá 18 stampa oifigiúla ar fáil ar Camino Oileán an Ghuail in áiteanna a bhfuil baint mhór acu leis an stair agus an oidhreacht i dTír Eoghain.

Cuireadh Camino Oileán an Ghuail ar bun nuair a tháinig roinnt ball den ghrúpa meabhairshláinte Friends2Talk abhaile ón Spáinn agus iad “spreagtha leis an spiorad a bhaineann le El Camino de Santiago a thabhairt níos gaire don bhaile”.

“Tá an tslí deartha sa dóigh is go bhfuil sí measartha réidh, gan ach cúpla mala beag sna ciliméadair dheiridh, agus bíonn na taistealaithe spreagtha le tabhairt faoin bhealach seo, chan amháin mar aistear ar mhaithe le sult a bhaint as an tírdhreach, ach le teacht ar na céadta blianta den oidhreacht Chríostaí agus den oidhreacht áitiúil sa cheantar fosta,” a deir lucht eagraithe an Camino.

Fág freagra ar 'Camino Gaelach ar siúl ar an ‘Camino Ceilteach’ is nua sa tír'