Nach aisteach an scéal é faoi chomórtas ina bhfuil sé fhoireann déag páirteach go bhfuil an dá fhoireann céanna sa gcluiche ceannais don dara bliain as a chéile? Ní hamháin sin, ach is sa staid chéanna, Páirc an Chrócaigh, a bheas craobh an URC á imirt arís i mbliana.
Ní dóigh liomsa gur chun leasa aon chomórtas go mbíonn an lámh in uachtar ag an gcúpla foireann céanna ann. Ach sin mar atá!
Tráthnóna inniu, don dara bliain as a chéile, tabharfaidh Cúige Laighean, curaidh reatha an URC, faoi na Bulls, tánaistí na bliana seo caite, i gceanncheathrú CLG.
Ní haon iontas dá bhrí sin gurb iad Cúige Laighean rogha na coitiantachta. Tá sé chomh maith duit a rá gur acu atá buntáiste an bhaile agus go mbeidh mórchuid den slua ag tacú leo.
Mar sin féin, ní dóigh gur leor an buntáiste sin leis féin más leo an ceann is fearr a fháil ar na Bulls, foireann a chuir Glaschú ó dhoras i gcluiche thar a bheith fisiciúil i nDún Éideann coicís ó shin.
Bhí go leor ag súil le bua sách éasca do Ghlaschú. Go deimhin féin chuir Glaschú tús iontach leis an gcluiche, ag aimsiú aon phointe agus fiche, sin trí úd slánaithe acu sa gcéad chúig nóiméad fichead.
Níor éirigh leis na Bulls ach trí phointe a aimsiú sa tréimhse sin. Ach idir sin agus deireadh an chluiche cheil na Bulls aon deis scórála ar Ghlaschú agus d’aimsigh siad féin naoi bpointe dhéag. Chríochnaigh an cluiche 22-21 agus bhí na Bulls sa gcraobhchluiche arís.
Bhí cosán sách corrach ag Cúige Laighean ar an mbealach chuig cluiche ceannais an lae inniu. In ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu agus iad ag imirt i Staid Aviva, thug na Stormers dóthain le déanamh dóibh, sin nó gur thréig an smacht na cuairteoirí, agus gur ghéill siad cártaí dearga agus buí agus gan ach beagán le cois deich nóiméad fós le n-imirt. Níor scar ach dhá phointe na foirne ag an bpointe sin, Cúige Laighean chun cinn. Chinntigh úd Gibson Park agus an clog beagnach caite bua 20-11, d’fhoireann an bhaile cé nach raibh siad naoi bpointe níos fearr ná an freasúra, ná gar dó sin fiú amháin.
Tá an fhaisnéis sin ag na Bulls agus iad ag teacht go hÁth Cliath agus a ndrioball crochta go hard acu agus díoltas ar intinn acu de bharr an greadadh 32-7 a thug foireann an bhaile dóibh sa gcraobh anuraidh.
Is cinnte gur tháinig feabhas mór ar na Bulls ón am seo anuraidh agus ní haon bhréag nach bhfuil imirt Chúige Laighean ag an gcaighdeán céanna.
Sea, is deacair toradh a thuar. Is cinnte go mbeidh an choimhlint fisiciúil agus an-iomaíoch ón tús. Tá súil agam nach aon chinneadh réiteora a scarfaidh na foirne seo ag a dheireadh. Tá dóthain den scil, tallann agus taithí ag Cúige Laighean chun an beart a dhéanamh, sin má thagann siad amach agus iad ar an ionsaí ón tús.
Má theipeann orthu, seans gur faoin mbainisteoir Leo Cullen a bheas an chaint agus an anailís ar fad. Cúige Laighean i mo thuairimse. Níl an dara rogha acu féin ná ag Leo.
Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS AN URC: Tabharfaidh Cúige Laighean leo an chraobh – níl an dara rogha acu féin ná ag a mbainisteoir'