AN POST: Geansaí Árann ar stampaí nua de chuid An Post

Deir An Post go bhfuil geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le blianta fada

AN POST: Geansaí Árann ar stampaí nua de chuid An Post

Tá geansaithe cáiliúla Árann le ceiliúradh ag An Post agus stampaí nua le seoladh inniu. Beidh stampa náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil agus dhá dhearadh ar leith leis an maisitheoir Sally Caulwell orthu.

Ar an stampa náisiúnta, léirítear na bioráin chniotála agus an ceirtlín olla agus an geansaí á chniotáil. Ar an stampa idirnáisiúnta, tá an geansaí críochnaithe le feiceáil.

Deir An Post go dtugtar “léargas ar an gceird féin” sna stampaí agus go gcuirfidh siad “sárcheardaíocht na hÉireann os comhair an domhain mhóir”.

“Tá geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le glúnta anuas. Ceiliúrann an tsraith stampaí seo oidhreacht shaibhir na n-oileán agus an scil a bhaineann leis an gceardaíocht.

“Léiríonn sí freisin an spéis leanúnach atá ag lucht faisin idirnáisiúnta i bhfaisin [atá] inbhuanaithe agus buan,” a dúirt Julie Gill ó An Post.

Dúradh ag seoladh na stampaí nua go bhfuil “borradh úr” faoi gheansaí Árann le blianta beaga anuas agus spéis á cur ag leithéidí Taylor Swift agus Chris Evans san fhaisean Éireannach.

“Tá borradh úr faoin stíl arís anois, agus lúthchleasaithe na hÉireann ag caitheamh cniotáil thraidisiúnta Árann ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i Milano agus Cortina faoi láthair.

“Cuireann an eisiúint seo béim shoiléir ar fhaisean inbhuanaithe. Déantar geansaithe Árann as olann atá 100% nádúrtha agus in-bhithmhillte – rogha bhuan i gcoinne an fhaisin thapa,” a dúirt urlabhraí ó An Post.

Fág freagra ar 'AN POST: Geansaí Árann ar stampaí nua de chuid An Post'