Laghdú beag ar fhostaíocht sa nGaeltacht in 2025 de réir figiúirí an Údaráis

Deir Údarás na Gaeltachta go raibh díreach os cionn 9,700 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí sa nGaeltacht faoi dheireadh 2025 agus go raibh díolachán os cionn €1 billiún ag na comhlachtaí sin

Laghdú beag ar fhostaíocht sa nGaeltacht in 2025 de réir figiúirí an Údaráis

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil cúrsaí fostaíochta sa nGaeltacht “seasmhach” agus laghdú beag tagtha ar líon na ndaoine atá fostaithe ag cliantchomhlachtaí na heagraíochta le bliain anuas.

De réir Ráiteas Deireadh Bliana 2025 an Údaráis, a foilsíodh inniu, bhí 9,716 duine fostaithe ina gcliantchomhlachtaí ar fud na Gaeltachta faoi dheireadh na bliana seo caite. Titim bheag é sin ar an 9,743 a bhí i gceist ag deireadh 2024.

Is é seo an chéad ghlanlaghdú a tháinig ar líon fostaithe chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ó 2020.

Bhí ardú i gceist ar líon na bhfolúntas i gcliantchomhlachtaí idir deireadh 2024 agus deireadh 2025 – ó 196 go dtí 214 – ach tháinig laghdú níos suntasaí ar líon na bpost nua a cruthaíodh sa nGaeltacht. De réir figiúirí an Údaráis, cruthaíodh 869 post nua sa nGaeltacht in 2024 ach thit sé sin go dtí 681 anuraidh, titim 22%.

Níl aon bhriseadh síos tugtha ag an Údarás maidir le cé mhéad den 9,716 post ar fad a bhí lánaimseartha agus cén líon a bhí páirtaimseartha.

Tháinig méadú ar líon na bhfostaithe i nGaeltacht Dhún na nGall (+2%), na Mí (+3%), Mhaigh Eo (+1%) agus Phort Láirge (+1%) ach laghdú a bhí i gceist i nGaeltacht na Gaillimhe (-1%), Chiarraí (-2%) agus Chorcaí (-3%).

Deir an tÚdarás go raibh díolacháin os cionn €1 billiún ag cliantchomhlachtaí in 2025. Ba in 2024 a sáraíodh an marc sin den chéad uair. Meastar go bhfuil fás 43% tagtha ar na díolacháin iomlána ó 2015.

Chuir Aire na Gaeltachta Dara Calleary fáilte roimh ráiteas dheireadh bliana an Údaráis agus dúirt sé go raibh “éacht suntasach” déanta ag an eagraíocht.

Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt an tAire go raibh súil aige go mbeadh Bille Údarás na Gaeltachta imithe tríd an Oireachtas sula dtéann an Dáil ar scor don samhradh.

Tá sé i gceist na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais faoin reachtaíocht sin ach ní raibh an tAire in ann a rá cén uair a fhillfeadh na toghcháin seachas go mbeadh siad ann roimh 2030.

“Tá sé geallta againn sa chlár rialtais go mbeidh toghchán díreach chuig bord an Údaráis. Tá [filleadh na dtoghchán] thar a bheith tábhachtach dom, ní hamháin mar aire, bhí sé tábhachtach dom sa bhfreasúra freisin. Mar a dúirt mé, tá clár rialtais againn le [haghaidh] cúig bliana. Beidh toghcháin an Údaráis ag tarlú i rith an chláir rialtais sin,” a dúirt an tAire ar an gclár Adhmhaidin.

Tá sé i gceist cumhachtaí maidir le cúrsaí tithíochta a thabhairt don Údarás faoin mbille céanna agus dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Tomás Ó Síocháin go ndearnadh “dul chun cinn ar cheist na tithíochta” sa nGaeltacht in 2025.

Dúirt sé go bhfuil súil le cead pleanála a lorg do thithíocht “ar thrí shuíomh i dtrí chontae éagsúla i rith 2026 agus tograí eile sna sála air sin do 2027″.

Tá an tÚdarás ag obair ar shuíomhanna dá chuid sa Rinn i bPort Láirge, ar an gCeathrú Rua i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall le cúpla bliain anuas chun tithíocht a fhorbairt orthu.

Deirtear sa ráiteas deireadh bliana go ndearnadh breis is €18 milliún d’infheistíocht i maoin na heagraíochta anuraidh agus uasghrádú déanta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Ionad Pobail Mhaigh Cuilinn agus Campas Íosagáin i measc na dtograí móra.

Tháinig méadú suntasach ar líon na rannpháirtithe a chláraigh le Scéim na bPrintíseach in 2025, ó 32 in 2024 go dtí 72 anuraidh. Bíonn réimse leathan ceirde i gceist sa scéim.

Tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhíonn ag obair in ionaid gteic an Údaráis ar fud na tíre ó 465 in 2024 go dtí 436 in 2025.

Deirtear sa ráiteas go bhfuil trí cinn de gteiceanna nua – gteic Champas Íosagáin i mBaile Bhuirne, gteic Thoraí agus gteic Bhaile na Finne i nDún na nGall – le hoscailt sa gcéad ráithe den bhliain seo. Fágfaidh sin go mbeidh 32 mol ag feidhmiú ar fud na gceantar Gaeltachta. Tá aonad nua le forbairt san ionad gteic sa Daingean chomh maith agus súil le tús a chur leis an obair sin san earrach.

Sheol an tÚdarás chomh maith Scéim Forbartha Gaeilge dá gcliantchomhlachtaí le linn 2025. Tá an scéim dírithe ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn in obair na gcomhlachtaí.

Chláraigh 15 comhlacht, a bhfuil 1,139 fostaí ag obair iontu, don scéim anuraidh agus bhí súil le cúig chomhlacht eile a chlárú roimh dheireadh mhí Eanáir.

De réir eolas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil cheana, tá an scéim dírithe ar chomhlachtaí Gaeltachta ina bhfuil 30 duine nó níos mó ag obair iontu agus tá maoiniú idir €5,000 agus €10,000 á chur ar fáil “chun gníomhaíochtaí teanga-dhírithe a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn sa ghnó”.

Fág freagra ar 'Laghdú beag ar fhostaíocht sa nGaeltacht in 2025 de réir figiúirí an Údaráis'