30 naíonra ag feidhmiú i mBéarla sa Ghaeltacht

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cur tacaíocht ar fáil do 30 naíonra atá ag feidhmiú i mBéarla sa Ghaeltacht Oifigiúil

30 naíonra ag feidhmiú i mBéarla sa Ghaeltacht

Tá 30 naíonra ag feidhmiú i mBéarla sa Ghaeltacht. Thug príomhfheidhmeannach Comhar Naíonraí na Gaeltachta le fios i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo go bhfuil cuid den €3.74 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta dóibh á caitheamh le “tacaíochtaí praiticiúla teanga-bhunaithe” a sholáthar do sheirbhísí luathbhlianta atá ag feidhmiú “trí Bhéarla sa Ghaeltacht”.

Dúirt Ray Mac Pháidín le Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais go bhfuil Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cur “tacaíocht agus comhairle” ar fáil do “suas le 30 seirbhís” atá “ag feidhmiú trí Bhéarla” i gceantair éagsúla Ghaeltachta. Mhaígh sé gurb í aidhm a eagraíochta na hionaid sin a “aistriú i dtreo na Gaeilge”.

“Tá dul chun cinn mór déanta ar an tionscadal seo agus tá deis againn anois cur leis na tacaíochtaí seo mar go bhfuil nasc agus ceangal láidir cruthaithe againn leis na seirbhísí.

“Caithfear leanúint ag obair ar an tionscadal seo chun seirbhísí tábhachtacha tacaíochta teanga a chur ar fáil sna seirbhísí agus é mar sprioc iad a aistriú i dtreo na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dheimhnigh sé don choiste go bhfuil 805 páiste Gaeltachta i 30 ionad ag fáil a gcuid luathoideachais i mBéarla taobh istigh den Ghaeltacht Oifigiúil. Tá a bhformhór acu sin i nGaeltacht na Gaillimhe, mar a bhfuil 457 páiste ag freastal ar 19 ionad luathoideachais a fheidhmíonn i mBéarla. Is i nDún na nGall atá an dara grúpa is mó agus 191 páiste Gaeltachta ansin ag freastal ar shé ionad Béarla.

Tá an chuid eile roinnte idir Gaeltacht Chiarraí, mar a bhfuil 91 páiste Gaeltachta ag freastal ar thrí ionad luathoideachais lán-Bhéarla, agus Gaeltacht Mhaigh Eo, mar a bhfuil 66 páiste ag freastal ar dhá ionad nach bhfeidhmíonn i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Mac Pháidín freisin go gcaithfear “seirbhísí seachtracha” a bheith ar fáil i nGaeilge le tacú le seirbhísí luathbhlianta atá ag feidhmiú sa teanga sin agus chun “ardchaighdeán cigireachta agus measúnaithe” a chinntiú sna seirbhísí luathbhlianta Gaeltachta.

Fág freagra ar '30 naíonra ag feidhmiú i mBéarla sa Ghaeltacht'