Marcas Mac Coinnigh agus Róisín Ní Ghairbhí (eag.).
LeabhairCOMHAR, 2025
Cuireadh tús le léann na scannán sa Ghaeilge breis agus seachtó bliain ó shin nuair a d’fhoilsigh an craoltóir agus an léirmheastóir scannán Proinsias Ó Conluain an dá leabhar cheannródaíocha, Scéal na Scannán (1953) agus Ár Scannáin Féin (1954). Cé go bhfoilsítí léirmheasanna scannán go rialta thar na blianta sna meáin Ghaeilge, is ó lár na 1990idí ar aghaidh atá taighde acadúil á dhéanamh ar fhísealaíona na Gaeilge, agus níl amhras ar bith ach gurb é an borradh earnála agus an fhuascailt cruthaitheachta a lean bunú TG4 sa bhliain 1996 a spreag cuid mhaith mhór den taighde sin.
Tagann an leabhar nua seo chugainn sna sála ar an sárchnuasach aistí An Cailín Ciúin ag teacht in inmhe: Scannánaíocht na Gaeilge á hathghabháil: Léachtaí Cholm Cille 54 (2024), in eagar ag Tracey Ní Mhaonaigh, agus ar leabhar tábhachtach taighde a bhaineann leis an tréimhse roimh bhunú TG4, Drámaíocht ar an Scáileán: Scannáin i nGaeilge, 1951-96 (2025) le Tomás Ó hÍde. Trí cinn déag d’aistí téagartha critice atá in Scannánaíocht na Gaeilge, maille le Réamhrá cuimsitheach leis na heagarthóirí agus aiste téarmeolaíochta. Níl stair na scannánaíochta Gaeilge ríofa ina hiomláine sa leabhar, ach tá trácht agus anailís den chéad scoth ann ar chuid de na saothair, na pearsana agus na téamaí is suntasaí i scéal na scannán Gaeilge le beagnach céad bliain anuas.
Pléann an aiste le Muiris Ó Meara (1972-2014), a céadfhoilsíodh in Comhar sa bhliain 2009, ceist chigilteach na barántúlachta i scannáin a fhéachann le saol na Gaeltachta a léiriú, agus cuireann sé an íomhá rómánsúil a chruthaigh lucht scannán ón taobh amuigh i gcomparáid leis an léiriú atá le fáil i saothar scannánóirí a bhí ag obair trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Díríonn an aiste go háirithe ar na scannáin Man of Aran (1934) le Robert Flaherty, The Islandman (1938) le Patrick Heale (scannán, bunaithe ar scéal le Dónal Ó Cathail ó Chill Airne, atá lonnaithe den chuid is mó ar an mBlascaod Mór agus ar tugadh na hainmneacha West of Kerry, Eileen Aroon agus Men of Ireland freisin air) agus Poitín (1978) le Bob Quinn. Tá gnéithe d’áiteamh Uí Mheara conspóideach, rud a aithníonn sé féin, ach meabhraíonn a chur chuige comparáideach dúinn nach féidir an comhthéacs inar cruthaíodh ‘ár scannáin féin’ a dhealú riamh ó ‘scéal na scannán’ i gcoitinne, ná ón ról a shamhlaítear le mionteangacha agus le réigiúin imeallacha sa mhórscéal sin.
Déanann an aiste le Seán Crosson mionscagadh ar an gcumadóireacht i scannán Flaherty Man of Aran, agus go háirithe ar an gcaoi ar chuir an stiúrthóir Meiriceánach gnéithe de shaol na n-oileánach as a riocht go mór d’fhonn teachtaireacht lárnach an laochais rómánsúil a chur abhaile. Más go fann atá Gaeilge Árann le cloisteáil sa scannán sin, is mar ghlór láidir náisiúnta atá an Ghaeilge le cloisteáil, taobh le ceol caithréimeach Sheáin Uí Riada, mar chuid d’fhuaimdhreach drámatúil an scannáin Mise Éire (1959).
Meabhraíonn aiste Mharcais Mhic Coinnigh dúinn, áfach, gurbh é an coinníoll teanga a leag an eagraíocht teanga Gael Linn síos sa choimisiún scannánaíochta a bhronn siad ar an stiúrthóir George Morrison a chinntigh gur i nGaeilge a dhéanfaí agus a chraolfaí an scannán. Pléann Mac Coinnigh teicnící an scannáin agus maíonn sé gur fheidhmigh sé ar feadh i bhfad mar lieu de mémoire a mhúnlaigh an chuimhne chultúrtha ar bhlianta na réabhlóide.
An gaol idir fís agus fuaim i scannán Pat Collins, Song of Granite (2017), atá faoi chaibidil in aiste Róisín Nic Dhonncha. Áitíonn sí gur saothar ealaíonta é a thrasnaíonn an bhearna idir insint agus eispéireas. Agus an suíomh ag athrú ‘ó airneán go hardán go hacadamh’, is ar chleachtadh na fonnadóireachta atá an fócas tríd síos, seachas ar mhionsonraí beatha Sheosaimh Uí Éanaí, an fonnadóir arb é pearsa lárnach an scéil é.
Tá cúrsaí ceoil lárnach sa scannán Kneecap (2024) ach is é comhthéacs soch-chultúrtha an scannáin atá faoi threis san aiste ag Fionntán de Brún. Maíonn sé gur scannán grinn é a thugann cúl le léirithe seanbhunaithe ar Bhéal Feirste na dTrioblóidí d’fhonn cultúr agus easumhlaíocht na n-óg a cheiliúradh. Admhaíonn de Brún gur den íoróin é gur Sasanach a bhfuil saoránacht Éireannach anois aige a stiúir an scannán seo ina n-úsáidtear an Ghaeilge agus an ceol mar mheáin chumhachtacha féinléirithe.
Pléann dhá cheann de na haistí go sonrach le scannáin ficsin Bob Quinn. Léamh cuimsitheach sochpholaitiúil is ea a dhéanann Jerry White ar an scannán Caoineadh Airt Uí Laoire (1975), á lonnú i gcomhthéacs áitiúil (tiomantacht Quinn do Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta), náisiúnta (an choimhlint ó thuaidh agus polaitíocht Sinn Féin Oifigiúil, a rinne urraíocht ar an scannán) agus idirnáisiúnta (cleachtais na gluaiseachta ‘frithchineama’ ar bhain stiúrthóirí iomráiteacha ar nós Jean-Luc Godard léi).
Díríonn Caoimhín Mac Giolla Léith ar léirithe ar chúrsaí inscne in Caoineadh Airt Uí Laoire, sa scannán ficsin Poitín agus sa dá scannán a chruthaigh Quinn timpeall ar úrscéal Phádraig Standún, Súil le Breith (1983): Budawanny (1987) agus The Bishop’s Story (1993), leagan leasaithe de Budawanny. Tarraingíonn Mac Giolla Léith ár n-aird ar an léargas fireannach atá chun tosaigh sna scannáin seo ar fad, ach pléann sé freisin an casadh a bhaineann Quinn as íomhá thraidisiúnta an teaghlaigh Éireannaigh. Meabhraíonn an dá aiste seo a thábhachtaí is atá Quinn i scéal na scannánaíochta Gaeilge. Tá aird chriticiúil tuillte ag a chuid scannán faisnéise freisin, agus ábhar taighde ann féin é ról cultúrtha agus polaitiúil a chomhlachta Cinegael.
Is mionanailís ar scannáin atá bunaithe ar shaothair ficsin iad an aiste le Radvan Markus ar scannán Robert Quinn Cré na Cille (2007) agus an aiste le Róisín Ní Ghairbhí ar an scannán le Colm Bairéad An Cailín Ciúin (2022), athchóiriú ar nóibhille Claire Keegan, Foster (2010).
Díríonn aiste Don Duncan ar scannán Tom Collins Kings (2007), atá bunaithe ar an aistriúchán Gaeilge a rinne Micheál Ó Conghaile ar dhráma stáitse Jimmy Murphy The Kings of the Kilburn Highroad (2000). Pléann na haistí seo go léir tábhacht agus éifeacht na gcinntí eagarthóireachta agus stiúrthóireachta a bhí le déanamh, cinntí teanga agus canúna chomh maith le cinntí a bhain le suíomhanna fisiciúla an scéil. Leagann Markus béim mhór ar an gcóiriú féin mar phróiseas aistriúcháin.
Aithníonn a aiste an réasúnaíocht taobh thiar de chinntí stiúrthóireachta a d’aibhsigh gnéithe áitiúla agus mianach grinn an bhunscéil, ach maíonn sé go bhfuil scóip do léirithe de chineálacha eile a thabharfadh aitheantas níos mó d’ilghnéitheacht agus d’idirnáisiúntacht ealaín Uí Chadhain.
Mórbhua de chuid an leabhair seo, agus ní a bhronnann luach ar leith air, is ea an chaoi a dtarraingíonn na haistí ar thaithí agus ar thuiscintí cleachtóirí. Bua eile is ea an t-aitheantas a thugtar don ghaol idir forbairtí i réimsí na drámaíochta stáitse agus na dtaibhealaíon i gcoitinne agus forbairtí i réimsí na teilifíse agus na scannánaíochta.
Tagann an dá ghné sin le chéile san aiste fhéineitneagrafaíoch le hAodh Ó Coileáin, ina ríomhann sé an chomaoin a chuir daoine agus eagraíochtaí ar leith ar a chonair chruthaitheach féin mar scannánóir, ina measc: an scéalaí Éamon Kelly, an fonnadóir Duibhneach Seán de hÓra, an tAthair Tomás Ó hIceadha agus Aisteoirí Bhréanainn a chuir leaganacha Gaeilge de ghearrdhrámaí Beckett ar an stáitse i gCorca Dhuibhne, Siamsa Tíre i dTrá Lí ina bhfaca Ó Coileáin Waiting for Godot den chéad uair, Pictiúrlann an Phoenix sa Daingean, a thug post samhraidh dó, cúig bliana as a chéile, agus é ina dhéagóir.
Faighimid léargas luachmhar earnála freisin san aiste le Seán Breathnach faoi ghearrscannáin na Gaeilge. Míníonn an aiste an comhthéacs maoinithe a chothaigh an ghearrscannánaíocht ach meabhraíonn an t-údar freisin dúinn gur chóir an gearrscannán a aithint mar sheánra ar leith, seachas mar mhodh nó mar ghléas oiliúna, tuiscint a chothaigh cuid de na scéimeanna sin.
Is léir go raibh sé ar intinn ag eagarthóirí an leabhair seo go mbeadh sé in úsáid ag mic léinn ollscoile, ag múinteoirí agus ag lucht taighde. Chomh maith leis an ngnáthliosta foinsí a mbeifí ag súil leis ag deireadh aiste léannta, iarradh ar na scríbhneoirí sonraí craolta na scannán a thabhairt agus gearrliosta anótáilte a chur ar fáil de na príomhfhoinsí tagartha ar an ábhar a bhí faoi chaibidil acu.
Is mór an áis do léitheoirí na hacmhainní breise sin. Anuas air sin, san aiste téarmeolaíochta ag Eilís Ní Dhúill pléitear feidhmeanna gníomhaireachtaí agus scéimeanna éagsúla agus soláthraítear gluais a mhíníonn cuid de na téarmaí teicniúla agus critice is minice a úsáidtear i ngort gairmiúil agus acadúil na scannánaíochta. Cé go bhfuil an tsaintéarmaíocht sin in úsáid sa leabhar seo, agus ardréim acadúil i bhfeidhm tríd síos, tá na haistí go léir scríofa i stíl shoiléir sholéite sa chaoi go mbainfidh duine ar bith a chuireann spéis sna scannáin taitneamh agus tairbhe astu.
Is gort bisiúil taighde é an gort seo léinn anois sa Ghaeilge agus tugann na heagarthóirí le fios sa réamhrá go bhfuil imleabhar eile á réiteach acu a rachaidh i ngleic le gnéithe den scéal nár tháinig faoi raon an tsaothair áirithe seo. Leagtar amach clár oibre uaillmhianach sa réamhrá agus luaitear cuid de na foinsí is luachmhaire atá ar fáil don taighdeoir. Tá LeabhairCOMHAR le moladh go mór as foilseachán mealltach ardchaighdeáin a chur amach a dhearbhaíonn arís eile tábhacht na scannánaíochta Gaeilge mar chleachtas cultúrtha agus mar mheán ealaíne.
Fág freagra ar 'Foilseachán mealltach ardchaighdeáin a dhearbhaíonn arís eile tábhacht na scannánaíochta Gaeilge'